Page:An Craos-Deamhan - Peadar Ua Laoghaire.pdf/105

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.
97
An Craos-Deaṁan.

ná feadar anoċt cá mbéiḋ mo ṫriall amáireaċ. Ní’l aoinne agam a ḋéanfaḋ uruḋas orm ná do raġaḋ i ngeall dom, go mór mór i n-aon rud aḃainfeaḋ le biaḋ ná le deoċ. Ní’l aon iontaoiḃ ag aoinne asam, ins na neiṫiḃ sin pé ’n-Éirinn é."

""Tá tobar i n-aice an tíġe sa ḃaile agat,” ar seisean, “nuair a ḃíon tú sa ḃaile. Imṫiġ amaċ gaċ aon ṁaidean ċun an tobair sin agus niġ do láṁa agus t’aġaiḋ ann, agus niġ do ḃéal leis an uisge, agus déin t’ḟiacala do sgiomar le d’ṁéireanaiḃ agus le t’órdógaiḃ go dtí go mbéid siad ċóṁ geal leis an sneaċta, agus do ḃéal ċóṁ cúṁra le drúċt ar neóiníníḃ. ’Neósfaiḋ an tobar san dóṁ-sa cé’cu ḃéir ag cóṁlíonaḋ na riaġlaċ nó ná béir. Tá uisge an tobair ag teaċt ċugam-sa anso fé ṫalaṁ."

""Déanfad-sa san, a ríġ,” arsa mise.

""Déin,” ar seisean, “nó bíoḋ ort féin. Nuair a ḃéiḋ do ḃéal agus t’ḟiacala sgiomarṫa glan agat, le h-uisge an tobair, déin do ċeann a ċíoraḋ go maiṫ. Ná fág oiread agus ruibe de t’ġruaig as a inead. Ansan imṫiġ amaċ ċun coille ag bun sléiḃe agus cuarduiġ crann daraiġe nó crann fuinnseóige n-a ḃfeicfir rian na mion-ġealḃún ar a ġéagaiḃ. Taḃair leat aḃaile áḋḃar teine de’n dair ḋearg nó de’n ḟuinnseóig oċt-slisniġ. Aduiġ teine ḋuit féin ar ṫínteán ná béiḋ ró árd ná ró íseal, i dtreó go dtéiḋfiḋ a gríos tú agus ná loisgfiḋ a lasair tú agus ná raġaḋ a deataċ ad’ ṡúiliḃ. Bíoḋ aġaiḋ na teine sin soir ó-ṫuaiḋ agat. Leaṫ amaċ ar an dtalaṁ, ar aġaiḋ na teine amaċ, croicean buláin bliaġna, agus cuir bloc truím i n-aice leis an gcroicean. Ansan déin tú féin a ṡíneaḋ ar an gcroicean, agus leig do ṫaoḃ i gcoinniḃ an ḃluic agus téiḋ ṫú féin go maiṫ.