Page:Ag séideadh agus ag ithe - Ua Laoghaire.djvu/20

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.
10
Cad a Ċam Srón Fírín?

“Aon ġé aṁáin,” ar seisean——“agus aon ġandal aṁáin."

"Ó—Ó—Ó!” ar sisi. Agus ó’n lá san go lá a báis níor laḃair sé focal nár ġéill sí ḋó ann, pé ’cu ḃí an ceart aige nó ná raiḃ.

8.—CAD A ĊAM SRÓN FÍRÍN?

Beirt seana-ḃan a ḃí ’n-a gcóṁnuiḋe i ḋá mboṫán ḃeaga i n-aice ’ċéile, agus Méiḃín ab ainm do ṁnaoi acu, agus Murainn do’n ṁnaoi eile. Ḋein Murainn rud éigin nár ṫaiṫn le Méiḃ. Ċeap Méiḃín é agairt uirṫi. Ṫagaḋ Méiḃín isteaċ ag triall ar Ṁurainn go minic, ċun ḃeiṫ ag cainnt. Ṫéiġeaḋ Murainn go minic isteaċ ag triall ar Ṁéiḃín ar an intinn gcéadna. Ḃí maidirín ag Méiḃ, agus Firín ab ainm dó. Nuair a ṫagaḋ Méiḃ isteaċ i mboṫán Ṁurainn, ṫagaḋ Firín le n-a cois. Annsan ḃíoḋ Méiḃ ar ṫaoḃ de’n teine, agus Murainn ar an dtaoḃ eile, agus Firín eatarṫa ’n-a ṡuiḋe ar lic an tínteáin ’ġá ġoraḋ féin.

Lá, nuair a ḃí an ḟearg ar Ṁéiḃín, ṫáinig sí féin agus Firín isteaċ i dtiġ Ṁurainn. Do ṡuiḋ sí ċun na teine ar aġaiḋ Ṁurainn anonn, agus do ṡuiḋ