Page:An Craos-Deamhan - Peadar Ua Laoghaire.pdf/108

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.
100
An Craos-Deaṁan.

agus síos am sgórnaiġ. Muicḟeóil úr dom feasta; agus luana méiṫe; agus caoirḟeóil ḃreaġ, ḃog, ḃeirḃṫe; agus lionn láidir, deoċ na n-uasal; agus seana ḃagún, leiġeas an ċliaḃ-ġalair; agus im, ola an ċroíḋe; agus leite leaṁnaċta; agus drisíní; agus uḃla cúṁarṫa; agus eiṫneaċa; agus an uile ṡaġas bíḋ d’á ḟeaḃas agus d’á ṡaiḋḃre; agus an uile ṡaġas díġe d’á uaisle agus d’á ṁeisgeaṁla.” Má ḋéinean tú beart do réir na cainte sin, a ṁic léiġinn, tiocfaiḋ an tart agus an t-ocras airís. Béiḋ tú ag iṫe agus ní ḃainfiḋ an biaḋ an t-ocras díot. Béiḋ tú ag ól agus ní ḃainfiḋ an deoċ an tart díot. Béiḋ tú ag iṫe agus ag ól go dtí go ndeárfaiḋ an ċéad ġreim nó an ċéad ḃolmoc leis an ngreim ndeirineaċ nó leis an mbolmoc ndeirineaċ, “Greadaḋ ċugat, a ċaraṁadra, cad é an gnó atá anso anuas agat? Fan ṫuas adeirim leat! Dar fiaḋ aċ má ṫagan tusa anuas raġad-sa suas! Ní’l aon tslíġ sa n-áit seo d’á ṫuille againn!” Ansan iseaḋ ḃéiḋ an sgéal go h-olc agat, a ṁic léiġinn, agus ní ḃéiḋ do leiġeas le fáġail an tarna h-uair.""

Nuair a ḃí Mac Conglinne ag ráḋ na cainte sin ṫug na daoine fé ndeara go raiḃ Caṫal ana socair agus a ḃéal ar osgailt. Ċonacadar rud éigin ’na béal. Do riṫ Mac Conglinne agus do ġríos sé greim ana ṁéiṫ de’n ḟeóil leis an dteine agus ċuir sé le béal an ríġ é. Nuair a ḃí an greim feóla ag teaċt ċonaic na daoine go raiḃ an rud a ḃí i mbéal an ríġ na ḃeaṫaiḋ. Rud i ḃfuirm aircluaċra ab eaḋ é. Ḃí a ċeann lasmuiċ de ḃéal an ríġ aige, agus é ag suaṫaḋ a ċinn anonn ’s anall agus ag cur a ṫeangan amaċ. Ċóṁ luaṫ agus ṫáinig an greim feóla i n-aċ- maireaċt dó, fé mar a ḃéaḋ eagal air go snapfaí uaiḋ