Page:An Craos-Deamhan - Peadar Ua Laoghaire.pdf/22

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.
14
An Craos-Deaṁan.

liom ċun an deaṁain a ċur isteaċ. Ḃéaḋ toil an deaṁain agus toil Ċaṫail i n-aonḟeaċt am ċoinniḃ i n-aon iaraċt a ṫaḃarfainn ar an ndeaṁan do ċur amaċ. Ní féidir an deaṁan do ċur amaċ aċ le cóṁaċt a ḃéaḋ níos treise ’ná an deaṁan féin."

"Is ait an ċaint a ḋéinean tú,” arsa ’n ríġ. “Gan aṁras ḃí toil an deaṁain ag caḃruġaḋ leat ċun an deaṁain a ċur isteaċ, aċ conus ḟéadfaḋ toil Ċaṫail ḃeiṫ ag caḃruġaḋ leat sa ġnó?"

"Ḃí toil Ċaṫail claon,” arsa’n fear, “nuair iṫ sé na h-uḃla agus na h-eiṫne. Mura mbéaḋ go raiḃ ní ḟéadfaḋ an deaṁan dul isteaċ, pé deismireaċt a ḃéaḋ déanta agam-sa ar na h-uḃlaiḃ."

"Agus dar ndóiċ tá ’ḟios ag an saoġal ná béaḋ toil Ċaṫail ad’ ċoinniḃ anois dá mbéaḋ iaraċt agat ’á ḋéanaṁ ar é leiġeas ó’n olc atá air,” arsa ’n ríġ.

"Ná feicean an saoġal mór, a ríġ,” arsa’n fear, "go ḃfuil toil Ċaṫail coitċianta ar aon intinn le toil an deaṁain atá istiġ ann? Naċ ṡiní an Ṁuṁain go léir sgriosta aige a d’iaraiḋ an deaṁain atá istiġ ann do ṡásaṁ! Is cuma leis cad a ḋéanfaiḋ a ríġeaċt; is cuma leis cad a ḋéanfaiḋ a ċáirde: is cuma leis cad a ḋéanfaiḋ aon níḋ ar neaṁ ná ar talaṁ, aċ go dtioc- faiḋ leis an deaṁan atá istiġ ann do ṡásaṁ. Deaṁan craois iseaḋ atá istiġ i gCaṫal. Is le craos a leig sé an deaṁan san isteaċ, le n-a ṫoil ṁacánta féin. Is ’mḋó deaṁan naċ deaṁan craois a ḃíon istiġ i nduine. Bíon deaṁan feirg istiġ i nduine. Bíon deaṁan uaḃair istiġ i nduine. Bíon deaṁan drúise istiġ i nduine. Bíon deaṁan éada istiġ i nduine. Bíon, a ríġ, agus deaṁan ṁioscaise istiġ i nduine, agus is cuma leis an nduine cad a ḋéanfaiḋ aon níḋ ar neaṁ ná ar talaṁ aċ an deaṁan a ḃíon istiġ ann do ṡásaṁ!"