Page:An Craos-Deamhan - Peadar Ua Laoghaire.pdf/67

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.
59
An Craos-Deaṁan.

“Agus cad é an deiṁne ba ṁaiṫ leat ḟáġail air go ḃfaġfá na caoire?” arsa Piċán. “Cad é an tacaiḋ- eaċt a ḃéaḋ uait?"

"An tacaiḋeaċt is gnáṫ le ríġ a ṫaḃairt ins na fiaċa a ḃíon air,” arsa Mac Conglinne. “A ḃriaṫar féin go cuirfiḋ sé m’éileaṁ i ḃfeiḋm, agus go ndéan- faid bruġaiḋ agus filí agus luċt cáinte caḃruġaḋ leis sa ġnó go dtí go mbéiḋ mo ċuid taḃarṫa ḋom sa n-iomláine. Gan órduġaḋ ó’n ríġ ní adṁóċfaí m’eileaṁ. Gan caḃruġaḋ ó uaisliḃ na tíre d’ḟanfaḋ mo ċuid amuiċ uaim. I n-aiṁḋeóin gaċ díċil ḃéaḋ daoine ná taḃarfaḋ uaṫa an ċaora ḃán úd mura gcurfaí eagal orṫa. D’á ḃríġ sin ní foláir dom filí agus luċt cáinte ċun idir ríġ agus uaisle agus daoine d’aoireaḋ agus do ċáineaḋ agus do ġearraḋ mura ndíoltar m’ḟiaċa liom sa n-iomláine."

"Ġeaḃair gaċ níḋ ḋíoḃ san, a ṁic léiġinn,” arsa Piċán. Ansan do naisg Mac Conglinne ar Ṗiċán na coinġíll sin go léir, agus do ċeangal Piċán é féin ċun na gcoinġíoll go léir do ċóṁlíonaḋ.

Um an dtaca ’na raiḃ an méid sin déanta ḃí aimsir dínnéir ann. Ḃí na h-uaisle go léir ag cruinniuġaḋ i dtreó an tseómra ṁóir, seómra an ḃíḋ, agus ḃí Caṫal ar an gcéad duine ċuaiḋ isteaċ ann. Ḃí, mar ba ġnáṫ, na h-uḃla ar na seiṫíḃ, ċun tusnuiġṫe. Ṫug Caṫal aġaiḋ ar na h-uḃlaiḃ, agus deir an seana leaḃar nár ṫug sé uain d’á ṡeirḃíseaċ ar leaṫ-éill a ḃróige d’os- gailt sar a raiḃ sé ag stupaḋ na n-uḃall isteaċ ’na ḃéal le n-a ḋá láiṁ agus ’ġá n-iṫe; agus an foṫram a ḃí aige ’á ḋéanaṁ le n-a ḋá ċorán ag meilt agus ag cogaint na n-uḃall, do h-airiġeaḋ é ins gaċ aon ṗáirt de’n ríġ-ṫeaċ. Ḃí an ċuideaċta go léir ag éisteaċt leis an meilt, aċ ní leigfeaḋ eagla d’ aoinne acu uḃall a ċur ’na ḃéal féin.