Page:Íosagán agus sgéalta eile - Mac Piarais.pdf/16

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.

Ins an “gClaiḋeaṁ Soluis,” i gcaiṫeam na mbliaḋan 1905 agus 1906, a cuireaḋ na sgéalta so i gcló de’n ċéad uair. Sgríoḃaḋ tús sgéil “An tSagairt” as an nuaḋ le haġaiḋ an leaḃráin seo, agus cuireaḋ aṫruġaḋ beag ar na sgéaltaiḃ eile annso ’s annsúd.

Táim fá ċomaoin ṁóir ag mo ċaraid óg, Colm Ó Neaċtain, as uċt ar ṫug sé ḋom de ċongnaṁ agus mé i n-éadan an leaḃair seo. Is é a ċuir na focla sa ḃFoclóir i ndiaiḋ a ċéile tar éis iad a sgríoḃaḋ dom-sa. B’ḟéidir, le congnaṁ Dé, go mbeinn-se ag cuidiuġaḋ leis-sean le slaċt a ċur ar leaḃair fá ċeann deiċ mbliaḋan eile, má’s slán dúinn ar aon.

P. Mac P.