Page:Aesop a tháinig go h-Éirinn, Cnuasach a II.djvu/52

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.

48

an obair. Agus ṁá’s ruḋ ḃeannuiġṫe an oḃair is ruḋ ṁalluiġṫe an díoṁaointeas. An t-é 30 a ċaiṫfiḋ a óige ag iṫe agus ag ól agus ag rinnce le ceól tiocfaiḋ an t-aos aip, agus ḃeiḋ teinneas agus diaċair aip ṁar ġeall ar an ndroċ-úsáid a ṫug sé ḋó féin i dtosaċ a ṡaoġail, agus ní ḃeiḋ aon pud curṫa ’n-a ċóir féin aige ċun aon 35 ḃogaḋ ḋéanaṁ ar an gcruaḋtan. Beiḋ aige “gol an ġáire” a ḃi i dtosaċ a ṡaoġail aige.

Má ḋeinean an droċ-úsáid ciorrḃaḋ ar a ṡaoġal beiḋ sé ar an saoġal eile, agus is ḃaoġalaċ go mbeiḋ “gol” níosa ṁeasa aige.

40 Cuiṁniġ i n-aṁ ar na neiṫiḃ sin.


34.—AN MADA-RUAḊ AGUS AN LEÓṀAN BREOITE.

Ḃí an leóṁan breóite. Sin é an ráfla do ċuaiḋ amaċ, pé i n-Éirinn é. Ḃí na h-ainṁiḋṫe go léir ag teaċt, mar ba ċóir, ag feuċaint an ríġ. Ṫug an leóṁan fé ndeara nár ṫáinig an mada- 5 ruaḋ. Ċuir sé an seacál ag ṫriall ar an mada-ruaḋ ’ġá ḟiafraiġe ḋé cad ’n-a ṫaoḃ nár ṫáinig sé ag feuċaint an ríġ fé ṁar a ṫáinig an ċuid eile des na n-ainṁiḋṫiḃ.

“Gaḃ ṁo leiṫsgéal leis an ríġ,” arsa’n 10 mada-ruaḋ leis an seacál, “agus abair le n-a Soillse go ḃfuil oiread urrama agam anois dó agus ḃí riaṁ agam dó. Agus aḃair le n-a Soillse