Mairg nach fuil 'na dhubhthuata
Appearance
Mairg nach fuil 'na dhubhthuata
gé holc duine 'na thuata,
i ndóigh go mbeinn mágcuarda
idir na daoinibh duarca.
Mairg nach fuil 'na thrudaire
eadraibhse, a dhaoine maithe,
ós iad is fearr chugaibhse,
a dhream gan iúl gan aithne.
Dá bhfaghainn fear mo mhalarta,
ris do reacfainn an suairceas;
do-bhéarainn luach fallainge
idir é 'gus an duairceas.
Ós mó cion fear deaghchulaith
ná a chion de chionn bheith tréitheach,
truagh ar chaitheas le healadhain
gan é a-niogh ina éadach.
Ós suairc labhartha is bearta gach buairghiúiste
gan uaim gan aiste 'na theangain ná suanúchas,
mo thrua ar chreanas le ceannaraic cruaphrionta
ó bhuaic mo bheatha nár chaitheas le tuatúlacht.