Page:An Craos-Deamhan - Peadar Ua Laoghaire.pdf/61

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.
53
An Craos-Deaṁan.

Caibidiol a h-Oċt.

NUAIR a ḃí an aisling innste ag Mac Conglinne do laḃair Mainċín airís.

"Imṫiġ anois ag triall ar an ríġ agus inis an aisling sin dó. Cá ḃ’ḟios ná go leiġisfeá é ó’n olc uaṫḃásaċ so atá air."

"Má leiġisim an ríġ,” arsa Mac Conglinne, “cad é an díolfiaċ atá le fáġail agam as?"

"Naċ maiṫ an díolfiaċ duit do ċorp agus t’ anam do leigint leat saor ó’n gcroiċ?” arsa Mainċín.

"Ní maiṫ,” arsa Mac Conglinne. “Ní’l aon ḃeann agam-sa oraiḃ féin nó ar ḃúr gcroiċ,” ar seisean, "agus is ró ṁaiṫ atá ’ḟios agaiḃ ná fuil. An t-é ġeaḃaiḋ bás ar staid na ngrást is cuma ḋó cia ’cu le croiċ nó le faoḃar nó le taom breóiteaċta a ġeaḃaiḋ sé bás. Béiḋ dóirse na ḃflaṫas ar osgailt roimis agus béiḋ na fíoraéin go léir ag teaċt ag cur fáilte roimis, ó Ádam agus a ṁac Ábel anuas go dtí an fíoraon is déanaiġe d’ḟág an saoġal so sa ṗúnc aimsire ’na ḃfuilimíd anois. Béiḋ naoi ngráid na n-aingeal, idir Ċiroṗim agus Saroṗim, ag seinnim ceólta na ḃflaṫas d’á anam ar feaḋ na síoruiḋeaċta, i raḋarc na Tríonóide ró Naoṁṫa. Cad é sin d’á leiṫéid sin cad a ḋéanfaiḋ Caṫal mac Finguine, ná fir Muṁan, ná muintir Ċorcaiġe, ná Mainċín, ná a ṁainistir, ná aon níḋ eile ar an saoġal so!"

"Cad é an díolfiaċ a ḃéaḋ uait,” arsa Mainċín "dá leiġisteá Caṫal?"

"Ní ró ṁór a ḃéaḋ uaim,” arsa Mac Conglinne.