Page:An Craos-Deamhan - Peadar Ua Laoghaire.pdf/72

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.
64
An Craos-Deaṁan.

amaċ a ṫeanga agus d’iompuiġeaḋ sé an ḃileóg le n-a ṫeangain.

"Nár ḃ’usa ḋuit, a ṁic léiġinn,” arsa Caṫal, "do ṁéar a ḟliuċaḋ agus an ḃileóg d’iompáil léi ’ná ḃeiṫ ag síneaḋ do ṫeangain amaċ ar an gcuma san?"

"Ní h-usa, a ríġ,” arsa ’n mac léiġinn, “mar ní’l oiread fliuċra am’ béal agus do ḟliuċfaḋ mo ṁéar. Táim seirgṫe, triomuiġṫe ó’n slógaḋ so a ḃíon coit- ċianta ag gluaiseaċt amaċ go h-imeal an tsaoġail ag marḃaḋ daoine. Ní’l ionam aċ mar a ḃéaḋ smut d’ḟaḃra na bulóige agus é súiġte le teine agus le luaiṫ agus le deataċ, ’na ċrústa ċruaiḋ ṫirm. Ní’l blúire ime ná saille ná feóla agam, ná aon ḃraon díġe mura n-ólainn bolmac d’uisge leaṁ an loċáin; i dtreó go ḃfuilim gan lúṫ gan neart gan fuin- neaṁ; agus mar ḃarra ar gaċ ndonas, an slógaḋ!"

"Dar Barra,” arsa Caṫal, “aċ ní ḃéiḋ san le ráḋ airís agat-sa ná ag aoinne eile de d’ ġairm beaṫa. An ḟaid a ḃéad-sa beó ní h-iarfar airís ar ċléireaċ dul ar aon tslógaḋ liom."

Go dtí san ḃíoḋ ar ċléireaċaiḃ dul ar gaċ slógaḋ le ríġ Éirean mar aon ḟear eile, agus do ḃain Caṫal díoḃ an uair sin é.

Ċuir sé a ḃeannaċt ríġ ar Imliuċ, gan an áit a ḃeiṫ ċoíḋċe gan flúirse mion-aráin do ḋeóraiṫiḃ ann.

Ba ṁaiṫ an ḃail ar Ṁac Conglinne an báiḋ san a ḃeiṫ ag Caṫal do ṁacaiḃ léiġinn.