Page:An Craos-Deamhan - Peadar Ua Laoghaire.pdf/69

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.
61
An Craos-Deaṁan.

Mac Conglinne. “An ċéad níḋ ḋíoḃ,” ar seisean, "Caṫal mac fíor-áluinn Finguine, árdríġ Mór-Leiṫe Moġa Nuaḋat, árd ċosnaṁaiḋe Éirean i n-aġaiḋ Ċlainne Ċuinn Ċéadċaṫaiġ, fear do h-óirdneaḋ ó Ḋia agus ó ḋuiliḃ, laoċ saor so-ċinéalaċ d’Eóganaċt gríḃḋa Gleannaḃraċ ó ċinéil a aṫarḋa, a olcas liom-sa é ḋ’ḟeisgint ag iṫe bíḋ i n’aonar. Agus an tarna níḋ,” ar seisean, “dá mbéaḋ daoine anso indiu ó ḋúṫaiḃ iasaċta, ag teaċt ċun aċainíġe nó aisge nó faḃar d’iaraiḋ ar an ríġ, go ndéanfaidís iongnaḋ ḋé mura ḃfeicfidís m’ulċain-se ag cóṁsgísaċtaiġ le t’ul- ċain-se."

"Is fíor!” arsa Caṫal, agus ṫug sé uḃall do Ṁac Conglinne, agus le n-a linn sin do ṡáiḋ sé dó no trí d’uḃlaiḃ isteaċ ’na ḃéal féin.

Do leaṫ a ḃéal agus a ḋá ṡúil ar an uile ḋuine d’á raiḃ láiṫreaċ nuair a ċonacadar Caṫal ag taḃairt an uḃaill sin do’n ṁac léiġinn. I gcaiṫeaṁ na dtrí leaṫ ḃliaġan ’na raiḃ an deaṁan i ngoile Ċaṫail, oiread agus uḃall, ná aon ḃlúire eile bíḋ a ṫárla ’na láiṁ, níor sgar sé leis gur ċuir sé ’na ḃéal féin é. Dar leó go léir, dob’ éaċtaċ an gníoṁ dó an t-uḃall san a ṫaḃairt do’n ċleasaiḋe.

Ċuir Mac Conglinne an t-uḃall ’na ḃéal, agus ba ró ġearr an ṁoill air é ṁeilt.

"Is fearr ḋá uḃall ’ná aon uḃall aṁáin sa ṁuil- ean so,” ar seisean.

Ċuir Caṫal an tarna h-uḃall ag ruiṫ fan an úrláir ċuige. Ḃí an t-uḃall san ’na ḃéal agus iṫte ag Mac Conglinne ar leagaḋ na súl.

"Uiṁir na Tríonóide!” arsa Mac Conglinne. Ḃí ’ḟios aige an uraim a ḃeiṫ ag Caṫal do’n Ċreideaṁ.

Ṫug sé an tríṁaḋ h-uḃall dó.