Page:An Craos-Deamhan - Peadar Ua Laoghaire.pdf/32

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.
24
An Craos-Deaṁan.

agus mainistir Ċorcaiġe agus min ċoirce agus meaḋg Ċorcaiġe! Caiṫfear rud éigin a ḋéanaṁ a ċuirfiḋ cosg leis an sult."

"Cad a ċeapan tú ḋéanaṁ, a Aṫair?” arsa ’n manaċ.

"Droċ ḃuaċaill iseaḋ an fear a ḋéin an dán san,” arsa Mainċín. “Ṫáinig sé d’aon ġnó ċun tar- cuisne ṫabairt dúinn. Ní h-eol dom go dtugamair aon ċúis d’aoinne ċun a leiṫéid a ḋéanaṁ. Aċ is léir naċ biaḋ ná aoiġeaċt a ḃí uaiḋ i gCorcaiġ. Ṫáinig sé gan aon ġnó eile aċ ċun na h-Eagailse d’aoireaḋ. Tá an aoir déanta aige. Imṫeóċaiḋ sé sar a dtioc- faiḋ an lá agus leaṫfaiḋ sé an sgéal ar fuid na dúiṫe, agus múinfiḋ sé an aoir do’n uile ḋuine ḃuail- fiḋ uime. Tá masla taḃarṫa aige do’n Eaglais, agus má leigtear leis béiḋ an masla níosa ṁeasa. Tá dlíġ na ríġeaċta agus dlíġ na h-Eagailse briste i n-aonḟeaċt aige. Tá an ċroċ tuillte aige má ṫuill aoinne riaṁ í."

"Aċ conus a tiocfar suas leis, a Aṫair?” arsa ’n manaċ.

"Imṫigiḋ láiṫreaċ,” arsa Mainċín, “agus dúisigiḋ na manaiġ eile agus gluaisiḋ ċun an tíġe aoiġeaḋ agus gaḃtar é. Déiniḋ brostúġaḋ le h-eagla go mbéaḋ sé imṫiġṫe sar a ḃfaiġfí greim air! Déiniḋ é ġaḃáil go daingean agus é ṫaḃairt anso gaḃṫa am’ láṫair. Ansan ’neósfad-sa ḋaoiḃ cad is ceart a ḋéanaṁ leis. Cuirfead-sa i n-iúil dó ná déintear aoireaḋ na h-Eagailse i n-aisge. Curfar a ṁalairt de ċúram air i n-éaġmuis ḃeiṫ ag déanaṁ na n-aoir. Smaċt is ceart a ċur ar a leiṫéidí i n-inead eagla ḃeiṫ ag daoine rómpa mar a ḃíon. Brostuigiḋ, adeirim!"