Jump to content

Page:Aesop a tháinig go h-Éirinn, Cnuasach a II.djvu/21

From Wikisource
This page has not been proofread.

17

“An í sin do ṫuaġ?” ar seisean leis an siúinéir.

“Ó, ní h-í, a ḋuine uasail,” arsa ’n siúinéir. “Tuaġ airgiḋ is eaḋ i sin.”20

Ċuaiḋ Mercurí síos an tríoṁaḋ h-uair agus ṫug sé leis aníos an tuaġ ceart, an tuaġ iarainn a ṫuit síos.

“An í sin í?” ar seiséan.

“Ó, is í go díreaċ, a ḋuine uasail,” arsa’n25 siúinéir.

“Seo ḋuit í” arsa Mercurí, “agus seo ḋuit an dá ċeann eile leis, mar is duine fíor ṁacánta ṫú,” agus ṡín sé ċuige na trí tuaġana.

Do h-innseaḋ an sgéal ar fuid na tíre. D’airiġ30 siúinéir eile é. Ṫáinig sé go port na h-aḃann. Ċaiṫ sé isteaċ seana ṫuaġ a ḃí aige. Ansan do ċrom sé ar lógóireaċt. D’airiġ Mercurí é agus ṫáinig sé ag triall air.

“Cad ’tá ort, a ḋuine ḃoiċt?” arsa35 Mercurí leis.

“Ó, a ḋuine uasail,” ar seisean, “mo ṫuaġ do ṫuit sa n-aḃainn uaim, agus ċad a ḋéanfad? Cad a ḋéanfad i n-aon cor?”

“Cár ṫuit sí isteaċ uait?” arsa Mercurí.40

Ṫaisbeáin sé an áit dó. Do léim Mercurí síos agus ṫug sé leis aníos tuaġ óir.

“An í sin do ṫuaġ?” arsa Mercurí.

“Ó, is í go díreaċ!” ar seisean, agus ṡín sé a láṁ ċun greama ḋ'ḟáġail uirṫi. Do ṫarraing45 Mercurí ċuige í.