Page:An Craos-Deamhan - Peadar Ua Laoghaire.pdf/119

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.
111
An Craos-Deaṁan.

i nguais uaṫḃásaċ éigin sar a’ ḃféadfainn a iaraiḋ ar Ċaṫal trosgaḋ ḋéanaṁ ċun an duine ṡaoraḋ ó’n nguais. Ní raiḃ aċ aon duine aṁáin go raiḃ ar mo ċumas é ċur i nguais mar sin. B’é duine é sin ’ná mé féin. Ní ḃéaḋ sé ceart ná dleaġṫaċ agam baint le h-aon duine eile. Ṡocaruiġeas m’aigne air go raġainn féin sa ġuais, agus ó ḃíos le dul ann i n-aon ċor, ċeapas d’á ġéire ḃéaḋ an ġuais gur ḃ’eaḋ ba ḋóiċíġde ḋom an ríġ do ḋéanaṁ an trosgaiḋ ar mo ṡon. Ṫuigeas am’ aigne ná raiḃ guais ba ġéire ’ná duine ḃeiṫ fé ṁallaċt na h-Eagailse agus gearrṫa amaċ ó aon tsúil a ḃeiṫ go deó aige le raḋarc ḟáġail ar ṡolus na ḃflaṫas. Ċeapas go ndéanfainn mé féin a ċur sa ġuais sin, agusansan go ndéanfainn mé féin do ċaiṫeam suas ar Ċaṫal agus go n-iarfainn air trosgaḋ ḋéanaṁ ċun mé ṫaḃairt saor ó’n nguais sin. Ḃí ’ḟios agam ná déan- faḋ cleasaiḋeaċt ná leigint orm an gnó, aċ nár ḃ’ḟoláir gaċ níḋ ḃeiṫ do ċroíḋe dáiríriḃ.

"Isé céad rud a ḃí agam le déanaṁ, d’á ḃríġ sin, ’ná mallaċt na h-Eagailse do ṫaḃairt orm féin; agus ṫuigeas, d’á naoṁṫaċt a ḃéaḋ an t-é ċuirfeaḋ an ṁallaċt san orm gur ḃ’eaḋ ba ġéire an cruaḋtan ’na mbéinn agus gur ḃ’eaḋ ba ḋóiċiġde go nglacfaḋ an ríġ truaġ ḋom. Ní’l sa Ṁuṁain, ná is dóċa i n-Éirinn, fear eagailse is aoirde cáil naoṁṫaċta ’ná Mainċín, Abb Ċorcaiġe. Deirim anso é os a ċóṁair féin, agus ní’l aoinne láiṫreaċ ná h-adṁóċaiḋ go ḃfuil an ḟírinne agam. Ṡocaruiġeas am’ aigne, d’á ḃríġ sin, gur ḃ’é Mainċín a ċaiṫfeaḋ an ṁallaċt a ċur orm. Ḃí deaca- raċt eile sa sgéal ansan. Ní baoġal go gcuirfeaḋ Mainċín an ṁallaċt orm mura ndéanfainn an ṁallaċt a ṫuilleaṁ go cruaiḋ. Ṫánag go Corcaiġ gan aon ġnó eile aċ ċun í ṫuilleaṁ.