Cá luionn Alzette faoi mhoín is spéir
Cár bhris an Sauer trínn ngleann.
Nach aoíbhinn Mosel, blas fionchaor
Ait bhronn Neamh 'rainn ar bhfíon
Mar sin atá ár dtír chaoin féin,
Ar ndílseacht dí go deo.
Ar dtírín féin, a thuill ar ngrá,
Ar gcroíthe is ár ndóigh.
A Thiarna, sínigh dúinn Do lámh,
Is tabhair dúinn neart is sos.
Cosain ar dtírín Lúcsambúrg.
O smacht, thall is i bhfus.
Do thugais dúinn, is sinne óg.
Do sprid-se iontach saor,
Tabhair dúinn anois Do ghrian go deo
Go mbéimis uilig Do mhaoir