Page:An Craos-Deamhan - Peadar Ua Laoghaire.pdf/132

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.
124
An Craos-Deaṁan.

“A ríġ Caisil,” ar seisean, “agus a ṁaiṫe agus a ṁór uaisle Muṁan, idir ċléir agus tuaṫ, do ċaḃruiġ Mainċín liom-sa go láidir sa n-obair seo atá déanta agam. Nuair a ḃíos ag teaċt ó Ċorcaiġ anso ċun na h-oibre ḋéanaṁ, do ġeall Mainċín dom, dá leiġisinn an ríġ go ḃfaġainn uaiḋ an coċal úd ná taḃarfaḋ sé ar ṡaiḋḃreas an doṁain. Tá an coċal ar láiṁ Easboig Ċorcaiġe, le taḃairt dóṁ-sa ċóṁ luaṫ agus ḃéaḋ an leiġeas déanta. Sin a n-iarfad anois de ḋíre ná d’eineaċlán ar Ṁainiċín, an coċal san a ṫabairt dom go toilteanaċ agus a ḃeannaċt ’na ṫeannta.”

“Bíoḋ sé agat agus mo ḃeannaċt,” arsa Mainċín. “Níor ṫeip riaṁ ort ná go ndéanfá beart bun os cionn le tuairim aoinne!”

Do tugaḋ an coċal do Mac Conglinne. Do tugaḋ na ba ḋó, agus na caoire bána, agus an t-ór, agus an t-eaċ Breaṫnaċ, agus má ba ṁór a ċáil ar fuid na h-Éirean roimis sin ba ḋá ṁó as san amaċ é.

Agus feuċ. Ní deirtear gur ċuiṁniġ Caṫal a ṫuille ar Lígaiġ, inġean Ṁaoile Dúin, ná gur ċuir sí a ṫuille mísleán ag triall air.


CRIOĊ.