Page:An Craos-Deamhan - Peadar Ua Laoghaire.pdf/126

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.
118
An Craos-Deaṁan.

an trosgaḋ ḋéanaṁ, trosgaḋ ar ṁaiṫe liom féin, tros- gaḋ gur ċóir nár ġáḋ aċ a innsint dom gur ḃ’air a ḃí mo leiġeas ag braṫ, ċun mé ċur ’ġá déanaṁ go fonn- ṁar uaim féin.

“Nuair innsis an aisling dom tar éis an leiġis a ḃeiṫ déanta agat ċuireas raṫ agus beannaċt ar an aisling agus ar gaċ duine do ’neósfaḋ í go deó, agus ar gaċ duine a ḃéaḋ ag éisteaċt léi d’á h-innsint. Tá níḋ eile agam le déanaṁ anois i dtaoḃ an leiġis. Ní mise an ċéad duine a ḋéin craos. Ní mé an ċéad duine go ḃfuair an deaṁan san seilḃ istiġ ann. Is dóiċ liom, áṁṫaċ, gur mé an ċéad duine a fuair a leiṫéid de leiġeas. Is sean-ḟocal é, “An t-é n-a mbéaḋ fios aige go mbéaḋ leiġeas aige.” Dá mbéaḋ fios an leiġis agam-sa roim ré, agus dá ndéininn uaim féin na neiṫe a ċuiris-se ḟeuċaint orm a ḋéanaṁ, níor ġáḋ ḋuit-se an trioblóid go léir a ġlacaḋ, agus na cúrsaí go léir a ṫaḃairt, agus dul i gcontaḃairt t’anama mar a ḋéinis. Tá ḟios againn go léir conus mar a dúḃairt an Slánuiġṫeóir, molaḋ go deó leis, go ḃfuil deaṁain áiriġṫe agus naċ féidir iad do ċur amaċ a’ duine aċ le trosgaḋ agus le guiḋe ċun Dé. Ní foláir nó is deaṁan acu san an deaṁan úd a ḃí ionam-sa. Dá dtuiginn-se an méid sin i n-am, agus dá gcuirinn róṁam i gceart an trosgaḋ ḋéanaṁ agus mo ġuiḋe ċur ċun Dé, ḃéaḋ an Ṁuṁain go léir ag cur a nguiḋe suas ċun Dé mar aon liom, agus ḃéaḋ an deaṁan díbearṫa fadó.

“Tá an fios agus an leiġeas anois againn, a Ṁic Conglinne, agus gan aṁras is ort-sa a ḃuiḋeaċas, agus ar Ḋia a ċuir ċugainn tú agus do ċuir ad’ ċroíḋe a leiṫéid de trioblóid a ċur ort féin. Tá an fios agus an leiġeas againn, agus ba ṁaiṫ liom-sa go ḃfanfaḋ