Page:An Craos-Deamhan - Peadar Ua Laoghaire.pdf/130

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.
122
An Craos-Deaṁan.

uaiḋ aċ go gcroċfaí é. Agus deir se nár ḋéin sé aon droċ ġníoṁ! Níor ċuir sé oiread agus cor dé an ḟaid a ḃí sé i gCorcaiġ gan droċ ġníoṁ a ḋéanaṁ.

“Aċ sgaoilimis ṫorainn gaċ níḋ d’ár ḋéin sé aċ aon níḋ aṁáin, agus taisbéanfaiḋ an t-aon níḋ aṁáin sin gur ṫuill sé an ṁallaċt. An oíḋċe ṫáinig sé go Corcaiġ oíḋċe ṫrosgaiḋ ab eaḋ í. Fuair sé an biaḋ is dleaġṫaċ a ċaiṫeaṁ i n-aimsir ṫrosgaiḋ. Do ċáin sé an biaḋ agus d’aoir sé an Eaglais. Agus deir sé nár ḋéin sé droċ ġníoṁ! Fiafraiġim d’aoinne atá anso ag éisteaċt liom an droċ ġníoṁ an Eaglais d’aoireaḋ? An ḃféadfaḋ duine gníoṁ ba ṁeasa a ḋéanaṁ? Agus deir sé linn feuċaint siar agus go n-adṁóċaimíd nár ḋéin sé droċ ġníoṁ. Mura mbéaḋ gur ḋéin sé an droċ ġníoṁ ní ċuirfinn-se fé ċoinneal-ḃáṫaḋ é. Molan sé mo ḃeannuiġṫeact. Ni’l aoinne ’ġá iaraiḋ air. Ní’l aon ḃeannuiġṫeaċt aige le molaḋ ionam-sa seaċas aoinne eile. Déinim mo ḋíċeal ċun gaċ dualgais atá orm ċun Dé do ċóṁlíonaḋ. Ní ċóir aoinne ṁolaḋ mar ġeall air sin. Cuid de’n dualgas san atá orm-sa iseaḋ duine ċur fé ċoinneal-ḃáṫaḋ má ḋéinean sé an Eaglais d’aoireaḋ. Ḋéin an fear so an Eaglais d’aoireaḋ. Ċuireas-sa fé ċoinneal-ḃáṫaḋ é mar ġeall air. Deir sé anois nár ṫuill sé an ṁal- laċt. Murar ṫuill do ḋéineas-sa éagcóir air, an éagcóir is truime agus is measa ḟéadfaḋ duine a ḋéanaṁ ar ḋuine. Má ḋéineas an éagcóir sin ba ċeart mé féin do ċur fé ċoinneal- ḃáṫaḋ. Má ḋeineas an éagcóir sin cá ḃfuil an ḃean- nuiġṫeaċt so adeir sé atá ionam! Tá an duine ag magaḋ fúm, a ríġ Ċaisil agus a ríoġra Muṁan. Má’s fíor a ċaint féin is ag stealaḋ-ṁagaḋ atá sé fum-sa ó ṫáinig sé go Corcaiġ. D’a ḃríġ sin éiliġim