Page:An Craos-Deamhan - Peadar Ua Laoghaire.pdf/44

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.
36
An Craos-Deaṁan.

a gcroċfaí mé. Ċuaḋaḃair-se, a ṁaiṫe Ċorcaiġe, i n-uruḋas air go ḃfaġainn an aisge sin. Ba ṁaiṫ liom anois a ḟios a ḃeiṫ agam uaiḃ-se féin, an mór is fiú an t-uruḋas san."

"Is fiú anam duine é,” arsa cáċ. “Mura mbéaḋ an t-uruḋas san ní ḃéiḋfeá-sa ag caint linn ansan anois. Ḃéaḋ gad curṫa ar do sgrugal fadó riaṁ indiu agus do ċosa sa n-aer agat."

Do sgeart a raiḃ láiṫreaċ ar ġáiriḋe.

"Tá go maiṫ, a ṁaiṫe Ċorcaiġe,” arsa Mac Cong- linne. “B’ḟéidir anois go ḃfreagrófaí an ċeist eile seo ḋom. An mór is fiú agaiḃ-se uisge na Laoi?"

"Ba ḋeacair a innsint,” arsa cáċ. “Is fiú mórán é. Mura mbéaḋ uisge na Laoi ḃéaḋ an sgéal go h-olc againn go léir. Comáin leat."

Ḃain Mac Conglinne an biorán as a ḃrat.

"Feuċ, a ṁaiṫe Ċorcaiġe,” ar seisean, “an mór is dóiċ liḃ-se dob’ ḟiú an méid uisge ḋ’ḟéadfainn-se ṫógaint as an Laoi le barra an ḃioráin sin?"

"Níor ḃ’ḟiú aon rud é,” arsa cáċ. “Aċ cad ċuige ḋuit a leiṫéid sin de ċeist a ċur?"

"Tá dearṁad oraiḃ, a ṁaiṫe Ċorcaiġe,” arsa Mac Conglinne. “Dob’ ḟiú mórán an braon uisge sin d’ḟanfaḋ ar ḃarra an ḃioráin sin dá dtumainn sa Laoi é."

"Tá an duine as an ṁeaḃair!” arsa cáċ.

"Ni’l aon easba meaḃraċ orm, a ṁaiṫe Ċorcaiġe," arsa Mac Conglinne.

"An mór ab ḟiú é, má ’seaḋ?” arsa cáċ.

"Is mó dob’ ḟiú é,” arsa Mac Conglinne, “’ná aoiġeaċt na mainistreaċ. Is mó dob’ ḟiu é ’ná meaḋg na mainistreaċ. Is mó dob’ ḟiú é ’ná min ċoirce na mainistreaċ. Is mó dob’ ḟiú é ’ná an aisge a tugaḋ