Page:An Craos-Deamhan - Peadar Ua Laoghaire.pdf/113

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.
105
An Craos-Deaṁan.

Caibidiol a ceaṫairdeug.

"CÁ ḃfuil an mac léiġinn?” arsa Caṫal, ċóṁ luaṫ agus a ḋúisiġ sé as a ċodlaḋ.

"Táim anso, a ríġ,” arsa Mac Conglinne.

"Inis an aisling dúinn feasta,” arsa’n ríġ. “Pé faid a ḃéiḋ tú ’ġá h-innsint indiu ní ḃéiḋ mé corṫa ḋí, murab ionan a’s indé."

D’inis sé an aisling ansan do’n ríġ, ó ṫusaċ go deire, aċ ní’l an innsint sin curṫa síos sa tseanaċus. Nuair a ḃí an innsint críoċnuiġṫe ċuir an ríġ raṫ agus beannaċt ar gaċ duine do ’neósfaḋ an aisling go deó, agus ar gaċ duine ḃéaḋ ag éisteaċt léi d’á h-innsint.

Ḃí áṫas agus aoiḃneas mór aigne ar Ṗiċán agus ar an ríoġra go léir nuair a ċonacadar go raiḃ Caṫal leiġiste. An ḟaid a ḃí an leiġeas d’á ḋéanaṁ níor ḟéadadar cuiṁneaṁ ar aon rud eile aċ ar an leiġeas, an ndéanfaí é nó an dteipfeaḋ air. Ní raiḃ aon ċoinne i n-aon ċor agá lán acu ná go dteipfeaḋ. Ċonacadar gur ċuir an cleasaiḋe ḟeuċaint ar Ċaṫal an trosgaḋ uaṫḃásaċ a ḋéanaṁ. Aċ níor ṁar a ċéile, dar leó, trosgaḋ ḋéanaṁ agus an leiġeas a ḋéanaṁ. Ḃí ’ḟios acu go ndéanfaḋ an ríġ trosgaḋ go bás aċ go gcuirfeaḋ sé roimis é ḋéanaṁ. Aċ nuair a ċonacadar an leiġeas déanta, é déanta dáiríriḃ, é déanta go h-iomlán agus go críoċnuiġṫe, os cóṁair a súl, is aṁlaiḋ a ṫáinig a leiṫéid sin d’uraim acu do’n ċleasaiḋe, agus ḋéineadar a leiṫéid sin d’iongnaḋ ḋé, gur ḃ’ar éigin ḟéadaidís a súile