Page:An Craos-Deamhan - Peadar Ua Laoghaire.pdf/20

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.
12
An Craos-Deaṁan.

a ṁalairt de ċúram orṫa; go raiḃ an sgannraḋ orṫa fé mar a ḃí ar gaċ aoinne eile. Ní lúġa ’ná mar a deirtear aon ḟocal i dtaoḃ Lígaiġe, inġean Maoile Dúin. Ní deirtear gur ċuir sí a ṫuille uḃall ó-ḋeas go Caiseal, ná a ṫuille eiṫne, ná a ṫuille d’aon tsaġas eile mísleán. Is dóċa nuair airiġ sí na tuairisgí uaṫḃásaċa ó’n Muṁain go dtáinig sgannraḋ uirṫi, díreaċ mar a ṫáinig ar a drioṫáir, agus gur ṁúċ an sgannraḋ an gráḋ a ḃí aici do Ċaṫal. Ní ḟeadar conus a ḃíon an sgéal ag mnaoi nuair a ġeiḃean sí amaċ goile uaṫḃásaċ a ḃeiṫ ag an ḃfear gur ṫug sí gráḋ ḋó, aċ tá ’ḟios agam conus a ḃíon an sgéal uaireanta ag an ḃfear nuair a ġeiḃean sé amaċ, tar éis ṗósta ḋó, goile na mná ḃeiṫ níos mó go mór ’ná mar a ṁeas sé. Ní ḃíon gaċ aon ḟear mar sin, áṁṫaċ.

Nuair a ḃí an sgéal ar an gcuma san ag muintir na h-Éirean agus ag Caṫal mac Finguine, an Ṁuṁain sgriosta aige agus na trí cúige eile ag cur an anama amaċ le sgannraḋ, ḃí, níḋ nár ḃ’iongnaḋ, an uile ḋuine go raiḃ eólas aige ar leiġseanaiḃ ná ar luiḃneaċaiḃ ag déanaṁ a ḋíċil feuċaint an ḃféadfaḋ sé ċuiṁneaṁ ar luiḃ nó ar leiġeas a ḋéanfaḋ aon ṁaiṫeas do Ċaṫal. Ḃí ’ḟios acu go léir, an t-é go dtiocfaḋ leis an deaṁan a ḋíbirt a’ corp an ríġ go mbéaḋ saoġal sáṁ aige féin an ḟaid a ṁairfeaḋ sé, agus go mbéaḋ saoġal sáṁ agá slioċt ’na diaiġ. Aċ níor ḟéad aoinne acu cuiṁneaṁ ar aon rud a ḋéanfaḋ aon tairḃe. Do cuiṁniġeaḋ ar a lán leiġseana agus do trialaḋ iad ó am go h-am, aċ níor ḋéineadar blúire tairḃe. Do ṡloigeaḋ an Craos-Deaṁan iad ċóṁ luaṫ agus do ṡloigeaḋ Caṫal iad, i dtreó ná bioḋ sé d’uain acu aon tairḃe ḋéanaṁ dó.

Ṫáinig luċt leiġeas áiriġṫe. Ṫugadar leó leiġeas