Page:An Craos-Deamhan - Peadar Ua Laoghaire.pdf/71

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.
63
An Craos-Deaṁan.

Do rug sé ar an seiṫe agus do steall sé na h-uḃlá ar fuid an úrláir. Do ḋuḃ a ġnúis le feirg. Do súġaḋ súil leis siar ’na ċeann i dtreó ná taḃarfaḋ peata cuirre as í. Do leaṫ an tsúil eile gur ḋóiċ leat go raiḃ sí ċóṁ mór le h-uḃ circe, agus í ag spréaċarnaiġ le feirg. D’imṫiġ sé anonn go dtí an ċaṫaoir ríoga, agus ċaiṫ sé é féin ’na ṡuiḋe inti, agus le linn suiḋte dó inti ṫug sé a leiṫéid d’únḟairt dó féin gur ċriṫ an ríġ-ṫeaċ go léir.

Do léim Mac Conglinne anonn láiṫreaċ agus ċaiṫ sé é féin ar an dtalaṁ ar aġaiḋ Ċaṫail amaċ.

"Úṁluiġim duit, a ríġ,” ar seisean, “do ċos ar mo ġruaḋ! Ná cuir do ṁallaċt orm! Ná bain neaṁ díom!"

"Cad ċuige ḋuit é ḋéanaṁ, a ṁic léiġinn?” arsa Caṫal.

"D’eiriġ aréir idir mé féin agus muintir Ċorcaiġe agus ċuireadar a mallaċt ó ċroíḋe orm. Siné fé ndeara dom é ḃeiṫ de ṁí-áḋ orm an méid seo ḋéanaṁ."

"Eiriġ as, a ṁic leiġinn,” arsa Caṫal, “aċ dar Imliuċ Íḃair, dá mba ḃéas dóṁ-sa mac léiġinn a ṁarḃaḋ ḃéaḋ teaċt gan imṫeaċt ort."

Innsean an seana leaḃar cad é an ċúis an dearḃ- ugaḋ san a ḃeiṫ ag Caṫal ’na ḃéal. Nuair a ḃíoḋ sé ag imṫeaċt ar fuid na dúiṫe ag lorg bíḋ, agus a ḃrat oḋar uime, agus a ċlaiḋeaṁ ḟada ċruaiḋ ḋíreaċ ’na láiṁ ċlé aige, is i n-Imliuċ Íḃair a ġeiḃeaḋ sé a ḋóiṫin mion-aráin le n-iṫe. Ṫáinig sé lá, i n-Imliuċ Íḃair, go tiġ mic léiġinn a ḃí ann. Do cuireaḋ carn mór aráin os a ċóṁair. Ḃí Caṫal ag iṫe an aráin. Ḃí an mac léiġinn ag léiġeaḋ a leaḃair. Nuair a ḃíoḋ leaṫanaċ de’n leaḃar léiġṫe ag an mac léiġinn, i n-inead na bileóige d’iompáil le n-a ṁéir, is aṁlaiḋ a ṡíneaḋ sé