Page:An Craos-Deamhan - Peadar Ua Laoghaire.pdf/65

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.
57
An Craos-Deaṁan.

daoine ag caint agus ag gáiriḋe agus ag cur ráiḋte Ṁic Conglinne i gcuiṁne ḋ’á ċéile, ṫáinig Piċán féin agus do laḃair sé le Mac Conglinne.

"A ṁic léiġinn,” ar seisean, “tá mórán spóirt taḃarṫa agat dúinn agus morán suilt, agus is maiṫ ċuige ṫú, aċ níor ċuiris meiḋir ná súḃaċas orm-sa."

"Agus cad fé ndeara ḋuit ḃeiṫ ċóṁ dúḃaċ, a ríġ?" arsa Mac Conglinne.

"An aṁlaiḋ náċ eól duit, a ṁic léiġinn,” arsa Piċán, “an t-olc uaṫḃásaċ so atá ar an riġ? Tá airc, nó deaṁan, nó droċ níḋ éigin naċ féidir a leiġeas, istiġ ’na ġoile. Ní féidir ċoíḋċe a ḋóiṫin le n-iṫe ná le n-ól a ṫaḃairt dó. Tá uaisle na Muṁan creaċta aige, a d’iaraiḋ a ḋóiṫin bíḋ agus díġe ṫaḃairt dó, agus, i dteannta iad a ḃeiṫ creaċta, tá náire ṡaoġalta taḃarṫa aige ḋóiḃ mar ní ḟéadan a ndíċeal an tart ná an t-ocras a ḃaint dé. Tá buairt agus brón orṫa, a ḃeiṫ le ráḋ ar fuid Éirean anois, agus a ḃeiṫ le casaḋ le n-a slioċt go deó, an t-ocras agus an tart a ḃeiṫ ar an ríġ agus nár ḟéadadar a ḋóiṫin le n-iṫe ná le n-ól a ṫaḃairt dó. Is cruaiḋ an cás é, a ṁic léiġinn, agus isé fé ndeara ḋóṁ-sa gan puinn suime ḃeiṫ agam i sult ná i súḃaċas. Tá biaḋ agus deoċ agam ’á ṡoláṫar dó ó ṫáinig sé ċugam anso ar an gcuaird seo, agus ní ḟéadan mo ḋíċeal a ḋóiṫin a ṫaḃairt dó. Tá mo ḋúṫaiġ sgriosta aige. Béiḋ mé féin agus mo ṫuaṫa beó boċt sar a mbéiḋ an ċuaird críoċnuiġṫe agus é ag imṫeaċt uainn."

"Cad a ṫaḃarfá ḋóṁ-sa, a ríġ,” arsa Mac Cong- linne, “dá gcuirinn cosg le n-a ġoile ḋuit ó ’noċt go dtí an taca so amáireaċ agus é ḋéanaṁ ar ċuma nár ḃaoġal duit fearg a ċur air?"

"Cosg le n-a ġoile ar feaḋ ċeiṫre h-uaire fiċid!"