Page:An Craos-Deamhan - Peadar Ua Laoghaire.pdf/62

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.
54
An Craos-Deaṁan.

“Ní iarfad aċ an coċal beag san atá ar ċeann Ṁainċín. Is cuiṁin liḃ, a ṁaiṫe Ċorcaiġe, conus mar a h-iaraḋ an coċal san ċeana ar Ṁainċín agus nár ḃ’ḟéidir é ḟáġail uaiḋ. Is cuiṁin liḃ conus mar a ḋéin cléiriġ Leaṫ Ṁoġa go léir trosgaḋ i n-aonḟeaċt feuċaint an ḃfaiġidís an coċal beag san, agus conus mar a ḋ’eitiġ Mainċín iad ar an gcoċal. Má leiġistear Caṫal mac Finguine ó’n olc so atá air, tré innsint na h-aislinge seo ḋó, ní iarfar de ḋíolfiaċ as an leiġeasaċ an coċal beag san."

D’iompuiġ a líṫ i Mainċín nuair airiġ sé an ċaint sin.

"Is beag agat-sa an coċal so,” ar seisean, “aċ is mór agam-sa é. Tá mo ċúis féin agam leis sin. Ní féidir dom an ċúis a ḋ’innsint daoiḃ-se. Aċ deirim an méid seo liḃ, i láṫair Dé agus Ḃarra. Dá mba liom a ḃfuil de ṫalaṁ i gcríċ Ċorcaiġe, ó lár go h-imeal, do sgarfainn leis níos túisge ’ná mar a sgarfainn leis an gcoċal mbeag so!"

"Ní ceart san!” arsa cáċ d’aon ġuṫ. “Ní ceart an coċal do ċur i gcomparáid le leiġeas Caṫail agus le teasargan na Muṁan. Má leiġistear an ríġ leiġisfear an Ṁuṁain go léir. Ní maiṫ an gníoṁ do Ṁainċín Caṫal agus Leaṫ Ṁoġa ċoimeád gan leiġeas mar ġeall ar an gcoċal. Is mairg dó ná taḃarfaḋ uaiḋ an coċal!"

Ṫuig Mainċín nár ḃ’ḟoláir dó géilleaḋ.

"Taḃarfad an coċal,” ar seisean, “agus níor tugaḋ riaṁ fós, agus ní taḃarfar ċoíḋċe, aisge ċóṁ deacair a ṫaḃairt. Taḃarfad an coċal ar an gcuma so. Curtar an coċal ar láiṁ Easboig Ċorcaiġe. Ansan, má leiġisean an duine seo an ríġ tugaḋ an t-Easbog an coċal dó, agus mura leiġisiḋ tugaḋ an t-Easbog an coċal ṫar n-ais dom féin."