Page:An Craos-Deamhan - Peadar Ua Laoghaire.pdf/13

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.
5
An Craos-Deaṁan.

Nuair a ċuaiḋ na h-uḃla agus na h-eiṫne isteaċ i ngoile Ċaṫail is aṁlaiḋ a ḋéin piastaí ḋíoḃ istiġ ’na ċorp, agus deaṁain ó ifrean ab eaḋ na piastaí sin. Ḃí deaṁan mór orṫa, agus do ṡloig sé sin an ċuid eile. Ansan do ṡloig sé a raiḃ de ḃiaḋ agus de ḋiġ i mbolg Ċaṫail. Ṫáinig tart agus ocras láiṫreaċ ar Ċaṫal. Ċrom sé ar iṫe agus ar ól, aċ ní ḃainfeaḋ iṫe ná ól an tart ná an t-ocras dé.

Sin mar a ṫárla an lon craois, ’sé sin an Craos- Deaṁan, a ḃeiṫ i mbolg Ċaṫail ṁic Finguine, ríġ Caisil.