Beaṫa Ṡeaġain Ṁic Héil, Áirdeaspoig Ṫuama,
An Ċeud Ċaibidil.
Brontar molaḋ do’n té d’ár cóir é.
’Nuair a fáġas aṫair bás i d-tiġ air biṫ, biḋeann brón mór air a ċuid clainne. Déanann siad caint eatarra féin air an meud a riġne se agus air na briaṫraiḃ a duḃairt se ’nuair a ḃí se beo agus in a measg. Is maiṫ leo breaṫnuġaḋ air an ċaoi do ċaiṫ se a ḃeaṫa, ag amarc air gaċ bliaḋain, gaċ mí agus gaċ lá. Tá a ioṁaiġ fós ós cóṁair a súl, giḋ naċ ḃ-fuil se beo, agus naċ ḃ-fuil se ag caint leo mar ḃí go minic ins an am a tá anois ṫart. Ní ḃ-fuil focal a duḃairt se, no beallaċ in a ṡiuḃail se naċ ḃ-fuil faoi ṁeas. Agus mar sin dé, cuireann siad i g-ceann a ċéile, na briaṫra, na beallaiġ, na beusa agus na gníoṁarṫa buḋ ġnáṫaċ leis, le cuiṁniuġaḋ ó am go n-am a ḋéanaḋ orra. Eisteann siad go fonnṁar le duine air biṫ a ḃeireas eolus dóiḃ air ḃliaḋantaiḃ a ḃeaṫa—ag tráċt air neiṫiḃ éagsaṁla: na neiṫe gnáṫaċa noċ do rinne se, agus na coṁairliḋ do ṫug se uaiḋ—leiġeann a ċáirde gaċ niḋ a tá sgríoḃṫa faoi. Is mar so tá se i measg daoineaḋ gaċ tíre, agus gaċ pobuil agus ciniḋ faoi an ngréin. Tá se in ár g-croiḋṫiḃ ó nádúir féin cuiṁniuġaḋ air, agus caint a ḋéanaḋ faoi ár n-aiṫriḃ agus luċt-gaoil measaṁail a ċuaiḋ roṁainn.
Is mar so tá se idir gaċ aṫair agus a ċuid clainne. Tá meas aca air a ainm agus air a ċuiṁne. Ma’s mar so é, i measg clainne an doṁain ṁóir, is mó ’ná sin an meas agus an gean a tá aig clainn Ċríostaṁail air a n-aṫair múirneaċ féin. Agus go deiṁin naċ fíor-aṫair a ḃí ins an Áirdeaspog a d’imṫiġ uainn?—naċ aṫair díleas a ḃí ann d’a ċléir agus d’a ṗobul? Ní h-iongnaḋ, mar sin, má tá meas mór agus gean aig a ċlainn Ċríostaṁail ṫríd an doṁan air sgeul a ḃeaṫa. Tá an meas so aig muintir na h-Éireann air, agus aig na h-Éireannaiġiḃ a tá ins an America, ins an Oileán úr, ins na h-Indiaċaiḃ ṡoir agus ṡiar, ins an Ástralia, agus gaċ céarda faoi an ngréin in a ḃ-fuil mac no inġean de ċlainn na Gaeḋeal. Ní féidir, mar sin dé, naċ m-beiḋeaḋ gáirdeaċas orra sgeul a ḃeaṫa a leiġeaḋ ins an teangain úd a ndúṫċais féin—teanga air a raiḃ gean agus gráḋ aig an té ud a tá anois euluiġṫe uainn go h-áras fíor clainne Dé. Cuirṫear ós ḃur g-cóṁair laeṫe a óige, laeṫe a ṁeáḋoin aoise, agus laeṫe a aoise foirfe, ’nuair a ḃí se ag treoruġaḋ agus ag stiúraḋ daoine na h-Éireann ċum saorsaċta a g-creidiṁ: se sin, saorsaċta, no cead, Dia an Uile ċúṁaċtaċ a áltuġaḋ agus a aḋraḋ mar rinneadar fíor-ċlann na h-Éireann roiṁe so.
San t-Sean-Reaċt buḋ ṁaiṫ leis na h-Íudaiġiḃ breaṫnuġaḋ in a n-inntinn air Ṁaois a ḃí ’na ṫreudaiḋ agus ’na ċeannart orra, agus mar ḟear a ḃí aca in áit Dé ag taḃairt dóiḃ cóṁairle air an m-beallaċ buḋ ċóir dóiḃ siuḃal ós cóṁair Dé, agus air an móḋ ḃí ceart a aiṫeanta agus a ḋliġe naoṁṫa a ċoimeád agus a ċóiṁlíonaḋ. Is mar so ḃí se air feaḋ bliaḋanta le pobul na h-Éireann. Ḃí a súile ag dearcaḋ air Ṡeáġan Mac Héil, Áirdeaspog Ṫuama, mar ṫreudaiḋ agus mar ċeannart ó Dia,—fear faire in gaċ gáḋ agus in gaċ cúis aċranaċ aiṁréiḋteaċ a ṫáinic. Is mar so ḃí se aig muintir óig na h-Éireann a d’éiriġ suas le fiċe bliaḋan, agus is mar so a tá se a láṫair i measg fiór-ċlainne na Gaeḋeal. Ḃeir Spiorad na Fírinne cóṁairle dúinn na fir measaṁla, treunṁara, glórṁara, agus ár n-aiṫre móra a ċuaiḋ roṁainn in a n-am féin a ṁolaḋ; fir a riġne neiṫe iongantaċa, agus aig a raiḃ cáil ṁór agus eagna ṁór ins a n-am ag sáḃalaḋ agus ag stiúraḋ ċum cuain na sioṫċána agus na maiṫeasa na muintire a ḃí faoi na sgáṫ agus faoi n-a d-treoir.
[ 25 ]An Dara Caibidil.
“Innistear dúinn sgeulta ar n-aṫaraċ a ċuaiḋ roṁainn.”
Ag cur ós cóṁair súile an té a leiġeas na briaṫra so, cosaṁlaċt Ṡeáġain Ṁic Héil Áirdeaspoig Ṫuama, a tá se riaċtanaċ, ins an am céadna traċt air an aimsir a ḃí ann ’nuair a rugaḋ é.
Breaṫnuiġ siar air an m-bliaḋain úd 1789—no, 1790, ’nuair a ḃí an Ḟrainc agus an Euróip air fád, air ḃruaċ a ḃeiṫ briste brúiġte, faoi ṡaltart soiġdiur a ḃí air mire le teann feirge a’s lasaraċta na h-antola boirbe. Feuċ iad ag bualaḋ agus ag briseaḋ, ag reubaḋ, ag losgaḋ, agus ag slad gaċ niḋ agus gaċ duine air a raiḃ meas no bláṫ, no biseaċ. Tá an riġ, an ḃainríoġan—an fear-tíre, an mac óg, no an inġean áluinn air aon ’ga d-tiomaint mar ċaorċaiḃ ann áir, le h-iad a ṁarḃaḋ agus iad a ḋíċeannuġaḋ. Buḋ h-é sin an t-am geur, truaġaċ; ḃí aṁgar agus ansoġ, cráḋ agus caoineaḋ i measg daoineaḋ na Fraince, agus na h-Eorpa air fad. Agus ḃí Éire féin ag feiṫeaḋ air uair a teastuiġṫe. Ḃí an doṁan mór faoi ċriṫ agus faoi eagla; agus ḃí meinne na n-daoineaḋ líonta d’ imniḋe agus de ṁío-ṡuaiṁneas.
Sin ċugaiḃ an t-am in a rugaḋ Seáġan Mac Héil.
Buḋ h-í Máire Niġ Ṁaoilċiaráin a ṁáṫair, agus Pádraic Mac Héil a aṫair. Ḃí aig a ṁáṫair móirṡeisear mac agus triur inġean. Buḋ h-é Seáġan an cúigeaḋ mac agus an seiseaḋ duine de ċlainn a ṁáṫar—óir ḃí deirḃṡiúr aige d’ár ḃ’ ainm Anna a ḃí ní buḋ sine ’ná é féin. So h-iad ainmne clainne a aṫar agus a ṁáṫar; Tomás an ċeud duine; Máirtín, an dara leanḃ—a fuair bas ’nuair a ḃí se ’na ṁalraċ; in sin, Maolṁuire; agus Pádraic an ceaṫraṁaḋ duine—aṫair an ollaiṁ diaḋaċta Tomáis a ḃí seal geárr ó ṡoin ’na oide air feaḋ bliaḋan a g-coláiste muintire na h-Éireann, i b-Pairís na Fraince. An cúigeaḋ leanḃ-fir—Seáġan—d’a raiḃ se i n-dán a ḃeiṫ ’na Áirdeaspog, ’na ṫreoir agus ’na ḟear coimeáda ag Catoiliciġiḃ na h-Éireann air feaḋ trí fícead bliaḋan. Rugaḋ do Ṗádraic Éaḋmon agus Máire agus beirt clainne eile, a fuair bas in aimsir a n-óige—deiċneaḃar daoineaḋ—iomlán na leanḃ a rug Máire a ċéile ḋó.
Buḋ ḃean ionṁeasda Máire Niġ Ṁaoilċiaráin, bean tuigsionaċ, árd-inntinneaċ, céilliḋe, a ṫug aire d’a tiġ, agus d’a cúram agus d’aṫair a clainne. Ḃí graḋ máṫar aice dóiḃ air fad, aċt ḃí feárr a’s bárr sin—gráḋ banaltraiġe a ḃeireas aire d’á clainn agus d’á cúram mar ġeall go ḃ-fuil si ag déanaḋ tola Dé. Mar ġeall air so, ḃí gean mór aig a mac Seáġan uirre ċo fad a’s ḃí si beo, agus tar éis a báis ḃí a cuiṁne i g-cóṁnuiḋe aig a ċroiḋe mar rós faoi ḃláṫ ag taḃairt uaiṫi balaiḋ ṫaiṫneaṁaiġ ṁilis. Fuair si bás ’nuair ḃí a mac timċeall naoi bliaḋna deug d’aois.
Do ṗós Pádraic an dara uair bean óg, áluinn, ṁaiseaċ—a ċol-ṡeisear féin—d’a r’ ḃ’ainm Caitlín Nic Héil, d’á ṁuintir agus d’a ċine féin. Ḃí aige de’n ṗósaḋ so seisear clainne, d’á ḃ-fuil beirt beo ins an am a tá i láṫair.
(Le bheith air leanamhain.)