Irisleabhar na Gaedhilge/Imleabhar 1/Uimhir 1/Staid na Gaedhilge agus teangthadh eile ins na Staidibh Aontuighthe

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
Irisleabhar na Gaedhilge, Imleabhar I, Uimh. 1 by Thomas O'Neill Russell
Staid na Gaedhilge agus teangthadh eile ins na Staidibh Aontuighthe
[ 21 ]

Stáid na Gaeḋilge agus Teangtaḋ eile ins na Stáidiḃ Aontuiġṫe.

Le T. O. Ruiséal.


Ní’l aon tír ’san doṁan in a d-tugṫar níos lúġa dé ċúram do ṫeangṫaiḃ, ioná tugṫar dóiḃ ’s na Stáidiḃ Aontuiġṫe d’ America. Ag so aon de na neiṫiḃ a tá go léir in aġaiḋ na baraṁla do ṫiocfaḋ a g-ceann duine naċ raiḃ riaṁ in America, agus do ḋeunfaḋ a ḃaraṁuil de réir céille coitċionna. Do ḃeiḋeaḋ fios aige naċ raiḃ teanga ’san doṁan naċ laḃaireaḋ in America, agus smuainfeaḋ se go nadúrṫa, gur riaċtanaċ do gaċ aon, leaṫ dusain teangṫa do laḃairt dá m-ba áil leis dul air aġaiḋ in a gno, is cuma cad é an sórt gnó do leanfaḋ se.

Ṫá an ḃaraṁail so míċeart go léir. Ní ċuireann na h-Americanaiġe aon t-suim i d-teangṫaiḃ. Cluineann siad beagnaċ gaċ teanga na h-Eorpa ’ga laḃairt in a d-timċeall gaċ lá ’san m-bliaḋain, aċt ní’l aon ḟear ’san g-céad míle ḋíoḃ, ḟóġluimeas aon ċeann de na teangṫaiḃ coigċríoċa d’á g-cluineann siad, agus is cosaṁail go n-inniseann niḋ éigin dóiḃ, go raċaiḋ na teangṫa coigċríoċa so ṫart mar ċeo, agus naċ ngeuḃfaiḋ siad freuṁ riaṁ in a d-tír. Níl aon de na teangṫaiḃ so ċo táḃaċtaċ leis an Gearmánaċ. Laḃairṫear í le ceiṫre miliun daoineaḋ in America, aċt tá si dul ṫart mar ċeo na maidne. Is í an ḟirinn go beaċd í, dá g-cuirfeaḋ cosg air aistriuġaḋ na nGearmánaċ go d-tí America, naċ mairfeaḋ a d-teanga dá ḟiċid bliaḋain. Tá so dearḃṫa in iomad móḋ. Ní ḟóġluimeann na Gearmánaiġe rugṫar in America, teanga a sinsear; feudann an ċuid is mó ḋíoḃ í láḃairt; aċt is anaṁ, [ 22 ]tra, a faġṫar aon aca fóġlumṫa in a ṫeangain, agus is tearc na daoine aca le n-a d-tiocfaḋ, páipeur Gearmánaċ do ċur in eagar no leaḃrán air ġraiméar na teangan do sgríoḃaḋ. Do ḃí dá ṗáipeur Gearmánaċa in Albani, i stáid Nuaḋ-Eaḃraic, tríoċad bliaḋain ó ṡoin, aċt tá siad marḃ anois; ċo luaṫ ás d’ḟás suas geinealaċ óg de Ġearmánaiġiḃ ins an g-caṫraiġ sin, do sguireadar ó laḃairt na teangan Gearmánaiġe; d’eug na seandaoine; ní raiḃ aonneaċ le leuġaḋ na b-páipeur Gearmánaċ, agus dob’ éigin dóiḃ fáġail báis. De na h-uile ṫeangṫaiḃ a tá i d-tuasceart mórṫíre America, taoḃ amuiġ de’n Ḃeurla, ní’l aon ċeann díoḃ naċ ḃ-fuil ag eugaḋ aċt an Ḟraincís aṁáin. Dá m-beiṫ an meud Francaċ innti, agus atá de Ġearmánaiġiḃ, is cosaṁail go n-eireoċaiḋ an Ḟraincís do ḃeiṫ ’na teangain na tíre go léir.

Is urus a ṁeas go ḃ-fuil an Ġaeḋilig failliġṫe in America mar aon le na teangṫaiḃ coigċríoċa eile; aċt tá aon ċúis saorṫa aig an Ġaeḋilig innti, naċ ḃ-fuil aig na teangṫaiḃ eile; ’sí so smuaineaḋ na n-Éireannaċ gur ab éigin dóiḃ a d-teanga do ṡaoraḋ ó ḃás mar aon le n-a d-tír. Ní raiḃ aon smuaineaḋ aig an b-pairti tíoraṁ- ail Éireannaċ in America fiċe bliaḋain ó ṡoin uim a d-teangain, aċt, taoḃ astiġ de na seaċt no oċt m-bliaḋanaiḃ déigeanaċa, tá an smuaineaḋ so, gur ab ionnan bás na teangan agus bás an ċiniḋ, ag fás níos troime gaċ lá ’na measg; agus tosuiġeann siad d’ḟeicsin gur ab an í teanga “an carta déigeanaċ in a láṁaiḃ.” Is fíor go ḃ-fuil mórán de’n ṗairti dá ngoirṫear “tíoraṁail,” naċ g-cuireann aon t-suim in a d-teangain, agus is cuma leo ca uair eugfaiḋ si; aċt tá an sórt so d’Éireannaiġiḃ ag eirġe níos teirce gaċ lá, agus anois ní láṁóċaḋ aon dóiḃ aon ṁagaḋ do ċur air an Ġaeḋilig, bíoḋ naċ d-tuigeann siad féin focal dí. ’Siad fir-eagair na b-páipeur Éireannaċ, na naiṁde is mó agus is troime aig an Gaeḋilig ’sa m-baile agus i g-cian. Is tearc go ḃ-fuil aon ḟear aca le fáġail, naċ mairḃeóċaḋ an Gaeḋilge sul ċaiṫfeaḋ se a ḋinéir, dá m-b’ ḟéidir leis é ḋéanaṁ. Tá eagla orra a d-taoiḃ na Gaeḋilge, óir saoileann mórán díoḃ naċ fad duínn an aimsir in a m-beiḋ riaċtanaċ ḋóiḃ a b-páipeura do ċlóḃualaḋ go leaṫaċ no b’ḟéidir go léir a nGaeḋilig. Ní h-áil leo so, óir ní’l fear aca ṫuigeas focal de ṫeangain a d-tíre, agus tá siad ró leisgeaṁuil d’á fóġluim. Deirṫear so gan aon dúil náṁdaċ in aġaiḋ na h-iomad daoineaḋ uasal ḟoillsiġeas na páipeura Éireannaċa ’s am-baile agus i g-cian. Ní’l aon ṁian aig an sgríoḃadóir do ráḋ neiṫeaḋ ’na d-timċeall naċ ḃ-fuil taiṫneaṁaċ leo: dá m-beiṫ dó no trí aca do ċuirfeaḋ spéis agus suim in a d-teangain tíoraṁil, agus do ḋéanfaḋ aonniḋ d’a caḃaraḋ, ní déarfaḋ se aon ḟocal ’na d-timċeall; aċt ’nuair naċ ḃ-fuil aon aca le fáġail do ṫaḃairt an ċongnaiḋ is lúġa ċum na h-oibre uaisle so a tá ós a g-cóṁair air feaḋ sé no seaċt m-bliaḋan, is soilléir leis féin agus na h-uile ḋaoiniḃ, naċ n-déanfaiḋ na daoine uaisle so aonniḋ air son na Gaeḋilge no go m-beiḋ se riaċtanaċ ḋóiḃ é ḋéanaḋ air son a n-aráin agus a n-ime féin.

Ní mór é le h-iarraiḋ, go m-beid an leaḃar míosaṁuil so clóḃuailte go ceart agus do réir riaġal graiméir na Gaeḋilge. Is scannail ṁór í, an sórt Gaeḋilge clóḃuailtear gaċ lá in Eirinn, in Albainn agus in America. Dob’ ḟéarr é míle uair, gan an Ġaeḋilig do ċloḃualaḋ air aon ċor, ioná d’a ḋéanaḋ mar déantar é go minic. Dob’ ḟeárr do’n Gaeḋilig míle uair, cuid de na leaḃraiḃ clóḃuailtear innti a ’ḃeiṫ in íoċtar na mara, ioná ag cur déisdin air na sgoláiriḃ agus maisle air an d-teangain in a g-clóḃuailtear í. Níl aon leiṫsgeul dóiḃ so ċuireas amaċ leaḃar míosaṁuil an tan congḃaiġiḋ siad earraide, de ḃriġ go ḃ-fuil am go leor aca d’a g-ceartuġaḋ. Guiḋiḋ sgríoḃadóir an [ 23 ]airtiogail so, air an aḋḃar sin, má ġeuḃṫar earraide ann, d’a g-ceartuġaḋ sul clóḃuailtear é. Is cuma cad iad na h-earraide ḋéanas an t-aiṫristeoir ní cóir do’n ḟoillsiġṫeoir iad ċlóḃualaḋ.