Page:An Craos-Deamhan - Peadar Ua Laoghaire.pdf/63

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.
55
An Craos-Deaṁan.

Do socaruiġeaḋ an sgéal ar an gcuma san. D’órduiġ maiṫe Ċorcaiġe an coċal do ċur ar láiṁ an Easboig agus é ḟágaint ar a láiṁ go dtí go ḃfeicfí cad a ṫiocfaḋ.

Nuair a ḃí an socaruġaḋ san déanta do tugaḋ cead a ċos do Ṁac Conglinne, agus dúḃraḋ leis dul agus an aisling a ḋ’innsint i láṫair Ċaṫail ṁic Finguine, riġ Muṁan.

"Cá ḃfuil Caṫal anois?” arsa Mac Conglinne.

"Tá sé ṫiar,” arsa Mainċín, “i dtiġ Ṗiċáin ṁic Maoile Finne, ríġ na n-Eaċaċ, ag Dún Ċóba, i gcoigcríċ ua n-Eaċaċ agus Corca Laoiġḋe. Imṫiġ anois agus ná leig puinn aimsire ṫort go mbéir ann."

D’imṫiġ sé, agus ní misde a ráḋ ná go raiḃ áṫas ar a raiḃ i gCorcaiġ nuair a fuaradar imṫiġṫe é. Ḃí áṫas ar Ṁainċín mar ḃí sé ciapaiṫe glan uaiḋ. Ḃí gnó na mainistreaċ curṫa i n-aiṁréiḋ aige i dtreó nár ḃ’ḟios caṫain a ḃéaḋ gaċ níḋ i n’áit féin agus gaċ obair i n’am féin airís acu. Ḃí áṫas ar ṁuintir Ċorċaiġe mar ba ḃeag ná go raiḃ mí-ṁeas ag teaċt orṫa féin agus ar a ndlíġṫe agus ar ḟeiḋm a ndlíġṫe, mar ġeall air. Ḃí áṫas mór ar an luċt coimeádta. Níor tugaḋ a leiṫéid riaṁ roimis sin dóiḃ le coimeád. Ṫuigeadar ’na n-aigne, i n-inead iad a ḃeiṫ ’na luċt coimeádta air-sin, gur ḃ’eisean a ḃí ag déanaṁ an ċoimeádta orṫa-san. Dob’ ḟuasgailt dáiríriḃ leó é ḃeiṫ imṫiġṫe uaṫa, agus neart a ḃeiṫ ḋóiḃ aġaiḋ a ṫaḃairt ar ġnó éigin eile. Ḃíodar corṫa, cráiḋte ó ḃeiṫ ag faire air, agus ná feadradar cad é an neómat a dearfaḋ sé rud éigin, no ḋéanfaḋ sé rud éigin, a ċuirfeaḋ i bpúnc iad.

Ġluais Mac Conglinne air siar go Dún Ċóba, go tiġ Ṗiċáin ṁic Maoile Finne. Ḃí Caṫal agus a ġnáṫ- ṫeaġlaċ ann.