Jump to content

Giolla Bríghde Mac Con Midhe

From Wikisource
Giolla Bríghde Mac Con Midhe (13th century)
by Anonymous
380393Giolla Bríghde Mac Con Midhe13th centuryanonymous

Moladh daoine is dó is moladh
an neach do-ní a gcruthoghadh;
ní bhí ar domhan ag duine
ní acht moladh a mhíorbhuile.

Gémadh bréag do bhiadh san duain,
is bréag bhuan ar bhréig dhiombuain;
bréag uile gidh créad an chrodh,
bréag an duine dá ndéantar.

Ní ba liaide ór ná each
ag duine dámadh doichleach;
gan sbéis i nduain ar domhan
dá mbuaibh ní ba buanughadh.

Dá mbáidhthí an dán, a dhaoine,
gan seanchas, gan seanlaoidhe,
go bráth, acht athair gach fhir,
rachaidh cách gan a chluinsin.

Dá dtráigheadh an tobar fis,
ní bhéarthaoi muna mbeimis,
do dheighfhearaibh saora a sean,
craobha geinealaigh Gaoidheal.

Do bhiadh a n-iarmairt fhoda
do mhíleadhaibh mórbhoga -
folach a sgéal ní sgrios beag -
gan fhios na bhfréamh ó bhfuilead.

Folach cliathach agus cath
fear nÉireann dobudh easbhach;
dá n-éis gémadh maith a méin
gan sbéis i bhflaith ná i bhfírfhréihm.

Gé tá marbh mairidh Guaire
's Cú Chulainn na Craobhruaidhe;
ón ló tá a nós thiar is thoir
atá fós Brian 'na bheathaidh

Beó ó mhaireas a moladh
Conall agus Conchobhar
a nós 'na bheathaidh a bhus
nocha deachaidh fós Fearghus

Lugh do marbhadh le Mac Cuill,
ní mhaireann cnáimh 'na choluinn,
a nós, ar ndul don domhan,
fós do Lugh is leasoghadh.

Muna leasaighdís laoidhe
a ndearnsad, gér dheaghdhaoine,
i bhfad anonn do bhiadh brat
ar Niall, ar Chonn, ar Chormac.

Ríoghradh Chruachna is Chaisil Chuirc,
na filidh fréamha a lubhghuirt,
slata a teaghlach na dTrí mBrogh,
Dá Thí Theamhrach is Tuathal.

Ní bhiadh muna mbeith an dán
ag cruit théidbhinn ná ag tiompán
fios deighfhir ar n-a dhola,
ná a einigh ná a eangnamha

Fios a senchais ná a saoire
Ní fhuighbhidís arddaoine;
Léigdh so i ndán do dhéanaimh,
Nó no slán dá seinsgéalaibh

Dá mbáidhthí seanchas chlann gCuinn,
agus bhar nduana, a Dhomhnuill,
clann bhar gconmhaor 's bhar gclann shaor
ann dobudh comhdhaor comhshaor.

Fir Éireann, más é a rothol
ionnarba na healathan,
gach Gaoidheal budh gann a bhreath,
gach saoirfhear ann budh aitheac.