Page:An Craos-Deamhan - Peadar Ua Laoghaire.pdf/124

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.
116
An Craos-Deaṁan.

CAIBIDIOL A CÚIGDEUG.

Ansan iseaḋ ġluais an ċaint agus an cóṁráḋ agus an cur ṫré ċéile.

“Mo ġraiḋn mo ṡúil!” a deireaḋ duine, “is maiṫ a ḃí ’ḟios agam nár ḃ’ḟear cleas é. Aniér mac Cong- linne! Agus siné an t-Aniér mac Conglinne n-a ḃfuil an ċáil go léir air! Ail-il-iú!"

“Má ḃí ’ḟios agat nár ḃ’ḟear cleas é,” a deireaḋ duine eile, “is ana ḃaileaċ a ċoimeádais an t-eólus agat féin. Níor leigis amaċ aon ḃlúire ḋé go dtí an neómat so.”

“Go deiṁin,” a deireaḋ duine eile, “ní’l ann aċ mar a ḃéaḋ aon ḟear!”

“Ní dóċa,” a deireaḋ duine eile, “gur ċeapais gur ċeart go mbéaḋ gob agus sgiaṫáin air.”

Mar sin dóiḃ.

D’eiriġ Caṫal agus do laḃair sé.

“Tá gaċ níḋ soiléir go leór anois,” ar seisean. “An gníoṁ so atá déanta agat, a Ṁic Conglinne,” ar seisean, “tá buaiḋte aige ar ar déineaḋ riaṁ fós de ġníoṁarṫaiḃ iongantaċa i n-Éirinn. Dob’ iongantaċ an obair duit cuiṁneaṁ i n-aon ċor air. Ansan dob’ iongantaċ an obair duit taḃairt fé. Dob’ iongantaċ an obair duit leanṁaint air mar a ḋéinis, i n-aġaiḋ gaċ deacaraċta agus gaċ droċ úsáide, go dtí gur ċuiris gaċ níḋ ċun cinn i n’am agus i n’áit féin. Is ró ḃeag d’á ċuiṁneaṁ a ḃí agam-sa nuair a ḃís ag lorg na n-uḃall orm gur ar ṁaiṫe liom a ḃís, ná raiḃ sa ċleasaiḋeaċt agus sa n-áilteóireaċt go léir aċ ċun