Page:An Craos-Deamhan - Peadar Ua Laoghaire.pdf/131

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.
123
An Craos-Deaṁan.

anois, os coṁair na gcóṁaċt atá láiṫreaċ, díre agus eineaċlán ar an ḃfear so, sar a ndéanfar aon ġnó eile.”

D’eiriġ Mac Conglinne.

“A ríġ Caisil,” ar seisean, “agus a ríogra agus a ṁór uaisle Muṁan, idir ċléir agus tuaṫ, is oṫ liom go mór Mainċín ’ġá ṁeas go ndéanfainn-se magaḋ faoi, ná go dtaḃarfainn easonóir dó ar aon ċuma eile aċ ċóṁ beag. Ḋéineas aoir ar an Eaglais nó níor ḋéineas. Má ḋéineas is ceart é agairt orm. Murar ḋéineas is dóṁ-sa is ceart díre agus eineaċ- lán d’éileaṁ ar an té ċuirfeaḋ am’ leiṫ é. Ní’l puinn aimsire imṫiġṫe fós ó’n oíḋċe ṫánag go teaċ aoiġeaḋ Ċorcaiġe. Ní deacair cúntas d’ḟáġail ar gaċ focal d’ár laḃras agus gaċ níḋ d’ár ḋéineas i gcaiṫ- eaṁ na h-aimsire sin. Cuireaḋ Mainċin geall céad i láiṁ Ċaṫail agus cuirfead-sa céad eile ar a láiṁ. Ansan suiḋeaḋ na breiṫeaṁain agus breiṫniġidís an níḋ atá eadarainn agus abraidís cé ’cu is dóṁ-sa ó Ṁainċín atá díre agus eineaċlán ag dul, nó dó-san uaim-se.”

Do cuireaḋ an dá ċéad ar láiṁ Ċaṫail. Do ṡuiġ na breiṫeaṁain agus ḃreiṫniġeadar an cás. Ḃí a lan daoine ann ó Ċorcaiġ i dtreó nár ḋeacair dóiḃ a ndóiṫin fínniṫe ġlaoḋaċ. Nuair a ḃí an breiṫniuġaḋ déanta acu ṫugadar a mbreiṫ. Sidí an ḃreiṫ a ṫuga dar:—

“Níor ḋéin Mac Conglinne aoir ar an Eaglais. Ní dúḃairt sé aċ ná h-íosfaḋ sé min ċoirce Ċorcaiġe. Níor ḃ’aoir ar an Eaglais san do ráḋ. Is ó Ṁainċín do Ṁac Conglinne atá díre agus eineaċlán ag dul.”

Do tugaḋ an ḃreiṫ ag triall ar Ċaṫal agus do léiġ sé amaċ í. Do laḃair Mac Conglinne.