Page:An Craos-Deamhan - Peadar Ua Laoghaire.pdf/74

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.
66
An Craos-Deaṁan.

raiḃ an sgéal le h-innsint dóiḃ, bríġ na cainte. Nuair a ġeiḃeaḋ an t-é ḃíoḋ le croċaḋ an aisge, agus nuair a h-iartí air an aisge ḃíoḋ uaiḋ d’innsint, ḋiúl- tuiġeaḋ sé d’í ḋ’innsint go dtí go dtugtí deiṁne ḋó go ḃfaġaḋ sé í. Taisbeánan san gur ḃ’é a ċeart, do réir nóis na tíre, an deiṁne sin d’ḟáġail. Mura mbéaḋ go raiḃ san aṁlaiḋ ní ċuiṁneóċaḋ an sgéalaiḋe i n-aon ċor air. Dá gcuiṁniġeaḋ sé as a ṁaċtnaṁ féin air, agus dá gcuireaḋ sé sa sgéal é, ní tuigfí a ċaint agus is aṁlaiḋ a béiḋfí ag magaḋ fé.

Nuair a léiġid cuid d’ár sgoláirí an sgéal anois téiḋean sé sa ṁuilean orṫa.

"Is ait an níḋ é seo,” adeirid siad leó féin.

"Duine a d’iaraiḋ aċainiġe orm, agus ansan é ag cur ceangal agus constaicí orm ċóṁ maiṫ agus nár ḃ’ aċainiġe i n-aon ċor a ḃéaḋ uaiḋ aċ rud éigin a ḃéaḋ le fáġail aige gan ḃuiḋeaċas dom! Ní ṁeasaim gur ḋaoine ró ċiallṁara muintir na h-Éirean sa tsean aimsir sin."

Tá go breaġ, a sgoláire. Ná bíoḋ aon iongnaḋ ort mé ’ġá ráḋ leat náċ iad muintir na h-Éirean a ḃí gan ċiall an uair sin aċ gur tusa atá gan tuisgint anois. Ḃí nós áiriġṫe sa tír seo, agus ṫall i Sasana, tá suim bliaġanta ó ṡin ann. Tá an nós beó borb, ṫall sa ḃFrainc fós. Do réir an nóis sin, dá mbéinn ag gaḃáil an ḃóṫair ar mo ṡuaiṁneas, gan aon ċur isteaċ ná amaċ agam ’á ḋéanaṁ ar aoinne beó, agus go dtiocfaḋ rascail suas ċugam agus go gcaiṫfeaḋ sé seile idir an dá ṡúil orm, gan ċúis gan áḋḃar, ḃéaḋ orm seasaṁ i lár páirce agus caoi ṫaḃairt do’n ras- cail sin ar ṗléar a ċur tré m’ċroíḋe! Cad deirir leis sin, a sgoláire? Cé ’cu is mó an ċiall atá sa nós san nó sa nós úd a ṫug do Ṁac Conglinne caoi ar