Page:An Craos-Deamhan - Peadar Ua Laoghaire.pdf/27

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.
19
An Craos-Deaṁan.

ab eaḋ e, agus ḃí an aimsir go h-olc mar le h-aimsir ġeiṁriḋ féin. I gcaiṫeaṁ an lae ḃí sé ag fearṫainn tamall agus ag sneaċtaḋ tamall agus ag séideaḋ coitċianta, i dtreó go raiḃ fiacala Ṁic Conglinne ag déanaṁ ceóil an ġearaguirt dó, ag bualaḋ ar a ċéile go breaġ láidir, nuair a ċuaiḋ sé isteaċ sa spéalán folaṁ tíġe. Ḃí an dorus ar dian-leaṫaḋ agus aġaiḋ an tsín isteaċ ann, agus an ġaoṫ ag séideaḋ na sop mór-ṫímpal an úrláir mar ḃéaḋ bullabáisín acu ḋ’á ḋéanaṁ. Do stad sé agus d’ḟeuċ sé ’na ṫímpal. Déarfaḋ aoinne gur ċeart ná béaḋ aige aċ dul go dtí an mainistir agus é féin do ċur i n-iúil, agus go gcurfaí an uile ṡaġas córaċ air gan puinn moille. Níor ċuaiḋ. Ní h-é sin a ḃí uaiḋ. Ḃí ’ḟios aige féin go maiṫ cad a ḃí uaiḋ. D’ḟeuċ sé’na ṫímpal feuċaint cá raiḃ an leabaiḋ. Fuair sé í. Is aṁlaiḋ a ḃí an méid éadaiġ leapṫan a ḃí uirṫi fillte go cruaiḋ i n-aon ċeirṫlín aṁáin ar lár na leapṫan. D’osgail sé amaċ iad. Ní raḃadar ró ṫirm ná ró ġlan, agus ní baoġal go raḃadar ró ṫeiṫ. Níor ḃ’ḟios cad é an ḟaid a ḃíodar mar sin fillte ar a ċéile gan gaoṫ ná teine ṫaḃairt dóiḃ. Ṡocaruiġ sé ar an leabaiḋ iad ċóṁ maiṫ agus d’ḟéad sé é, agus ċuaiḋ sé fúṫa sa leabaiḋ ċun codlata. Níor ṫuit codlaḋ ná suan air, níḋ nár ḃ’iongnaḋ. Nuair ná raiḃ aon ċodlaḋ ag teaċt air ḋíriġ sé ar ċantaireaċt ċóṁ breaġ, ċóṁ h-árd, ċóṁ binn, ċóṁ ceólṁar san gur ṫéiḋ sé é féin go maiṫ. Ḃí a ġuṫ ċóṁ h-árd san go ndeir an seana sgéal gur airiġeaḋ é ar fuid na caṫaraċ go léir. Ḃí na daoine tar éis tuitim ’na gcodlaḋ. Ḋúisiġ an ceól breaġ as a gcodlaḋ iad. Ḃí an ḟuaim ċóṁ láidir sin gur ṁeas gaċ aoinne gur sa tiġ ba ġiorra ḋó ḃí an ċantaireaċt ar siúḃal. Ḃí iongnaḋ a gcroíḋe orṫa