Scéal Ghiolla na gCochall Craicionn

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
Téacsanna ó na Gleannta  (1906) 
Scéal Ghiolla na gCochall Craicionn
[ 215 ]
Scéal Ghiolla na gCochall Craicionn.

Bhí Gaibhdín Gabhna na chomhnuidhe air an Dárnaidh aig taobh Dhúncánéile. Bhí beirt bhuachaillí aige ag feoghluim béasaí ⁊ tréartha gaiscidheacht. Ní robh aon ghobh san domhan comh maith leis. Ní robh gaiscidheach air bith críochnuighthe go bhfaghadh sé a chuid airm ⁊ éididh críochnuighthe aig Gaibhdín Gabhna. Bhí anns an am seo banphrionnsa óg d’a feoghluim aige. Ba é ab ainm dithe Scaith Shioda ní Mhanannán. Ba é ab ainm do’n dís gaiscidheach do bhí aige san am chéadna Céadach mac ríogh na dTulach ⁊ Lonndubh mac ríogh na Dreólainne. Lá amháin bhí an bhanphrionnsa óg ag cíoradh a cinn. D’amhairc [ 217 ]Lonndubh oirrthí ⁊ rinne sé gáire mór. Go dé adhbhar do gháire? arsa Céadach. Bród ⁊ athas ag amharc air an bhanphrionnsa a bhéidheas na mnaoi agam fhéin. Is beag do chiall, arsa Céadach, ⁊ is beag do chuid dithe. Is fíorbheag áird aici ort. Sin adhbhar mo mná-sa ⁊ ta fhios aici fhéin sin. Ní bhfuigh tú í gan troid chrúaidh. Tá mé sásta sin do ghlacadh, arsa Lonndubh. Nuair do bhí siad ag dul i gceann airm thainic Gaibhdín Gabhna asteach. Nuair chuala sé fáth na troda, dubhairt sé nach mbéidheadh troid air bith ann acht go ndéanadh seisean breitheamhnas. D’aontaigh siad do’n bhreitheamhnas. Ním-se mo bhreitheamhnas, arsa Gaibhdín Gabhna, go bhfágfaidh mé sibh bhur dtriúr bhur seasadh air urlár mo cheárdcha. Tá trí dóirse oirrthí, dorus mic ríogh ⁊ rófhlaith, dorus na marcaigh (marcach) ⁊ dorus na gcoisidheannaí. Anns an am seo bhí an Ghlais Ghaibhleanna aig Gaibhdín Gabhna. Bhí slabhradh aige oirrthí le h-eagla roimhe Bhalar. Leigeadh an slabhradh í anuas go Cnoc an tSlabhraidh atá aig taobh Árd-dá-ratha. Ce’r bith an chéad soitheach a chuirfeá faoi an bhó ag bleagan, líonfhadh sí é, bidheadh sé beag no mór, ⁊ sin da mbéidheadh de bhainne aicí. Ce b’air bith duine agaibh a leanfhaidh sí, bidheadh sí aige ⁊ mur leanaidh sí aon dhuine agaibh, ní bhfuigh ceachtar agaibh í. Ce an dorus a rachaidh tú amach? arsa Céadach. Rachaidh mé amach air dhorus mic ríogh ⁊ ró-fhlaith, arsa Lonndubh. Is é ba dúthcha domh. Rachaidh mise amach air dhorus na gcoisidheannaí, arsa Céadach. Má leanann sí mé air dhorus mic ríogh no ró-fhlaith, leanfhaidh sí mé air dhorus na gcoisidheannaí. Chuaidh gach aon duine ocú air a dhorus fhéin ⁊ lean sise Céadach air dhorus na gcoisidheannaí. Thairg Gaibhdín Gabhna banais mhór do dheánadh leóbhtha acht thoisigh Lonndubh ag deánadh bróin ⁊ buaidheartha. Is dona do chás, arsa Céadach, ag deánadh bróin i ndiaidh mná nach robh grádh air bith aici dhuid. Ní’l neart agam air, arsa Lonndubh, ⁊ gheóbh mé bás. Rug Céadach air tháirnge crudh ⁊ dubhairt sé, má leigeann tú domh air sin do bhualadh síos i dtroigh do choise, gheóbh tú an bhean gan bhuille gan urchar. Tá mé sásta, arsa Lonndubh. Chuir sé an táirnge fríd n-a chois le buille beag de chasúr. Chuaidh barr an táirnge anns an urlár ⁊ ní thainic le Lonndubh a chos do thógáil. Chaith Gaibhdín Gabhna teanchoir chruadhach ag iarraidh é do thairnt ⁊ sháraigh sé air an táirnge do thairnt. Tairng seo as seo, arsa Lonndubh le Céadach. An stadfaidh tú de do chuid dúbróin fá an bhean nach bhfuil áird aicí ort. Ní éileacha mé go bráthach í acht má thig tú fhéin ⁊ mise i gcatha choidhche, go gcaithfidh mise an chéad bhuille fhagháil. Tairng an táirnge. Chrom Céadach síos. Rug sé air an táirnge le n-a fhiacla. Thairng [ 219 ]é ⁊ chaith é air an urlár. Shiubhail Lonndubh amach air an dorus. Níor fhág sé slán na beannacht ocú. Go dé gheánfaidh muid sinne? arsa Céadach leis an bhanphrionnsa. Ce b’air bith is toil leat. Chuala mé, arsé, go robh Fionn mac Cumhaill ann a ghaiscidheach mhór, go robh mórán de ghaiscidhigh maithe faoi ⁊ é fhéin na dhuine mhaith. Rachaidh muid go Teamhair annsair Fhionn go gcaithidh muid tainall annsin. Maith go leór, arsí. Ghluais an bheirt ’un siubhail. D’fhág slán ⁊ beannacht aig Gaibhdín Gabhna. Níor stad siad go robh siad i dTeamhair na ríogh. Bhí Fionn mac Cumhaill ⁊ a chuid fear amuigh ag seilg. Ní robh san chaisleán acht na mná. D’innis bean Fhinn mhic Cumhaill dóbhtha, go robh Fionn ⁊ a sluaighte fá shléibhte mór na Midhe. Nach mbéidheadh sé abhaile go ceann chúig lá. Acht an aire chéadna a gheóbhas mise, gheóbhaidh do bhean-sa go bpillidh tú air ais, má’s maith leat Finn do fheiceál. D’fhág sé beannacht ocú ⁊ d’imthigh sé annsair Fhionn ⁊ annsair na Fiannaibh. Nuair bhí sé teacht i bhfogus dóbhtha, casadh teach slachtair air. Chuaidh se asteach ⁊ chóirigh é fhéin le craicne na mbeathaigh fiadhain. Nuair chonnaic Fionn é ag tairnt orrthú, d’fhiafraigh sé, A bhuachailli, go dé tá sibh da dheánadh? Tá muid ag deánadh ar ndínneara, arsa Conán. Go dé tá tú fhéin da dheánadh? Tá mé ag amharc uam. Tím óigfhear cliste ag tairnt orrainn. Má’s do chuidiughadh linn atá sé, is fearrde dínn ⁊ má’s ann ar n-aghaidh atá sé, is misde dínn. Béidh fhios againn go dé an cinéal duine é. Má’s de chlainn mic ríogh no ró-fhlaith é, ní labhairfidh sé le duine na duine leis go dtigidh sé ann mo láthair-se ⁊ go ndeánaidh sé comhartha umhluigheacht ⁊ urram domh. Má’s de chlainn bodaigh no duine bheathlaidhe é, an chéad duine a dtiocfaidh sé fhad leis, fiafrachaidh sé, Cá bhfuil an rí? Níor labhair Céadach le h-aon duine no aon duine leis go dtainic sé i láthair Fhinn mhic Cumhaill. Rinne comhartha umhluigheacht ⁊ urram dó. Go dé an duine thú? arsa Fionn. Buachaill atá ag iarraidh aimsire tá ionnam, arsa Céadach. C’ainm no ca shloinneadh thú? arsa Fionn. Ní robh mé aig aon mháighistir ariamh, arsa Céadach, nach dtiubhradh sé fhéin ainm orm. Maiseadh, o fuair mise cóirighthe thú anns na craicne, baistim Giolla na gCochall Craicionn ort. Ní bhfuair mé ainm ní b’fhearr ariamh, arsa Céadach. Go dé an obair bhfuil tú maith aige? arsa Fionn. Tá mé maith ag cruinnighadh sealga, arsa Céadach. Tá tú de díth orm go mór, arsa Fionn. Go dé an tuarastal atá tú da iarraidh go ceann lá ⁊ bliadhain? arsa Fionn. Má ghnóthaighim dadaí dhuid, bhéarfaidh tú fhéin domh an méid is fiú mé. Tá sin [ 221 ]an-cheart, arsa Fionn. Ghluais siad uilig ’un sealg. Níor luaithe bhéidheadh éan marbh aig fear ná bhéidheadh beathach marbh aig fear eile. Bhí siad mar sin go trathnóna ⁊ bhí toirt bothóige aig Céadach air a dhruim trathnóna. Mo bhríathar díbh, a fhearaibh, arsa Fionn, go saoilim go bhfuil gaiscidheach an-mhaith againn. Tá bród ⁊ athas orm. Rachaidh muid a bhaile annsair ar gcuid ban go ndeánaidh muid féasta mór. Bhí lúthgháir mhór air a gcuid ban rompú. Acht nuair chonnaic na fir an bhanphrionnsa óg Scaith Shíoda ní Mhanannán, bhí iongantas mór orrthú go léir fá na bréaghaichte. D’órdaigh Fionn an féasta bu mhó a rinne sé ariamh do dheánadh. Bhí siad trí lá ⁊ trí oidhche ag ithe ⁊ ag ól. Anns an am sin thuit mórán de na daoiní na gcodhladh. D’éirigh bean Fhinn mhic Cumhaill ⁊ beirt de na mná uaisle eile, bean Dhiarmuid ⁊ bean Oscair amach da nighe fhéin ann loch a bhí taobh shiar de’n chaisleán. Thainic long asteach ’un an chuain. Léim beirt fhear amach as an luing. Reath siad aníos. Rug fear ocú air bhean Dhiarmuid. Chuir air a ghualainn í ⁊ reath siad ’un na luinge air ais. Thiontáigh an long ’un na fairge. ⁊ níor bhfada go robh sí as amharc. Thainic bean Fhinn ⁊ bean Oscair a bhaile. D’innis go dé mar sciobadh air shiubhal a gcomrádaidh. Bhí na Fianna uilig buaidheartha ⁊ Diarmuid níos mó ná duine air bith. Bu ghoirid gur thiontáigh an buaidhreadh ’un feirge ⁊ dubhairt Fionn go gcaithfheadh siad í leanamhaint ⁊ tabhairt air ais ce b’air bith áit san domhan a robh si. Dubhairt Fionn go gcuireadh sé seacht gcatha na Féinne da cuartughadh. Dubhairt Diarmuid nach é sin an ceart acht beagan de fhearaibh maith do phiocadh. Da ndeánadh siad gaiscidheacht gur air bheagan daoiní bu mheasamhla é do bhéith maoidhte. D’fhiafraigh Fionn ca mhéad fear dobhéarfadh sé leis. Dubhairt Diarmuid go dtiubhradh mórfheisear. D’iarr Fionn air a n-ainmniughadh. Dubhairt Diarmuid Fionn mac Cumhaill an chéad duine. Diarmuid an dara duine. Oscar an tricheadh duine. Lughaidh fá choinne stiurughadh na luinge. Na nach bhfuil tú ag dul do thabhairt leat Giolla na gCochall Craicionn? Táim cinnte, arsa Diarmuid, má tá sé sásta do dhul. Ní rachaidh sé, arsa Scaith Shíoda. Má leig mise annsorraibh é le seirbhís do dheánadh díbh i nÉirinn, ní’l mé ag dul da leigean libh amach as Éirinn. Le geallamhainteacha móra da dtigeadh siad air ais a choidhche, bidheadh sé beó no marbh, go dtiubhradh siad a bhaile chuiccí é, d’aontaigh sí é do leigean leóbhtha. Ghléas Fionn an long ab fhearr do bhí i n-Éirinn. Chuir sé biadh sheacht mbliadhan asteach air an luing ⁊ chuaidh siad ’un fairge. Bhí siad trí lá ⁊ [ 223 ]trí oidche ag seóltaracht nuair dh’fhiafruigh Giolla na gCochall Craicionn, A bhuachailli, cá bhfuil sibh ag dul? Dubhairt siad ce b’air bith áit da séidfidh an ghaoth sinn. Dubhairt Giolla na gCochall Craicionn le Lughaidh an long do stiúrughadh air na h-Indiacha shoir. Nach robh aon bhean an-dóigheamhail san domhan nachar mhaith leóbhtha do bhéith ocú. Gheánfaidh mise sin, arsa Lughaidh. Sheól siad am mór fada. Lá amháin d’iarr Fionn air Chaoilte do dhul go barr an chrainnseóil. Rinne Caoilte sin. Dubhairt sé go bhfacaidh sé talamh. Da ndeánadh siad obair mhaith go mbéidheadh siad aige le h-éirighe gréine. Lá air n-a mhárach chuaidh Caoilte go barr an chrainnseóil ⁊ dubhairt sé, Tím tír bhréagh, cuairt ⁊ caisleán, buachaillí an bhaile mhóir ag iomáin air an tráigh. Tím dhá fhichead long, fiche ceann air gach taobh de’n chéidh ⁊ áit ceann amháin eatorrú. A Lughaidh, stiúraigh do long asteach annsiud. Gheánfaidh mise sin, arsa Lughaidh. Rinne ⁊ níor cuireadh teachtaire amháin o’n rí dho fhiafraigh cé iad fhéin. Is olc an chosamhlacht seo, arsa Fionn. A Fhinn, arsa Giolla na gCochall Craicionn, caithfidh tú duine do chur do chaint leis an rí. Ni robh aon fhear air an luing a ghlacadh air fhéin do dhul do chaint leis an rí. Bu é ab ainm do’n rí Éamonn Tréanbhuilleach. A mháighistir, arsa Giolla na gCochall Craicionn, rachaidh mé fhéin ’un an chaisleáin. Creidim gur tú is fearr, arsa Fionn. Chuir air a chulaidh airm ⁊ chuaidh ’un an chaisleáin. Bhuail sé buille anns an chuaille comhraic. Thainic chuige gaiscidheach dar bh’ainm Cítheach Cruaidharmach. Go dé tá tú da iarraidh? arsé. Chuir mo mháighistir, Fionn mac Cumhaill annseo mé dho iarraidh tuighe dó fhéin ⁊ do bheagán da chuid fear. Da ndeánadh cró muc no madadh maith dó, ní bhfuigheadh sé é. Acht tá teach amhas thíos aig an chladach. Má gheibh sibh aontuigheas o na h-amhais, bidheadh sé agaibh ⁊ mur bhfaghaidh, bidhidh folamh. Teiseanadh teach na n-amhas dó. Nuair chuaidh sé asteach air an dorus, ní robh aon amhas anns an teach nach deárn gáire. Go dé adhbhar bhur ngáire? arsa Giolla no gCochall Craicionn. Fá d’oiread-sa de fheóil úr do bhéith againn. Béidh fhios agaibh a mhalairt sin de scéal. Rug sé greim dhá lurga air an fhear bu neise dó ⁊ thúsaigh sé da gcoscairt leis an fhear sin, go dtí go robh deireadh marbh aige acht aon fhear amháin. Bhi an t-amhas caithte aige go dtí an dá ghiota bhí ann a dhá dhorn aige. Chaith sé na h-amhais amach ⁊ rinne carnán díobhtha. Chuaidh air ais ’un na luinge. Tá teach againn annseo, acht ní’l biadh air bith. Caithfidh muid biadh iarraidh o’n chaisleán. Chuaidh ’un an chaisleáin ⁊ [ 225 ]dubhairt, Chuir mo mháighistir Fionn mé annseo do iarraidh bídh dó fhéin ⁊ do bheagán da chuid fear. Da ndeánadh spólla amháin maith dó, ní bhfuigheadh sé é. Acht tá tarbh air an oileán seo a chuinnighidh trían de’n oileán dó fhéin le ar linn. Má mharbhann sibh an tarbh, bidheadh sé agaibh ⁊ mur marbhaidh, bidhidh folamh. Cá bhfuil an tarbh? arsé. Teiseanadh dó an taobh de’n oileán i robh an tarbh an lá seo. Thug sé leis Conán. Nuair chuaidh siad i ngearr do’n tarbh, rinne sé búirthe mór ⁊ thairng orrthú. Chuir Giolla na gCochall Craicionn a chlóca air an taobh bu neise do’n tarbh de’n árd. Chuaidh é fhéin air an taobh eile. Chuir an tarbh a dhá adhairc fríd an chlóca ⁊ go bun asteach san árd. Léim Giolla na gCochall Craicionn ⁊ bhuail é le n-a chlaidhimh. Bhain an ceann de. A Chonáin, arsé, iomchrachaidh mise an cholann ⁊ iomchuir thusa an ceann. Ní robh ann acht go robh Conán ábalta an ceann do chorrughadh. Bhfuil tú ag teacht? arsa Giolla na gCochall Craicionn. Ní’l, arsa Conán. Saoilim go bhfuil seo ró-throm agam. Chuir sé a lámh thart. Fuair greim adhairce air an cheann ⁊ air lurga Chonáin. Shiubhail leis gur chaith de an beairtín i dteach na n-amhas. A Fhinn, tá biadh annseo acht ní’l teini air bith. Caithfidh muid gléas bruithe do fhagháil do’n tarbh. D’imthigh ’un an chaisleáin. Chuir mo mháighistir Fionn mé annseo do iarraidh gléas bruithe do’n tarbh. Da ndeánadh an pota is lúgh anns an teach maith dhuid, ni bhfuightheá é acht má bheir an cócaire cead duid spólla do chur san phota, bidheadh agad, ⁊ mur dtugaidh, béidh tú folamh. Chuaidh annsair an chócaire. Dubhairt an cócaire nach bhfuigheadh cead aon spólla amháin do chuir anns an choire. Rug sé air an choire. Thóg é amach de’n obair cloiche. Thug thart é ⁊ leig steall mbor de’n bhroth thart air na cócairí. Dhóigh ’un báis iad. Dubhairt le Fionn, tá teini de dhíth orrainn anois. Chuaidh ’un an chaisleáin. Chuir mo mháighistir Fionn mé annseo do iarraidli teineadh. Da ndeánadh spliota amháin maith dó, ní bhfuigheadh sé é. Chuir sé a dhá láimh fá’n chual chonnaidh. Thug leis i go teach na n-amhas. Chuir teini inntí. Chuir an coire orrthí ⁊ roinn mhór de’n tarbh ann. D’ith siad a sáith ⁊ chodail an oidhche sin. Air maidin go luath dubhairt Giolla na gCochall Craicionn, A Dhiarmuid, is uaid a tugadh an bhean. Is ort a thig an chéad troid. Scíothán Sceólannach a thug leis do bhean. Is ort é do throid aniu. A Ghiolla dhílis, arsa Fionn, ní’l gar do aon duine da bhfuil annseo do dhul do throid acht thú fhéin. Chuaidh Giolla na gCochall Craicionn suas ’un an chaisleáin. Bhuail buille san chuaille comhraic. D’innis do’n [ 227 ]teachtaire go robh troid de dhíth air o Scíothán Sceólannach. Thainic Scíothán Sceólannach. Throid é fhéin ⁊ Giolla na gCochall Craicionn o dhubh maidne go dubh oidhche. Bhuail Giolla buille i gcomhraic a chinn ⁊ a mhuineáil air ⁊ bhain a cheann de. Thainic annsair Fhionn. A Fhinn, Cítheach Cruaidh-armach an gaiscidheach is fearr anns an ríoghacht, caithfidh tú fear do chur le n-a throid amárach. Ní’l duine air bith annseo le n-a throid mur ndeánaidh tú fhéin é. Air maidin go luath chúaidh Giolla na gCochall Craicionn suas ’un an chaisleáin. Bhuail buille san chuaille comhraic. D’iarr comhrac air Chítheach Chruaidh-armach. Ba díomhaoin é go dtí sin. Throid sé fhéin ⁊ Cítheach go trathnóna. Bhí dul aig Giolla na gCochall Craicionn air ⁊ rinne Cítheach leomhan mór de fhéin. Rinne Giolla an rud céadhna ⁊ mharbhuigh Cítheach. Bhuail arís anns an chuaille comhraic. Níor freagraigheadh é. Go dé támuid ag dul da dheánadh? arsé le Fionn. Rachaidh muid abhaile, arsa Fionn. Ní rachaidh muid abhaile, arsa Gioila[1] na gCochall Craicionn, go bhfaghaidh muid ar mbean ⁊ lorg ar láimhe do fhágáil ar ndiaidh. Tá uaigh dhraoitheachta i bhfogus do’n chaisleán. Bhéarthar ar mbean annsin aniu. Má gheibhthear í asteach san uaigh, thusa ⁊ mise ⁊ a bhfuil i n-Éirinn, ní thiubhradh (thabhairfeadh) amach í. Tá dhá dhorus air an uaigh, dorus beag ⁊ dorus mór. Cuirfidh muid Diarmuid air an dorus bheag ⁊ rachaidh mise air an dorus mhór. Níor bhfada dhó go bhfacaidh chuige bean Dhiarmuid dhá’réag de mhná óga léithe ⁊ dhá’réag de sheanmhná. Rug Giolla orrthí ⁊ rug an cheathrar ⁊ fiche ban orrthí. Chaith Giolla air a ghualainn an bhantracht uilig. Scairt air Dhiarmuid ⁊ phill ’un an bhaile annsair Fhionn. Bhí lúthgháir mhór orrthú a mbean do bhéith ocú. Nach rachaidh muid abhaile anois? arsa Fionn. Ní rachaidh muid abhaile, arsa Giolla, go bhfágfaidh muid lorg ar láimhe fá’n chaisleán. Chuaidh ’un an chaisleáin. Thug leóbhtha lasta a luinge de ór ⁊ de iolmhaitheas ⁊ d’fhág an caisleán le theini. Thóg a seóltaí ⁊ chuaidh ’un fairge. Bhí siad trí oidhche ⁊ trí lá ⁊ an aimsir deas. Bhí siad ag ithe ⁊ ag ól ⁊ i bpleisiúr mhór. Ní robh air thaiste na luinge acht Fionn ⁊ Giolla. Chuir Giolla osna mhór as. Go dé adhbhar do bhuaidheartha? arsa Fionn. Tím chugam long, arsa Giolla. Tá fear air bórd orrthí a mhuirfeas mise. Ní’l, arsa Fionn, na aon fhear air dhruim an domhain a bhéidheadh ábalta thusa do mharbhadh. Faraor thú, arsa Giolla, ní thig liom lámh do thógáil go marbhaidh sé mé. Gabh síos faoi thaiste na luinge ⁊ cuir ort an chulaidh scúilliúnaigh atá annsin ⁊ [ 229 ]ní aithneachaidh sé thú. Ó faraor thú, arsa Giolla. Is fearr an aithne atá aige ormsa ná tá agadsa, ⁊ is ro-fhearr an ceart atá aige air. Glac mo chomairle, arsa Fionn. Ní robh ann acht go robh sé air ais, nuair bhí an long choimhightheach bórd air bhórd leobhtha. Aon fhear amháin faoi arm ⁊ éideadh air thaiste na luinge. Rinne sé gáire ⁊ dubhairt sé, Tá rann agam dhuid—

Aithnighim thú ⁊ ní h-air d’éadach,
Acht air do rosc gréagach glan.
Is fíor sin ⁊ ní bréag é
Gur tú Céadach mac rí na dTulach.

A Chéadaigh, bhfuil cuimhne agad air do mhargadh liomsa i nÉirinn? Tá, arsa Céadach. Buail do bhuille. Nuair chonnaic Céadach gur b’é buille Lonndubh an chéad bhuille bhéidheadh buailte, bhuail sé a bhuille fhéin ⁊ scaith gach fear ocú an ceann de’n fhear eile. Thuit gach fear ocú air thaiste a luinge fhéin ⁊ d’imthigh an long choimhthigheach an bealach a dtainic sí go bun an aeir. Scairt Fionn air a bhunadh, go ndeánadh siad buaidhreadh mór ⁊ d’innis dóbhtha, nach duine air bith níos lugh ná mac ríogh na dTulach an fear bhí ocú. Bhí buaidhreadh an-mhór air Fhionn ⁊ air a bhunadh fá n-a bhás ⁊ bhí doilghios orrthú do theacht abhaile annsair a bhean ⁊ é marbh. Chóirigh siad a cholann le spíosaraí ⁊ thairng siad air an bhaile. An oidhche sin thainic ceó mór, gaoth ⁊ doinionn a chuir iad da gcúrsa. Bhí siad air seachrán. Ní robh fhios ocú cá robh siad ag dul air feadh mórán laethe. Shocraigh an doinionn ⁊ bu ghoirid go bhfuair siad (do) theacht abhaile. Nuair chonnaic Scaith Shíoda ní Mhanannán a fear fhéin marbh, bhí buaidhreadh dóchuimsí orrthí. Bhí buaidhreadh air Fhionn ⁊ air an Fhéinn go léir. Bhí buaidhreadh mór air Dhiarmuid ⁊ air a bhean. Dubhairt Fionn le Scaith Shíoda go bhfhuigheadh sí a raogha fear da robh i nÉirinn. Dubhairt Scaith Shíoda nach robh fear air bith aige a gheánfadh áit a fir fhéin, acht é long do thabhairt dithe go gcóireachadh sí a fear ann spíosaraí, go gcaoineadh sí a sáith an uile lá os a cheann ⁊ go bhfuigheadh sí bás anns an long chéadna a robh a fear. Ghléas Fionn an long ab fhearr i nÉirinn dithe. Cuireadh asteach anns an luing corp Chéadaigh ann gcófra airigid. Chuaidh sí fhéin air bórd ⁊ bu chuma léithe go dé an bealach a rachadh an long. Ní robh fhios aicí ca fhad bhí sí air fairge acht bhi sí i bhfad, mórán bliadhanta. Fá dheireadh bhuail an long air thalamh. Bhí sí tuirseach air fairge. Thainic sí air tír mór. Chonnaic sí caisleán mor i ngar (ngearr) dithe. Shiubhail sí suas [ 231 ]’un an chaisleáin. Ní fhacaidh sí duine air bith beó. Chuaidh sí asteach. Shiubhail sí mórán fríd an chaisleán. Fá dheireadh thainic sí ann seómra áirite seanóir críon-liath. D’athain sí go robh sé ann am eighinteach na rí. Labhair sí leis ⁊ ní robh sé fonnmhar seanchas(c) air bith do dheánadh. Bhí an trathnóna ann. Níor bhfada go dtainic asteach triúr de ghaiscidhigh óga gearrtha, millte, loitighthe ⁊ folaighthe le fuil. Chaith díobhtha a gcuid éadaigh. Rug fear ocú greim dhá chos air fhear eile. Sháith sé síos i mbairille a bhí i gcul an dorais é. Thairng air ais é ⁊ bhí sé slan, folláin. Rinneadh sin leis an triúr ⁊ bhí siad leigheasta comh maith agus bhí siad ariamh. A bhuachaillí, arsí, is cosamhail dibh go robh sibh ag troid. Bhí muid ag troid, arsa an fear bu sine. Go dé adhbhar bhur dtroda? arsí. Naimhde thainic air an oileán seo, arsé. Mharbhaigh siad mo mhathair. Rinne siad clocha geala d’ar ndaoiní ⁊ ar n-eallaigh. Ní’l lá air bith nach marbhann sinne sluagh ocú. Bídh muid loitighthe mar chonnaic tú sinn, acht bidheann an sluagh beó lá air n-a bharach air ais fá’r gcoinne. Sin bairille íocshláinte a leigheasas sinne an uile thrathnóna. Leig sí osna ⁊ dubhairt sí, Bhí fear agamsa ann am amháin. Da mbéidheadh sé agaibh, chuideachadh sé libh. Cá bhfuil sé? arsiad. Tá sé thíos anns an luing, arsise. Caithfidh muid é thabhairt aníos. Gheánfaidh muid sinne beó é ⁊ comh maith ⁊ bhí sé ariamh. Thug siad aníos é. Chumail siad an íocshláinte dó. Thum siad san bhairille é. Chumail bos da shúile ⁊ dubhairt sé, Saoilim gur chodail mé néal. Bhí lúthgháir an-mhór air a bhean. Chraith sí dhá láimh leis. Chuaidh siad do chodladh an oidhche sin i bpléisiúr. Air maidin go luath air lá air n-a bhárach, chuaidh triúr mac an ríogh amach do throid leis an tsluagh ⁊ Céadach leóbhtha. Air theacht dóbhtha ’un an mhachaire, bhí sé lán daoiní faoi arm ⁊ faoi éideadh. Go dé tá sibh ag dul da dheánadh leóbhtha seo? arsa Céadach. Tá muid ag dul do throid leóbhtha ⁊ trathnóna béidh siad marbh againn. Ní’l ann bhur ngraethe acht trumpáracht, arsa Céadach. Gheánfaidh muid dhá leith de na fir. Glacfaidh mise taobh ocú ⁊ glacaigidh sibhse an taobh eile. Ní robh aim acht go robh beárnaidh bheag bhaoideach deánta anns na fir aig clann an ríogh, nuair bhí a leath fhéin marbh aig Céadach. Má’s é sin an dóigh a nídh sibh an uile lá, is neamhiongantach iad do bhéith ag suidhe ann bhur mbun. Thug sé ruathar ann a measg mar sheabhac frid éanacha ⁊ mharbhuigh sé an duine deireannach díobhtha. Go dé tá sibh ag dul da dheánadh anois, a bhuachaillí? arsa Céadach. Ó tá muid ag dul abhaile, arsiad. Na nach bhfuil sibh ag dul do [ 233 ]fhuireach annseo go bhfeicidh sibh go dé tá da ndeánadh seo beó arís. Ó ní’l aon dhuine dar fhan nach robh marbh lá air n-a bhárach. Ní imtheachaidh mise, arsa Céadach, go bhfeicidh mé go dé nídheas beó iad. Chuaidh clann an ríogh ’un an bhaile ⁊ d’fhan Céadach. Níor bhfada dó go bhfacaidh sé faitheach ag teacht aníos ó bhruach na fairge poitín ⁊ cleitín leis. Chuir sé an cleitín anns an phoitín. Annsin chuir sé i mbéal fir é ⁊ léim naoi naonbhair ocú na seasadh. Na deán níos mó de sin, arsa Céadach. Thug sé ruathar air na naoi naonbhair. Bhain na cinn díobhtha. Ó tharlaidh gur troid atá de dhíth ort, arsa ’n faitheach, gheóbh tú do sháith de. Thúsaigh sé fhéin ⁊ an faitheach air a chéile. Bhí sí ann a troid mhór. Fá dheireadh bhuail sé an faitheach ⁊ bhain a cheann de. D’fhan annsin air feadh tamaill. Thainic chuige aníos air bhruach na fairge an chailleach, poitín ⁊ cleitín léithe. Chuir an cleitín san phoitín ⁊ i mbéal an chéad fhir. D’éirigh naoi naonbhair na seasadh. Fóill ort a chailligh, arsé. Thug ruathar air na naoi naonbhair. Bhain na cinn díobhtha ⁊ thoisigh é fhéin ⁊ an chailleach do choscairt a chéile. Bu mheasa an chailleach air go mór ná’n faitheach. Bhuail buille air an chailligh ⁊ bhain a ceann dithe. D’fhan annsin taraall fada. Fá dheireadh chonnaic sé an cú glas ag teacht aníos o bhruach na fairge, poitín ann a béal ⁊ cleitín ann a crúb léithe. Chuir sí an cleitín anns an phoitín ⁊ i mbéal an chéad fhir. Léim naoi naonbhair ocú na seasadh. Stop, a bheathaigh ghránda, arsé. Thug ruathar air na naoi naonbhair ⁊ mharbh iad. Thúsaigh sé fhéin ⁊ an cú air a chéile, acht ní robh acht greann ann a ghraethe go dtí sin. Ní dheánfadh a chlaidhimh gearradh dá laghad air chraicionn an chú. Bhí eagla mhór air go muirfeadh an cú é. Chonnaic sé ball beag bán astuigh faoi n-a h-ascaill. Thug sé sáthadh da chlaidhimh air an bhall bhán ⁊ as sin trasna fríd n-a croidhe. Thuit an cú marbh. Bhí lúthgháir mhór air. D’fhan annsin go maidin ⁊ ní thainic níos mó. Smuainigh (smaoitigh) sé, ce b’air bith áit a dtainic siad as, go robh tilleadh uilc na ndiaidh. Chuaidh sé síos go bruach na fairge. Shiubhail sé síos aig bun an aillt. Fuair sé uaigh ag dul síos faoi an talamh. Chuaidh sé síos siar anns an uaigh. Chonnaic sé thiar an cat fada caol glas. A Chéadaigh ghránda, arsí, mharbhaigh tú mo thriúr chloinne. Mharbhaigh tú mo chuid fear, acht tá tú anois ann áit an iomorduighthe agam. A chait ghránda, arsé, an íde chéadna a fuair an chuid eile de do bhunadh, gheóbh tusa. Thoisigh é fhéin ⁊ an cat air a chéile. Acht ní robh acht greann anns an chuid eile go dtí sin. Ghlac sé ochtach. [ 235 ]Thug sé aon bhuille amháin de’n chlaidhimh ⁊ thug amach croidhe ⁊ crubhogaí an chait. Bhí ionga neirahe i ruball an chait. Air thuitim do’n chat bhuail sí é leis an ionga neimhe ⁊ thug amach a chroidhe ⁊ a chrubhogaí. Thuit an bheirt marbh aig taobh a chéile. Chuartaigh na trí phrionnsa go bhfuair siad an uaigh. Bhí Céadach ⁊ an cat mór na luighe marbh. Ní thainic leóbhtha aithne eadair an dá chroidhe. Mo léan sibh, arsa Scaith Shíoda, nach n-aithnigheann eadair croidhe cruaidh, danardha an chait ⁊ croidhe beag nádúrtha m’fhir fhéin. Thug siad leóbhtha ’un an bhaile Céadach. Chóirigh an croidhe ann a áit fhéin ⁊ chumail dó an íocshláinte. D’éirigh na sheasadh comh slán ⁊ bhí ariamh. Bhí lúthgháir mhór air a bhean. Bhí lúthgháir air an rí ⁊ air a thriúr mac. Go dé tá muid ag dul dá dheánadh? arsa Scaith Shíoda. Nó an rachaidh muid abhaile? Ní rachaidh, arsa Céadach, go bhfeicidh mise bhfuil siad siud beó aniu. Chuaid siad ’un an mhachaire. Bhí siad uilig marbh. Chuartaigh Céadach ⁊ fuair sé slaitín draoitheachta síos air dhruim na caillighe. Thug leis í ⁊ phill siad abhaile. Bhí mórán carraiceacha ⁊ clocha glas ⁊ bán. Bhuail Céadach iad leis an tslait. D’éirigh siad na seasadh fir ⁊ mná, eallach ⁊ caoirigh ⁊ capaill go robh bunadh an ríogh beó air ais. Bhí lúthgháir mhór air an rí. Is cóir dúinn anois do dhul abhaile, arsa Céadach le n-a bhean. Ní fhágfaidh tú mise a choidche, arsa ’n rí. Is leat leath mo rioghachta a choidhche ⁊ mo bheannacht-sa fosta. Faraor thú, arsa Céadach, tá rioghachta ag fuireacht liomsa níos fearr ná do rioghachta uilig. Ní áirighim an leath. D’fhág sé slán aig an rí ⁊ aig n-a bhunadh. Bhí buaidhreadh mór orrthú na dhiaidh. Chuaidh arís ’un fairge. Cá bhfuil muid ag dul? arsa Scaith Shíoda. Bhí Lonndubh mac rí na Dreólainne na chomrádaidh mhaith agamsa air feadh i bhfad. Tá fhios agam go bhfuil sé cóirighthe le spíosarai aig n-a athair. Tá buideal de’n íocshláinte liomsa. Rachaidh muid ’un na Dreólainne ⁊ leigheasfaidh muid Lonndubh. Rinne siad mar dubhairt siad. Bhí cumhaidh mhór air rí na Dreólainne i ndiaidh Lonndubh. Ní robh lá air bith nach ndeánadh sé tamall mór buaidheartha os ceann a mhic. D’iarr Céadach cead a fheiceál, gur doctúir a bhí ann. Chumail sé an íocshláinte do’n ghearradh a bhí eadair an ceann ⁊ an muinéal. D’éirigh Lonndubh na sheasadh. Saoilim gur chodail mé, arsé. Is maith an bharramhail, arsa ’n rí, ⁊ tú marbh le seacht mbliadhna. A Chéadaigh, mhic ríogh na dTulach, do chéad míle fáilte, a dheaghghaiscidhigh ghlain. Chuaidh mise ’un an domhain thoir do do mharbhadh. Thainic tusa níos fuide le mise do dheánadh beó. Ní scarfaidh tú [ 237 ]liom a choidhche. Fuair an rí saoghal úr, nuair chonnaic sé a mhac beó. D’fhág Céadach slán ocú ⁊ chuaidh arís ’un fairge. Cá bhfuil tú ag dul? arsa Scaith Shíoda. A bhean, rachaidh mise anois go h-Éirinn go bhfeicfidh muid Fionn mac Cumhaill ⁊ a bhunadh. Thainic go h-Éirinn. Rinne Fionn féasta mór ann onóir do Chéadach ⁊ da bhean. Nuair bhí an féasta thart, dubhairt Céadach, is mithid dúinn do dhul ’un an bhaile go bhfeicidh muid go dé mar tá m’athair ⁊ mo mháthair ⁊ mo bhunadh uilig. Sheól siad ’un na dTulach. Nuair chonnaic an seanrí a mhac ⁊ an bhanphrionnsa amis an bhaile, dh’fhobair go bhfuigheadh sé bás de’n lúthgháir. Rinne sé féasta ⁊ banais mhór le n-a mhac ⁊ an bhanphrionnsa. Nuair bhí an bhanais thart, corónaigheadh Céadach i rioghachta na dTulach. Chaith sé saoghal pléisiúrdha. Tá a iarraimh ann bpléisiúr ⁊ i sonas annsin go dtí an lá aniu.


Nótaí
  1. Sic; Giolla