Page:An Craos-Deamhan - Peadar Ua Laoghaire.pdf/125

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.
117
An Craos-Deaṁan.

a ċur ḟeuċaint orm mo leas a ḋéanaṁ. Ba ċóir go gcuiṁneóċainn féin fadó riaṁ ar an ḃfírinne sin, naċ foláir do ḋuine a ṫoil do ċur go seasaṁaċ i gcoinniḃ a ḋroċ ṁian sar a ḃféadfaiḋ sé an láṁ uaċtair a ḋ’ḟáġail orṫa. Dá mba ná béaḋ agat-sa le déanaṁ sa sgéal aċ do ṫoil féin a ċur i gcoinniḃ droċ ṁian, déarfaḋ duine go mbéaḋ gníoṁ maiṫ déanta agat nuair a ḃéaḋ san déanta agat. Déarfaḋ duine nár ḃeag ḋuit de ġnó é. Aċ do ċuiris-sé róṁat an gnó san a ḋéanaṁ do ḋuine eile, toil duine eile do ċur i gcoinniḃ droċ ṁian an duine eile sin, agus san do ḋéanaṁ i n-aiṁḋeóin an duine eile sin; mo ṫoil féin do ċur i gcoinniḃ mo ṫoile féin; a ċur ḟeuċaint orm gníoṁ a ḋéanaṁ le m’ ṡaor ṫoil agus mo ṡaor ṫoil ag gaḃáil lom díreaċ i gcoinniḃ an ġníṁ sin.

“D’á ṁéid a ḋéinim maċtnaṁ air sin, a Ṁic Cong- linne, iseaḋ is mó a ḋéinim iongnaḋ ḋé. Aċ gaċ aon ċuid eile de’n obair a ḋéinis, tá sé ċóṁ maiṫ ċun iongnaḋ ċur ar ḋuine leis an méid sin. Ba ṡuaraċ an rud uḃall a ṫaḃairt duit i gcoinniḃ mo ṫoile, agus é ṫaḃairt le m’ ṫoil, seaċas an trosgaḋ a ċuiris ḟeuċaint orm a ḋéanaṁ. Ní raiḃ níḋ ar biṫ ba ṁó a ḃí i gcoinniḃ mo ṫoile ’ná an trosgaḋ céadna san, agus feuċ, is le m’ ṫoil ṁacánta a ḋéineas é. Ḋéineas é ċun tusa ṡaoraḋ ó’n mallaċt. Mura mbéaḋ an ṁallaċt san ní ḟéadfá ċoíḋċe a ċur ḟeu- ċaint orm an trosgaḋ san do ḋéanaṁ. Is cruinn a ḃreiṫniġis m’ aigne nuair a ṫuigis go ndéanfainn, ċun duine eile do ṡaoraḋ ó ṁallaċt, trosgaḋ ná déan- fainn ar mo ṡon féin pé tairḃe ṫiocfaḋ as dom. B’ uaṫḃásaċ an obair duit, a Ṁic Conglinne, dul agus an ṁallaċt san do ṫuilleaṁ agus í tarang ort féin gan aon ċúis eile aċ ċun a ċur ḟeuċaint orm-sa