Page:An Craos-Deamhan - Peadar Ua Laoghaire.pdf/14

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.
6
An Craos-Deaṁan.

Caibidiol a dó.

NUAIR a ṫáinig an t-ocras ar Ċaṫal b’é b’ḟada leis go raiḃ aimsir dinnéir ann go n-íosfaḋ sé a ḋóiṫin. Ṫáinig an dinnéir fé ḋeire. Do ṡuiġ ċun búird cuideaċta ṁór de ríġṫiḃ agus d’uaisliḃ Muṁan. Miasa uḃall iseaḋ ba ġnáṫ an uair sin do ċur ar dtúis os cóṁair na cuideaċtan. Is ar éigin a ḃí an ċuideaċta suiġṫe nuair a ḃí a raiḃ d’uḃlaiḃ ar a ṁéis féin iṫte ag Caṫal. Do rug sé ar an méis a ḃí os cóṁair an ḟir a ḃí ar a láiṁ ḋeis, agus d’iṫ sé a raiḃ d’uḃlaiḃ uirṫi. Ansan do rug sé ar an méis a ḃí os ċóṁair an ḟir a ḃí ar a láiṁ ċlé, agus d’iṫ sé a raiḃ uirṫi. Ansan do ḋíriġ sé ar na miasa a ṫarang ċuige ó-s gaċ aon taoḃ de’n ḃórd, agus ar na h-uḃla a ḃí orṫa d’iṫe le h-airc agus le h-ampla. Ḃí iongnaḋ agus alltaċt ar an gcuideaċtain, aċ níor leig aoinne aon níḋ air. Do sgaoileadar ċuige na miasa ċóṁ tiuġ agus d’ḟéad sé iad d’ḟolaṁuġaḋ. Ba ġearr gur ṫosnuiġ na biaḋa eile ar ṫeaċt. An t-éirleaċ céadna a ḋéin Caṫal ar na h-uḃlaiḃ ḋéin sé ar na biaḋaiḃ eile é, i dtreó go raiḃ sgannraḋ ag teaċt ar a raiḃ láiṫreaċ le h-eagla go sgoilfeaḋ air. Ni raiḃ aon ṗioc d’á ḋeaḃraṁ air, áṁṫaċ. D’á ṁéid a ḃí curṫa isteaċ ’na ċorp aige ḃí sé ċóṁ seang agus dá mbéaḋ sé ḋá lá ar duḃ-ċéalacan. Sar a raiḃ an dinnéar leaṫ ċríoċnuiġṫe b’éigean tuille bíḋ d’ollaṁuġaḋ. Nuair a ḃí a raiḃ de ḃiaḋ sa ríġ-ṫeaġlaċ ollaṁuiġṫe agus curṫa ar an mbórd agus iṫte, ḃí ocras fós ar Ċaṫal, agus ḃí ocras a ndóiṫin ar an gcuideaċtain,