Page:An Craos-Deamhan - Peadar Ua Laoghaire.pdf/106

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.
98
An Craos-Deaṁan.

“"Anois, i dtaoḃ an ḃíḋ. Ná caiṫ aon ḃiaḋ aċ biaḋ a déanfar de ṡaġas éigin arḃair, agus bíoḋ cócaire tuisgionaċ, eólgaiseaċ agat ċun an ḃíḋ sin d’ollaṁuġaḋ ḋuit, a ṁic léiġinn. Táid mná ann, a ṁic léiġinn, agus an biaḋ is foláine agus is blasta d’ár ḟás riaṁ ainíos as an dtalaṁ ḋéanfaidís biaḋ mí-ḟoláin dé, le h-easba eóluis agus le h-easba tuisgiona agus le h-aindeise láiṁseála. Táid mná eile ann agus tá eólus agus tuisgint acu agus deas-láṁaċaiġe. D’ollaṁóċaidís an biaḋ go h-áluinn, aċ ’na ḋiaiġ san ní leigfidís do’n ḃiaḋ aon tairḃe ḋéanaṁ duit mar do loitfidís do ġoile ort nuair a ċíḋfeá iad, agus muc ar gaċ malainn acu, agus faobar ar a gcaint, agus iad ag cnáiṁseáil agus ag gluai- reán agus ag spriúċaḋ. Faiġ-se, ċun an ḃíḋ d’ollaṁuġaḋ ḋuit, bean go mbéiḋ an t-eólus agus an tuisgint aici; agus í deasláṁaċ, slaċtṁar, fuinte, fáisgiṫe, glan; agus í stuamḋa, stuidéarṫa; agus í séiṁ, sultṁar, gealġáiriteaċ; bean gur fearrde an biaḋ é ṫeaċt as a láiṁ ċugat, agus gur fearrde ṫusa an biaḋ ḋ’ḟáġail as a laiṁ. - I dtusaċ do leiġis, a ṁic léiġinn, ní’l ceadaiġṫe ḋuit aon tsaġas bíḋ a ċaiṫeaṁ aċ biaḋ arḃair."

""Is cruaiḋ an cás é sin, a ríġ!” arsa mise.

""Tá go maiṫ, a ṁic léiġinn,” ar seisean. “Má’s cruaiḋ an cás é ná bac é féin. Bíoḋ do roġa agat, an galar nó an leiġeas. Má’s cruaiḋ é an leiġeas is trom é an galar. Cé’cu ḃéiḋ agat?"

""Gaḃaim pardún agat, a ríġ,” arsa mise, “an leiġeas ṫar gaċ níḋ."

""Tá go maiṫ,” ar seisean. “Faiġ an cócaire ar dtúis. Ansan faiġ na h-arḃair. Tá oċt saiġseana arḃair ann, agus bíoḋ do roġa agat díoḃ, nó bídís go