Page:An Craos-Deamhan - Peadar Ua Laoghaire.pdf/53

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.
45
An Craos-Deaṁan.

“"’Neósfad,” ar seisean. “Cuir cluas ġéar ort féin,” ar seisean, “agus coimeád ad” ċuiṁne an ċaint a déarfad leat. Seo mar is ceart duit laḃairt liom," ar seisean.

""Beannaċt dúinn, a ċléiriġ,” agus an ċuid eile, fé mar innseas daoiḃ, a Ṁainċín, agus a ṁuintir Ċorcaiġe. Ní raiḃ aon ḃaint ag an gcaint leat-sa, a ḋeaġ-ḋuine, agus ba neaṁġáḋ ḋuit í ġlacaḋ ċugat féin agus tú féin a ċur i ḃfeirg mar ġeall uirṫi."

Nuair airiġ an ċóṁairle an méid sin iseaḋ ḃí an sult agus an spórt ar fad acu, agus d’á ṁéid fearg a ḃí ar Ṁainċín níor ḟéad sé gan a ġáire ḋéanaṁ ċóṁ maiṫ leó. Ṫáinig maċtnaṁ dó. Ċeap sé go dtí san ná raiḃ i Mac Conglinne aċ fear siúḃail, duine des na rascailí díoṁaoine a ḃíoḋ ag gluaiseaċt ó ṫeaċ aoiġeaḋ go teaċ aoiġeaḋ, ag iṫe agus ag ól, ag caiṫeaṁ an ḃíḋ nár ṫuilleadar, agus ansan ag déa- naṁ aoirṫe, ag cáine agus ag imḋeargaḋ na ndaoine a ṫugaḋ dóiḃ an biaḋ, dá mba rud é ná bíoḋ an biaḋ ċun a dtoile ar fad. Ní ḃíoḋ aon ċuma eile ċun ḃeiṫ suas leó, nuair a ġeiḃṫí greim orṫa, aċ sgeíṁle ṫaḃairt dóiḃ, mar a tugaḋ do Ṁac Conglinne. Nuair a ġeiḃdís an sgeíṁle d’éaluíġdís leó féin agus ní ṫagaidís airís. Aċ b’ṡiné donas an sgéil. Ní raiḃ aon ḟonn éaluiġṫe ar an ḃfear so. Ḋéin sé an aoir díreaċ mar a ḋéinidís go léir. Do tugaḋ an sgeíṁle ḋó mar atugtí ḋóiḃ go léir. Do daoraḋ ċun a ċroċta é mar a daorṫí i gcóṁnuiġe iad. D’iar sé an aisge díreaċ mar iaraidís go léir, i dtreó go ḃfaiġdís caoi ar éalóḋ. Aċ níor ḋéin sé seo aon iaraċt ar éalóḋ. Ḃí an luċt coimeádta air gan aṁras. Níor ṁór iad san do ċoimeád air ċun a ċur ’na luiġe air go raḃṫas dáiríriḃ. Níor ḃ’ḟoláir ḃeiṫ lom dáiríriḃ le n-a lán