Page:An Craos-Deamhan - Peadar Ua Laoghaire.pdf/46

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.
38
An Craos-Deaṁan.

an aisge ḋíom agus maiṫe Ċorcaiġe i n-uruḋas agam air go ḃfaġainn an aisge! Cad é an saġas áite Corcaiġ seo i n-aon ċor, nó cad é an saġas daoine muintir Ċorcaiġe!"

"Cad é an saġas duine ṫú féin?” arsa cáċ.

"Siné díreaċ a ḃí agam le h-innsint nuair a ċuir- eaḃair stop le m’ċaint,” arsa Mac Conglinne.

"An aṁlaiḋ ba ṁaiṫ leat go gcroċfaí anoċt tú?" arsa cáċ.

"Má croċtar mé,” arsa Mac Conglinne, “conus ḟéadfad a innsint cad é an saġas duine mé?"

"Ġeaḃfaí amaċ ’na ḋiaiġ san é,” arsa cáċ.

"’Seaḋ,” arsa Mac Conglinne. “"Tar éis a tuig- tear gaċ beart.” Is minic gur ḃ’ḟearr go dtuigfí an ḃeart roim ré."

"Ġeaḃair cead cainte amáireaċ,” arsa cáċ. “Bíoḋ an oíḋċe agat ċun do sgéal do ṡocaruġaḋ mura ḃfuil sé socair ċeana agat."

"Agus caṫain a croċfar mé?” arsa Mac Cong- linne.

"Croċfar amáireaċ tú, ná bíoḋ eagal ort,” arsa Mainċín.

"Aisge ḋom, a ḋeaġ-ḋuine!” arsa Mac Conglinne.

"Aililiú!” arsa Mainċín, “cad í an aisge atá uait anois?"

"Ó ṫánag go Corcaiġ,” arsa Mac Conglinne, “ní ḃfuaras cóir bíḋ ná cóir leapṫan ná cóir codlata. Táim le croċaḋ amáireaċ. Do tugaḋ aisge ḋom agus do baineaḋ díom airís í. Má ’sí seo an oíḋċe ḋéanaċ agam ar an saoġal so, isé is lúġa is gann aon oíḋċe aṁáin ċompórdaċ a ṫaḃairt dom."

"Cad tá uait?” arsa Mainċín.

"Tá,” arsa Mac Conglinne, “béile na h-oíḋċe seo