Page:An Craos-Deamhan - Peadar Ua Laoghaire.pdf/58

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.
50
An Craos-Deaṁan.

an dtaoḃ eile de’n ċaislean, idir é agus an cnoc, ḃí coill ḃreaġ, coill a ḋéin foṫain áluinn do’n ċaisleán ó’n ngaoiṫ a-dtuaiḋ sa ġeiṁre. Isé rud a ḃí ag fás sa ċoill sin i n-inead aḋmaid ’ná cabáiste geal, agus inniúin, agus meacain, agus an uile ṡaġas glasraí a ḃéaḋ foláin ċun bíḋ d’ollaṁuġaḋ. Ḃí gaċ aon tor de’n ċabáiste sin ċóṁ mór ċóṁ h-árd leis an gcrann daraiġe is mó d’á ḃfeaca-sa riaṁ. Ḃí gaċ inniún ċóṁ mór ċóṁ h-árd le crann fuinnseóige. Ḃí gaċ meacan ċóṁ mór le crann giúise. Mar sin do gaċ glasra eile d’á raiḃ ag fás sa ċoill sin. Ḃíodar ċóṁ mór ċóṁ h-árd le h-aon aḋmad coille, agus ḃíodar féin agus an duilleaḃar a ḃí orṫa ċóṁ borb agus d’ḟéad- faḋ glasra ḃeiṫ.

"Ṫáinig muintir ar ċaisleáin ag triall orainn agus ċuireadar fáilte róṁainn go fial. Ḃíodar ’na suiḋe tímpal na teine. Ḃí mór-ṡeisear acu ann. Is iad a ḃí go beaṫuiġṫe agus go plúraċ agus go círí- neaċ. Ḃí ar gaċ duine acu ceann feóla gur ḃ’fearrde ṫú raḋarc ḟáġail air. Ḃí culaiṫ éadaiġ ar gaċ duine acu de’n ḃlonag ba ġile agus ba ġlaine dob’ ḟéidir ḟáġail, agus cnaipí cáise ins gaċ casóig agus cnaipí gruṫa ins gaċ bríste. Ḃí, fé ṁuineál gaċ duine, slaḃra breaġ buiḋe d’inniúnaiḃ óga. An taoiseaċ a ḃí orṫa ḃí clóca air a ḃí déanta de ṡaill mairt agus de ġeir úr ċaoraċ agus iad fiġte ar a ċéile go cliste agus go h-órnáideaċ. ’Na suiḋe i n-aice an taoisiġ sin ḃí a ḃan-ċéile, agus cóir éadaiġ uirṫi ċóṁ h-uasal díreaċ agus ḃí ar an dtaoiseaċ féin. Ḃí coire mór ar an dteine agus é lán de’n uile ṡaġas feóla d’á ḟeaḃas, agus ’na ṡeasaṁ ar aġaiḋ an ċoire sin ḃí cócaire eólgaiseaċ agus a ael trí mbeann ar a ġua- lainn aige, agus é ollaṁ ċun aon tsaġas feóla do