Page:Aesop a tháinig go h-Éirinn, Cnuasach a II.djvu/33

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.

29

20.—AN COGAḊ IDIR NA h-ÉANLAIṪE AGUS NA ḂEIṪIḊIĠ.

D’eiriġ cogaḋ fadó idir na h-éanlaiṫe agus na beiṫiḋiġ. Ċuaiḋ na h-éanlaiṫe go léir ar ṫaoḃ agus na beiṫiḋiġ go léir ar an dtaoḃ eile.

Ḃí an sgiaṫán leaṫair i gcás ’dir dá ċóṁairle. Ḃí an déanaṁ dúbalta air. D'ḟéadfaḋ sé dul 5 leis na h-éanaiḃ mar ġeall ar a ḋá sgiaṫán, nó ḋ’ḟéadfaḋ sé dul leis na beiṫiḋiġ mar ġeall ar a ḃéal. Ḃí sé ag breiṫniuġaḋ orṫa feuċaint cé ’cu taoḃ ba ḋóiċ leis a ḃuaḋfaḋ. I dtusaċ an ċaṫa ċeap sé go mbéaḋ an buaḋ ag na h-éan- 10 laiṫiḃ. Ġaiḃ sé leó, aċ níor ċuaiḋ sé isteaċ i lár an ċaṫa. D’ḟan sé ar an imeall, agus é ag faire ċuige feuċaint conus a ġeóḃaḋ an caṫ. Níor ḃ’ ḟada gur buaileaḋ isteaċ i n-a aigne gur ag na beiṫiḋiġ a ḃéaḋ an buaḋ, agus siúd 15 ċuca anonn é agus an dá ṡluaġ ag feuċamt air. Ċeap na beiṫiḋiġ, ar dtúis, gan é ġlacaḋ, aċ do ṫaisbeáin sé a pus dóiḃ, agus ansan d'adṁuiġeadar gur ḃeiṫíḋeaċ é, agus do ġlacadar é.

Do ġluais an caṫ. Ḃí an leóṁan ’n-a ar 20 na beiṫiḋiġ agus an fiolar ’n-a ríġ ar na h-éanaiḃ. Ṫug an fiolar foġa sanntaċ fé’n leóṁan. Ḃí an ḃuntáirte aige mar d’féad fé eiriġe sa n-aep os cionn an leóṁain. Do ṫúirling sé anuas air go h-obann, agus sar a 25 raiḃ ḟios ag an leóṁan cad a ḃí ċuige, ḃí súil