Page:An Craos-Deamhan - Peadar Ua Laoghaire.pdf/66

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.
58
An Craos-Deaṁan.

arsa Piċán. “Am briaṫar, a ṁic léiginn, dá mbéaḋ oiread eile cleas agat, gur b’ṡin rud ná féadfá ḋéanaṁ. Pé rud a déarfá, ná pé rud a ḋéanfá, ná pé cor a ċurfá ḋíot, ní ḟéadfá Caṫal do ċosg ar ḃiaḋ ċur ’n-a ḃéal dá mbéaḋ an biaḋ ’na láiṁ aige."

"Dar ndó, má ṫeipean orm ní ḃéiḋ ort díol. Cad a ṫaḃarfair dom má ḋéinim an ḃeart?” arsa Mac Conglinne.

"Taḃarfad fáinne óir duit agus eaċ Breaṫnaċ," arsa Piċán.

"Am briaṫar, a ríġ, go dtaḃarfair, agus tuille ’na ṫeannta, agus ní tuille beag é, sar a nglacfar uait é,” arsa Mac Conglinne.

"Taḃarfad,” arsa Piċán. “Ġeaḃair caora ḃán as gaċ cró caoraċ ó Ċarn go Corcaiġ. Má ċuirean tú cosg le goile Ċaṫail ar feaḋ ċeiṫre h-uaire fiċid béiḋ Caṫal leiġiste agat. Má ḟanan sé ċeiṫre h-uaire fiċid gan biaḋ béiḋ deire leis an olc atá air, agus béiḋ gníoṁ déanta agat-sa atá teipiṫe ar liaġaiḃ na h-Éirean go léir. Má ḋéinean tú an gníoṁ san ġeaḃair mar a deirim. Má ṫeipean ort ní ḃéimíd blúire beirṫe ná caillte leis. Má ḋeinean tú an gníoṁ ġeaḃair-se na caoire bána. Má ṫeipean ort íosfaiḋ Caṫal iad."

"Tá go maiṫ, a ríġ,” arsa Mac Conglinne. “Déan- fad-sa an ḃeart. Aċ ní mór dom deiṁne ḃeiṫ agam ar mo ṫuarasdal. Dá mbéaḋ Caṫal leiġiste ḃéaḋ an Ṁuṁain go léir ar na stárṫaíḃ le neart áṫais agus mire agus mór ċroíḋe. Ní h-orm-sa ná ar mo ċaoire bána a ḃéaḋ daoine ag cuiṁneaṁ ansan, aċ orṫa féin agus ar Ċaṫal, agus ar an ḃfuasgailt a ḃéaḋ fáġalta ag gaċ aoinne. Ba ġearr go ḃfágfaí mise gan caoire agus ḃéaḋ sé fuar agam beiṫ ’ġá lorg."