Page:An Craos-Deamhan - Peadar Ua Laoghaire.pdf/104

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.
96
An Craos-Deaṁan.

“"Is aṁlaiḋ go díreaċ, a ríġ,” arsa mise, “agus ansan méaduiġean an t-ocras agus an tart an doiċeal orm i dtreó go mbíon fuaṫ ag gaċ aoinne ḋom agus gráin ag gaċ aoinne orm ċóṁ luaṫ agus ċuirid siad aiṫne orm i gceart. Ní’l aon truaġ ar an dtalaṁ so is mó ’ná mé! Má tá doiċeal orm cad é an leiġeas atá agam air! B’ḟéidir go dtiocfaḋ doiċeal ba ṁó ’ná é ar ċuid acu féin dá mbéaḋ mo ġalar-sa orṫa."

""Ná bíoḋ ceist ort anois, a ḟir ḃoiċt,” ar seisean. “Taḃarfad-sa riaġail duit le breiṫ aḃaile leat, agus má ḋéinean tú beart d’á réir leiġisfear ṫú agus ní ḟillfiḋ an galar ort ċoíḋċe."

""Ó,” arsa mise, “is maiṫ é sin! Is maiṫ é sin! Cad í an riaġail a ṫaḃarfair dom, a ríġ?"

""Ní h-aon ṁaiṫ ḋom,” ar seisean, “an riaġail a ḋ’innsint, ná í ṫaḃairt duit le breiṫ leat aḃaile, mura mbéiḋ deiṁne agam go ndéanfair an riaġail do ċóṁlíonaḋ go cruinn agus go h-iomlán agus go beaċt. Ṫugas riaġail ċun leiġis do ḋaoiniḃ ċeana, agus do ġlacadar an riaġail uaim agus ġealladar go gcuirfidís an riaġail i ngníoṁ go h-iomlán. Ċua- dar aḃaile. Níor ċuireadar i ngníoṁ aċ an méid a ṫaiṫin leó de’n riaġail, agus san féin níor ḋéineadar aċ pé faid aimsire a ṫaiṫin leó. Níor leiġiseaḋ iad. Níor ḃ’ḟéidir é. Ansan ní raiḃ acu le ráḋ aċ ná raiḃ aon ṁaiṫ sa leiġeas. Ní h-aon ṁaiṫ ḋóṁ-sa cóṁairle ṫaḃairt duit-se mura ndéinir an ċóṁairle, agus conus a ḃéiḋ ’ḟios agam go ndéanfair an ċóṁairle mura mbéiḋ deiṁne agam air?"

""Is fíor san, a ríġ,” arsa mise, “aċ cad é an deiṁne ḟéadfainn-se ṫaḃairt duit go ndéanfad an riaġail do ċóṁlíonaḋ cruinn? Ní’l ionam aċ deóraiḋe boċt gan áird a ḃíon ag imṫeaċt ó áit go h-áit agus