Page:An Craos-Deamhan - Peadar Ua Laoghaire.pdf/128

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.
120
An Craos-Deaṁan.

“Curtar síos an méid sin go cruinn i leaḃraiḃ Ċor- caiġe. B’ḟéidir go mbéaḋ gáḋ go cruaiḋ leis an leiġeas i n-Éirinn ’na ḋiaiġ so.”

Do sgríoḃ Mainċín síos na focail sin, agus ċuir sé ċuige iad ċun iad a ċur isteaċ i leaḃraiḃ Ċorcaiġe ċóṁ luaṫ agus do raġaḋ sé aḃaile go Corcaiġ.

Ní ḟeadar-sa ar ṫuig Caṫal an uair sin go ndéan- faḋ meisge, craos-deaṁan an díġe, an t-éirleaċ atá aige ’á ḋéanaṁ anois i n-Éirinn. Pé ’cu ṫuig nó nár ṫuig ḃí targaireaċt ’na ċaint. Tá seilḃ anois ag craos-deaṁan an ṁeisge istiġ i n-a lán daoine agus ní le trí leaṫ-ḃliaġnaiḃ é. Is mó go mór an milleaḋ agus an creaċaḋ atá aige ’á ḋéanaṁ ’ná mar a ḋéin Craos-Deaṁan Ċaṫail riaṁ. Is mó an náire agus an scannal agus an mí-ċlú atá ag teaċt uaiḋ ’ná mar a ṫáinig riaṁ ó Ċraos-Deaṁan Ċaṫail.

Nuair a ḃí na focail sgríḃte, curṫa ċuige, ag Mainċín, do laḃair Caṫal airís.

“Ní foláir, a ríoġra Muṁan,” ar seisean, “a ċeart díoluiġeaċta ṫaḃairt do’n duine seo a ḋéin an tairḃe go léir dúinn. Sidé díoluiġeaċt a ċeapaim-se ḋó. An obair a ḋéinis dóṁ-sa, a Mic Conglinne,” ar seisean, “ag taḃairt mo ċod’ bíḋ dom, is tú a ḋéan- faiḋ an obair sin dom i gcóṁnuiġe, feasda, pé ’cu is "biaḋ ó ḃeólaiḃ” dom é nó naċ eaḋ. ’Na ṫeannta san taḃarfar bó a’ gaċ lios duit ó Ċarn go Corcaiġ, agus brat a’ gaċ cill, agus uinge d’ór ó gaċ fear tíġe, agus caora ḃán a’ gaċ cró caoraċ, agus béiḋ t’inead suiḋte do ġnáṫ ar mo láiṁ ḋeis féin. Ní h-é mo ṫuairim go mbéiḋ aon ċur ’na ċoinniḃ ag aon duine sa Ṁuṁain an díoluiġeaċt san a ṫaḃairt duit. Tá ag dul duit mar an gcéadna, mar is eól dúinn go léir, an coċal so atá ar láiṁ Easboig Ċorcaiġe.”