Page:An Craos-Deamhan - Peadar Ua Laoghaire.pdf/107

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.
99
An Craos-Deaṁan.

léir i n-aonḟeaċt agat. Sidiad na h-oċt saiġseana; seagal, searḃán, maolán, ruaḋán, cruiṫneaċt, eórna, fíḋbaċ, coirce. Déanfaiḋ an cócaire ḋuit oċt mbulóga de gaċ saġas arḃair acu san. Ansan déanfaiḋ sí oċt saiġseana annlainn duit le gaċ bulóig. Agus déan- faiḋ sí an t-arán agus an t-annlann ċóṁ maiṫ, ċóṁ milis, ċóṁ deiġ-ḃlasta san, go mbéiḋ do ṡúile ag casaḋ agus ag léimriġ ad’ ċloigean le linn gaċ greama de’n ḃiaḋ a ḃéiḋ agat ’á ċogaint.""

(Nuair a fuair Mac Conglinne ná raiḃ oiread suime ag Caṫal ’á ċur ins na blúirí feóla agus ḃí i dtusaċ, ċuireaḋ sé gaċ blúire ċun na teine sar a gcuireaḋ sé ċun béil an ríġ é.)

""Nuair a ḃéiḋ raint aimsire caiṫte agat ag fáġail do ċod’ bíḋ ar an gcuma san, a ṁic léiġinn," arsa’n Fáṫliaiġ, “moṫóċair an dúil ṁí-nádúrṫa ag imṫeaċt uait. Aċ ní foláir duit leanṁaint ar an leiġeas go dtí go mbéiḋ an galar imṫiġṫe ar fad. Is ’mḋó leiġeas maiṫ go dteipean air nuair ná faġan sé ceart ar an gcuma san. Nuair ná bíon duine aċ leaṫ leiġiste ní foláir leis go minic a áiteaṁ air féin go ḃfuil sé leiġiste go h-iomlán. Siúd ċun siú- ḃail é i ndiaiġ na seana ḃéas agus siúd ar ṁullaċ a ċinn sa tseana ġalar airís é. Sin mar a ḃéiḋ agat-sa, a ṁic léiġinn, mura mbéiḋ foiḋne agat, agus a ċeart féin a ṫaḃairt do’n leiġeas. Nuair a ḃéiḋ cuid de’n aimsir curṫa ḋíot agat agus do ṡláinte ag casaḋ ort, misneaċ na sláinte ag teaċt airís at’ ḃallaiḃ beaṫa, - tú ag dul i n-óige, dar leat, - na h-abair leat féin, “Táim leiġiste! Ní miste ḋom feasta imṫeaċt agus gaċ biaḋ d’á mbuail- fiḋ umam a ḋ’iṫe fé mar a ḋéininn nuair a ḃíos óg, agus gaċ deoċ d’á ḟeaḃas a leigint siar am’ ċogansaċ