Jump to content

Page:Aesop a tháinig go h-Éirinn, Cnuasach a II.djvu/31

From Wikisource
This page has not been proofread.

27

“Greadaḋ ċugat, a rud ḋroċ-ṁiotalaiġ!” 5 arsa ’n capall leis. “Ní ḟéadfá féin an féar a ḋ’iṫe, agus ní leigfeá ḋóṁ-sa é ḋ’iṫe!”

An Múineaḋ.

Tá aicme daoine sa tsaoġal agus deinid siaḋ díreaċ mar a ḋein an madra úd a ḃí sa ṁainséar. 10 An rud ná féadfaidís féin aon úsáid a ḋéanaṁ dé b’fearr leo é ċoimeád díoṁaoin ’ná a ṫairḃe ḃeiṫ ag aoinne eile. Tá daoine eile agus is aṁlaiḋ a ḃéaḋ áṫas an doṁain orṫa a ḃeiṫ ar a gcumas tairḃe ḋéanaṁ do ḋuine eile. Ní h-é 15 aṁáin an rud ná béaḋ aon ġnó acu féin dé ba ṁaiṫ leó a ṫaḃairt do’n t-é n-a mbéaḋ gáḋ aige leis, aċ an rud n-a mbéaḋ gnó acu féin dé do leigfidís orṫa ná béaḋ, i dtreó go ḃféadfaidís an tairḃe ḋéanaṁ do’n ċóṁarsain. 20


19.—AN ĊÚ AGUS AN MAISTÍN.

Ḃí fear ann agus ḃí cú aige ċun fiaḋaiġ, agus ḃí maistín fa ḃaile aige ċun aireaċais a ḋéanaṁ ar an dtiġ. Nuair a ṫagaḋ an t-am ċun a gcoda ṫaḃairt dos na gaḋaraiḃ do ġeiḃeaḋ an maistín a ċion de’n tseilg ċóṁ maiṫ leis an 5 gcuin.

“Ní’l san dleaġṫaċ,” arsa’n ċú leis an maistín.