Page:An Craos-Deamhan - Peadar Ua Laoghaire.pdf/28

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.
20
An Craos-Deaṁan.

go léir. Ní ḟeidir aoinne acu conus a ṫárla ceól ċóṁ breaġ i gCorcaiġ.

Do h-airiġeaḋ an ċantaireaċt sa ṁainistir. Ḋ’airiġ an t-Abb an foġar breaġ sa tiġ aoiġeaḋ. Ċeap sé gur ḃ’ aṁlaiḋ a ḃí an teaċ aoiġeaḋ lán de ṁanaċaiḃ éigin iasaċta agus go raḃadar go léir ag salmaireaċt, agus go mbéaḋ náire go deó fáġalta ag mainistir Corcaiġe mura ḃfeuċfaí ’na ndiaiġ, agus frioṫálaṁ a ḋéanaṁ orṫa, agus cóir do ċur orṫa mar ba ċeart. Ġlaoiḋ sé ar ḋuine d’á ṁanaċaiḃ. Ṫáinig an manaċ.

"An ḃfuil aon daoine iasaċta sa teaċ aoiġeaḋ anoċt?” arsa ’n t-Abb.

"Ní’l, a Aṫair,” arsa’n manaċ.

"Tá ’s dó’!” arsa manaċ eile. “Ċonac-sa fear ó ċianaiḃ, ar ṫuitim na h-oíḋċe, agus é ag ruiṫ, ag gaḃáil fiar-ṫreasna na páirce ó-ṫuaiḋ i dtreó an tíġe aoiġeaḋ."

"Is fearra ḋuit dul agus feuċaint ’na ḋiaiġ," arsa ’n t-Abb. “Ḃí sé ceart aige féin, pé duine é, teaċt anso ċun na mainistreaċ i dtreó go ḃfaġaḋ sé rud le n-iṫe. Is dóċa nár leig an leisge ḋó filleaḋ ṫar n-ais, agus go deiṁin le fírinne níor ḃ’ḟuiriste ḋó teaċt ṫar n-ais a leiṫéid d’oíḋċe. Measaim naċ foláir nó tá níos mó ’ná aoinne aṁáin ann. Imṫiġ agus feuċ ’na ndiaiġ. Ḃéaḋ náire fáġalta go deó againn dá ḃfágfaí aoinne sa teaċ aoiġeaḋ ’na ṫrosgaḋ i gcaiteaṁ na h-oídċe."

D’imṫiġ an ḃeirt agus ní ró ṁór an fonn gluaiste a ḃí orṫa. Do rugadar leó raint bíḋ agus síol teine. Isé biaḋ a rugadar leó ’na raint mine coirce agus árṫaċ meiḋg. Ḃí trosgaḋ ar an lá san.

Ṫánadar ċun an tíġe aoiġeaḋ. Nuair a ṫanadar