Page:An Craos-Deamhan - Peadar Ua Laoghaire.pdf/101

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.
93
An Craos-Deaṁan.

Caibidiol a trídeug.

"ĊÓṀ luaṫ agus ṫánag i láṫair an Ḟáṫléaġa ċuireas liúġ asam: “Ó!” arsa mise, “Guiḋ orainn! guiḋ orainn! guiḋ orainn!"

""I n-ainim na maoiṫile,” ar seisean liom, “cad d’imṫiġ ort! Nó cad a ṫug an cor san ort!"

""Ḃíos ag gaḃáil tríd an ríġ-ṫiġ seo, a ríġ uasail,” arsa mise, “ag feuċaint an ríġ-ṫíġe, agus, toisg gan eólus ná aiṫne ná taiṫiġe ḃeiṫ agam ar na seómraiḃ ná ar na póirsíḃ, do ċuaḋas amú". Ṁeasas teaċt anso isteaċ, agus cá seólfaí mé aċ isteaċ i seómra an ime. Ċonac, dar liom, an toċt breaġ geal lastiġ de’n dorus. Ḃí tuirse orm, agus ċeapas go sínfinn mé féin ar an dtoċt ar feaḋ tamaill. Ċai- ṫeas mé féin isteaċ air agus, dar ndó, siúd síos tríd mé! Mura mbéaḋ na daoine seo a ṫáinig ċugam agus do ṫaraing as an im mé, ḃíos múċta, taċtaiṫe, marḃ, gan sagart gan bráṫair! Ó! Is ar éigin atá m’anál i gceart fós agam. Guiḋ orm, a ríġ, nó is baoġal ná cuirfead díom go deó an t-anaiṫe a fuaras."

"D’ḟeuċ sé go géar orm.

""Cuirfir díot an méid sin, a ṁic ó,” ar seisean. "Ní fiú biorán gan tón an méid sin. Tá galar ort, áṁṫaċ, is measa ḋuit ċugat go mór ’ná é. Tá daṫ mí-líṫeaċ ar t’aġaiḋ, daṫ an ḃáis. Láṁa buiḋe. Beóil ḃreaca. Súile liaṫa. Cuisle lag. Féiṫeaċa fanna agus iad éiriġṫe suas, ag baint ó t’ ċuid fola agus ó t’ ċuid feóla agus ó t’ altaiḃ agus ó t’ ingniḃ. Tá triúr ag cur ort, a ṁic ó, agus ní