Séadna/32

From Wikisource
 
Jump to: navigation, search
Séadna by Peadar Ua Laoghaire
Caibidiol 32
[273]
CAIBIDIOL A DÓ A’S TRÍOCHAD.

Do stad Séadna ag feuchaint air. Chimil sé a lámh d’á shúilibh agus d’ fheuch sé airís air. D’ fheuch an bheirt ins na súilibh ar a chéile ar feadh tamaill.

“Is tú an diabhal!” arsa Séadna, fé dheire.

“Ní bhainfeadh an diabhal féin an bhearna dhíot-sa!” arsa ’n Fear Dubh. “Cheapas go gcuirfeadh an t-airgead amú’ thú. Is anamh duine a gheibhean é ná déinean aimhleas dó féin agus b’ fhéidir d’ á lán eile, mar gheall air. Tagan aimhleas d’ á bhárr do’n t-é a gheibhean é agus aimhleas do’n t-é ná faghan é. An t-é gheibhean é tagtar ar an mbóthar roimis san oídhche agus marbhuightear é chun an airgid a bhaint dé. Isé an t-é ná faghan an t-airgead a mharbhuighean an t-é a gheibhean é. Sin aimhleas do’n bheirt sin de bhárr an airgid. Déinean an t-airgead fiche aimhleas nach iad san. Is ’mó duine chaillean a mheabhair le baois agus le uabhar agus le mór-is-fiú, a bhéadh úmhal go maith dá mbéadh sé dealbh. Is ’mó duine a dhéinean ciorbhadh ar a shaoghal le meisgeóireacht nuair a bhíon a phócaí lán, agus go mairfeadh sé céad dá mbéidís folamh.”

“Is dóich liom go bhfuil iaracht de dhearmhad ort sa méid sin,” arsa Séadna. “An fear úd a mharbhóch’ duine chun an airgid d’ fhághail, cad ba ghádh dhó an marbhadh san do dhéanamh dá mbéadh a dhóithin airgid aige féin? Measaim-se go gcuirean pócaí folamha daoine ar a n-aimhleas chómh minic agus a chuirid na pócaí lána ar a n-aimhleas iad. Is dócha gur eól duit an sean fhocal: ‘Teasbach dearg nó fíor-riachtanas an dá nídh is fearr chun duine chur ar a aimhleas.’”

[274]“Sin é ball, díreach, ’nar mhillis-se mise glan,” arsa ’n Fear Dubh. “Bhí an fíor-riachtanas ar dtúis ort agus níor dhéin sé aimhleas duit. Dhéinis an déirc nuair ná raibh agat ach na trí sgillinge. Nuair a chonac san bhí a fhios agam ná déanfadh an riachtanas ba ghéire aon aimhleas duit. Bhíos lán deimhnightheach go ndéanfadh an saidhbhreas duit an rud a theip ar an riachtanas. Níor dhéin. Nuair a chonac ná raibh aon bheann agat ar an saidhbhreas ach chómh beag leis an riachtanas cheapas teacht ort ar shlígh eile. Chuireas an namhaid eile úd ad’ threó. Is mór é m’ eólus ar dhaoinibh agus is dlúth é mo thaithíghe ortha. Is minic a chonac duine ná déanfadh riachtanas aimhleas dó, agus is minic a chonac duine ná déanfadh saidhbhreas aimhleas dó. Ach is anamh riamh a chonac duine ná bainfeadh an namhaid eile úd d’á bhunaibh é. Níor bhain an namhaid eile sin thusa de d’ bhunaibh agus bhain sin mise de m’ bonnaibh. Tá teipithe orm a dhéanamh amach cad é an saghas duine thú i n-aon chor.”

“Namhaid! namhaid! a thugan tú uirthi!” arsa Séadna. “Ní namhaid í, agus is ró mhaith is eól duit-se nach eadh. Ní tusa chuir am’ threó í. Isé Dia chuir am’ threó í, moladh go deó leis! Dá mbéadh a leithéid agat-sa le cur am’ threó ní baoghal ná go gcurfá a malairt siúd am’ threó. Dá mbéadh namhaid agat ’á toghadh dhom gan amhras do thoghfá namhaid i gceart. Cuir uait an chamastuíol. Inis an fhírinne. Ní thaithnean an fhírinne leat, nídh nach iongnadh, ach tá ort an fhírinne d’innsint sa chathaoir sin d’á mhéid fuath atá agat di. Inis an fhírinne dhom. Cad chuige dhuit namhaid a thabhairt uirthi siúd, agus cad chuige dhuit a rádh gur tusa chuir am’ threó í?”

“D’á mhéid í do chiall agus do thuisgint ní thuigean [275]tú mo ghnó-sa,” arsa ’n Fear Dubh. “Is dóich leat-sa gur ó n-a namhaid a thagan mí-ádh agus mí-fhortiún agus aimhleas ar dhuine. Tá dearmhad mór ort. Caradas agus muíntearthas agus grádh agus ionmhuine isiad a tharaingean chun aimhleasa leath an tsaoghail, ní h-eadh, ach formhór an tsaoghail. Béidh duine ar a chosaint féin i n-aghaidh a namhad ach ní bhéidh sé ar a chosaint féin i n-aghaidh a charad. Má gheibhean duine cómhairle a aimhleasa ó n-a namhaid ní ghlacfaidh sé an chómhairle. Déanfaidh duine rud ar a charaid ná déanfadh sé choídhche uaidh féin. I n-aghaidh an aon duine amháin a dhéinean a aimhleas as a chómhairle féin, tá fiche duine agus is cómhairle ó charaid a chuirean suas chuige iad. Dá leigtí dhóibh féin b’ fhéidir gur b’ é a leas a dhéanfaidís. Dá mba ó namhaid a gheabhaidís an chómhairle ní baoghal go nglacfaidís an chómhairle. Is minic a dhéin duine a leas le diúltughadh do chómhairle a gheabhadh sé ó namhaid. Ní h-ó n-a namhaid a bhíon duine i gcontabhairt a aimhleasa choídhche ach ó n-a cháirdibh. D’á dhílse é an caradas iseadh is mó an chontabhairt agus is measa an t-aimhleas, mar iseadh is tugtha an géille. Má ’s grádh do mhnaoi a bhéidh ag seóladh an duine ar a aimhleas, sin deire le cómhairle leasa agus sin deire le cosaint ag an nduine sin air féin. Sin deire le ciall agus le meabhair agus le tuisgint agus le breitheamhantas an duine sin. D’á fheabhas í an bhean iseadh is críochnuighthe an mhí-chiall sa bhfear. Má thugan bean áluinn, fhóghanta, chiallmhar, dhathamhail, óg, grádh a croídhe go h-iomlán do’n fhear san, agus eisean di sin, déanfaidh an fear san éagcóir ar a bhreitheamhantas féin agus déanfaidh sé a aimhleas os cómhair a shúl níos túisge ’ná mar a dhéanfadh sé rud ba dhóich leis ná taithnfeadh léi-se. Agus déanfaidh sise an cleas céadna díreach [276]níos túisge ’ná mar a dhéanfadh sí an rud ba dhóich léi ná taithnfeadh leis-sean. Tá breall ar an sean fhocal sa n-aon nídh amháin sin, pé 'n-Éirinn é. Is maith an rud teasbach dearg chun duine a chur ar a aimhleas, agus is maith an rud fíor-riachtanas chun duine chur ar a aimhleas, ach tá rud is fearr chuige ’ná aon taobh acu, ’sé sin grádh, nó caradas, nó ionmhuine. Tá daoine thíos i n-ifrean anois agam, daoine a dhéin aimhleas dóibh féin mar gheall ar ghrádh nó ar charadas, agus ní baoghal go mbéidís ann dá mba ná béadh chun iad do chur ann ach teasbach nó riachtanas. Is ’mó fear agus bean gur theip orm glan aon dochar a dhéanamh dóibh le teasbach ná le riachtanas, agus nár sheasaimh abhfad gan aimhleas a dhéanamh dóibh féin nuair a chuireas an namhaid eile úd ’na dtreó. Chuireas, mar a dúbhart leat, an namhaid eile úd ad’ threó-sa, ach ní raibh aon nídh d’á bhárr agam. Rud is anamh dom, do theip orm aon bhúntáiste bhreith ort. Ní dóich liom gur duine thu i n-aon chor, i gceart. Ní thaithnean leat mé a thabhairt namhaid uirthi. Nach í an namhaid is namhadaíghe ag duine an namhaid is mó dhéanfaidh d’aimhleas dó?”

“Tugaim an t-éitheach duit amach as do bheul féin,” arsa Séadna. “Níor dhéin sí aon aimhleas dómh-sa agus d’á bhrígh sin is bréag duit namhaid a thabhairt uirthi.”

“Níor dhéin sí aimhleas duit, ach ní h-uirthi is ceart a bhuidhchas san do bheith, ná orm-sa. Dhéin sí a dícheal chuige agus dhéineas-sa mo dhícheal chuige. Dhéin sise a dícheal tré mhéid a grádh dhuit. Dhéineas-sa mo dhícheal agus geallaim dhuit nach tré ghrádh dhuit é. Theip an cluiche orainn araon. D’imreas an cheard is fearr a bhí agam ort, ach tá buaidhte agat orm.”

“Ní mholaim do cheard,” arsa Séadna, “pé meas [277]atá agat féin uirthi. Mheasas a rádh ‘nár chúitighthear do shaothar leat!’ ach crosaim airís tú. Deirim ó chroídhe leat, go gcúitighthear do shaothar leat! Ba mhór an truagh a leithéid de shaothar a dhul gan a chúiteamh. Chuiris namhaid, dar leat, am’ threó-sa. Measaim gur dhéinis dearmhad i mball éigin ad’ chúntaisí. Ní mar a braithtear a bídhtear go minic. Thugais airgead dómh-sa le h-ionchas go ndéanfadh sé aimhleas dom. Theip ort i dtaobh an airgid. Chuiris an namhaid eile, mar a deirir, am’ threó. Do theip ort sa tarna cluiche fé mar a theip ort sa chéad chluiche. Inis dom go cruinn cad air go bhfuil a mhilleán agat an cluiche do dhul ad’ choinnibh. Labhair cruinn, léir. Ní thaithneann fánaídheacht cainte liom. Gan amhras is tú chuir am’ threó an t-airgead. Ní chreidim uait gur chuiris aon nídh eile am’ threó. Táir ró oilte ar an éitheach. Ní féidir do dhuine rud a chreideamhaint uait mura bhfeicidh a dhá shúil féin é. Inis an fhírinne dhom.”

“Innsim an fhírinne uaireanta,” arsa ’n Fear Dubh, “agus ’neosfad anois í. ’Neosfad duit í i dtreó go bhfeicfidh do dhá shúil féin í. Is maith liom í dh’ innsint duit mar tá a fhios agam ná taithnfidh sí go ró mhaith leat. Cheapas go gcomáinfeadh an t-airgead amú’ thú mar a chomáinean sé gach aoinne a gheibhean é, nach mór. Cheapas nár bh’fhada go mbéidhtheá agam gan puínn de d’ dhuagh fhághail. Nuair a fuaras ar an aonach tú ag ceannach an chapaill mheasas go rabhais agam láithreach. Cheapas go raibh do phort seinnte, nach mór sul a raibh sé tosnuighthe i gceart. Nuair a chonac ag imtheacht tú agus gan an ceannach déanta bhí iongnadh orm cad a bhí ag cur ort. Thugas tarcuisne dhuit ós comhair na ndaoine feuchaint an bhfillfeá agus an t-airgead do dhíol. Níor fhillis. Chromais do cheann agus [278]do rithis leat féin mar a dhéanfadh spreallairín madra –”

“Tuigim,” arsa Séadna. “Comáin leat.”

“Tá óigbhean ansan thiar,” arsa ’n Fear Dubh, “agus ó’n lá a baisteadh í go dtí an lá atá indiu ann tá teipithe orm glan filleadh ná feacadh bhaint as a toil ’ná as a h-aigne. Pé toirmeasg a chuirim ’na treó ní bhainean sé aon bharathuisle aisti. Bhí sí ag teacht ó’n sráid tráthnóna. Chuireas righneas uirthi. Thuit a codladh uirthi i lúib de’n bhóthar. Nuair a dhúisigh sí as a codladh bhí sé i n-am mhairbh na h-oídhche. Ghluais sí fé dhéin an bhaile agus í ag crith le h-eagla. Nuair a bhí sí ag déanamh siar ar Bhóthar na Bró cé bhéadh ar lár an bhóthair ann roímpi ach an sprid. Shíleas go dtuitfeadh an t-anam aisti. Chuireas mé féin ad’ chlódh-sa. Bhuaileas tháirse amach. D’aithin sí thusa ionam. Dhéineas ceann ar aghaidh ar an sprid agus sgian choise duibhe am’ láimh agam, mar ’dh ea. Ba ghearr go raibh deire leis an sprid. Ansan d’ fhilleas ar an óig-mhnaoi agus dhéineas í thionnlacan siar isteach go dorus tíghe a h-athar.”

“Dá mbéadh a fhios aici cé bhí ’ghá tionnlacan!” arsa Séadna.

“Cheap sí gur tusa a bhí ’ghá tionnlacan,” arsa ’n Fear Dubh, “agus is dóich liom go raibh iaracht de mhórdháil uirthi a rádh gur chuir aon duine é féin i n-a leithéid de chontabhairt ar a son. As san amach tháinig árd uraim aici dhuit-se. Ní fheacaís daonaidhe riamh sa chás ’na raibh sí ó’n oídhche sin amach. Bhí an sgéal aici díreach mar a bhí ag an bhfile úd a dúbhairt:–


‘Is bocht an toisg an toisg go bhfuilim i bpéin;
Mo thuisgint ó m’ thoil, a’s mo thoil ag druidim ó m’ chéill!

[279]


Ní thuigean mo thoil an toil do’m thuisgint is léir;
Nó má thuigean ní toil léi ach toil a tuisgiona féin!’

“Bhí a fhios ag an gcailín mbocht go raibh a toil ag imtheacht bun os cionn le n-a ciall, a toil ’ghá tiomáint agus a ciall ’ghá tarang siar; a toil ag tabhairt a croídhe agus a h-aigne suas duit-se, agus a ciall ’ghá thaisbeáint di go soiléir go raibh óinseach aici d’á dhéanamh dí féin mar gheall ort. Bhí an chaismirt chómh dian san ’n-a h-aigne gur imthigh a goile uaithi agus ná féadadh sí aon neul de’n oídhche do chodladh. Nuair a chíodh sí thusa, agus dob’ orm-sa a bhuidhchas gur mhinic sin, ba bheag ’ná go n-imthigheadh a raibh de mheabhair an tsaoghal aici amach as a ceann agus as a h-aigne. ’Na dhiaigh san, nuair a thuigeadh sí í féin, ba dhóich leat go ndéanfadh dhá leath d’á croídhe le náire agus le ceann-fé agus le cathughadh. Fé dheire chuir sí chúgat an bhaintreach, mar is eól duit.”

“Go gcúitighthear do shaothar leat!” arsa Séadna go dúthrachtach.

“Tá sé cúitighthe liom cheana go h-iomlán,” arsa ’n Fear Dubh, “agus is ort-sa atá a bhuidhchas agam. Is mise a chuir ad’ threó í. Ná bíodh aon phioc d’á mhearbhall ort. Do chuireas ad’ threó í agus do choimeádas ad’ threó í. Do thuigis méid a maitheasa. Do thuigis feabhas agus uaisleacht a h-aigne. Do bhreithnighis áilneacht a snuadh agus a clódh agus a pearsan gan locht. Ní raibh bean eile ar t’ aithne i n-aon ghaor do bheith chómh dathamhail léi. Is doimhinn, dorcha, dúblálta an fear thú. Is beag é eólus aoinne ar an rud a bhíon istigh ad’ chroídhe nuair a oirean duit é choimeád agat féin, ach níor fhéadais a choimeád uaim-se conus a bhí an sgéal agat ’na taobh súd. D’á dhoimhne agus d’á [280]dhoirche é do chroídhe níor fhéadais an t-eólus a choimeád uaim-se go raibh a grádh súd chómh láidir chómh daingean ionat agus a bhí grádh do mhnaoi i gcroídhe aon fhir d’ár mhair riamh. Níor mheasas go raibh an fear san beó ar an saoghal so d’ fhéadfadh cur ’na choinnibh! Is beag má chuir aon rud riamh oiread iongnadh orm agus a chuir an freagra úd a thugais ar an mbaintrigh. Má dhéineas dícheal riamh do dhéineas an uair sin é, chun tusa chur i dtreó ná féadfá tarang siar. Do bhuadhais orm d’ aimhdheóin mo dhíchil. An bhean is fearr i n-Éirinn chuiris ód’ chroídhe í agus a grádh greamuighthe ionat! Chuiris ó d’ chroídhe í agus a croídhe d’á raobadh le grádh dhuit! Ní fheadar an duine daona i n-aon chor thú! Ba chuma leat dá gcurthá sa n-uaigh í! Cad é an díobháil dom ach an chúis. Do chroídhe féin agus a croídhe sin do stracadh ó n-a chéile – ar son an –”

“Críochnuigh é!” arsa Séadna.

“Ar son an t-É atá thuas!” arsa ’n Fear Dubh. “‘Slánuightheoir’ a thugan sibh air. Siné an gníomh a thug an lámh uachtair duit orm-sa. Siné an gníomh le n-ar bhrúighis agus le n-ar mhillis mé, agus ní h-é do chuid déarca gan áird gan tairbhe.”

“Tá a lán cainte déanta agat,” arsa Séadna, “ach sa chaint go léir ní’l innste agat ach taobh de’n sgéal. Is fíor dhuit go gcuirean grádh agus caradas agus muíntearthas agus ionmhuine a lán daoine ar a n-aimhleas. Ach nach mór an iongnadh ná feicean tú go gcuirid na neithe céadna san a lán daoine ar a leas leis? Déanfaidh duine rud ar a charaid ná déanfadh sé choídhche uaidh féin. Agus déanfaidh duine a leas go minic, ar chómhairle mhaith ó chara dhílis chiallmhar, an uair, b’ fhéidir, gur b’ é a aimhleas a dhéanfadh sé dá mba ná béadh an cara san aige chun na cómhairle sin a [281]thabhairt dó sa n-am chóir. ‘Má ’s grádh do mhnaoi,’ arsa tusa, ‘a bhéidh ag seóladh an duine ar a aimhleas, sin deire le cosaint ag an nduine air féin.’ Tá go maith. Ach cuir i gcás gur bean fhóghanta chiallmhar an bhean, bean a bhreithneóchaidh ’na h-aigne go géar agus go cruinn na neithe a bhéadh aimhleasta do’n fhear san, agus a dhéanfaidh a dícheal ar é mhealladh uatha, bean a bhéidh coitchianta ag guidhe chun Dé ar son an fhir sin, ’ghá iaraidh ar Dhia é chur bun os cionn le gach droch nídh agus a aigne do spriocadh chun an ruda a dhéanfaidh tairbhe anama agus chuirp dó, bean a dhéanfaidh úsáid de’n ghrádh atá ag an bhfear san di chun a chur fhiachaibh air an droch nídh a thaithnean leis féin do sheachnadh agus an rud fóghanta a thaithnean léi-se do dhéanamh, nach dóich leat gur maith an congnamh, i dteannta grásta Dé, an bhean san chun an fhir sin do chur ar a leas agus chun é choimeád ó n-a aimhleas? Dar leat-sa ní’l ach ciall chun duine a chur ar a leas, nó mí-chiall chun é chur ar a aimhleas. Dhéinis féin aimhleas botúnta dhuit féin aon uair amháin. Ba mhór í do chiall an uair sin. Ach measaim go raibh breall ar do chiall! Is maith an rud ciall gan amhras. Ach tá neithe is fearr go mór ’ná í. Is minic a dhéinean grádh agus muíntearthas agus caradas agus ionmhuine tairbhe do theipfeadh ar chiall an domhain. Tá rud nach iad san go léir is fearr ’ná iad agus ’ná pé ciall a bhéadh ag dul leó. Ní fheadar an bhfuil aon eólus agat-sa ar an rud san. Isé rud é ’ná umhluigheacht. Tá a fhios agam go maith ná taithnean an rud san leat-sa. Nuair a bhís ag breithniughadh ar na neithibh is fearr chun duine chur ar a aimhleas is mairg dhuit nár dhéin machtnamh beag ar an nídh is fearr a choisgean aimhleas. An áit ’na mbíon an umhluigheacht bíon grásta Dé ann. Is treise go mór grásta Dé [282]chun an duine chur ar a leas ’ná na neithe úd go léir d’áirighis-se chun an duine chur ar a aimhleas. Ní h-é an gníomh úd a dhéineas-sa do mhill thú. Níor chóir puínn de bhuidhchas an ghnímh sin a bheith orm-sa. Dhéineas an gníomh mar ní raibh leigheas agam air. Feabhas na mná fé ndear é. Ní fhéadfainn a leithéid d’éagcóir a dhéanamh ar a leithéid de mhnaoi. D’á olcas mé ní ’lim chómh h-olc leat-sa fós. Dá gcurthá bean ná béadh chómh maith léi am’ threó cá bh’ fios ná go n-éireóch’ an cluiche leat níos fearr. ’Neósfad-sa dhuit cad a mhill thú. Do sháruigh an t-olc ar an olc agat. Do bhuaidh droch thaobh de d’ ghnó ar an ndroch thaobh eile dhé. ‘Ruith mhadra an dá cháis’, isé a bhí ort. ‘Ní thagan an dá thráigh leis an ngobadán.’ Dá bpósainn an uair úd í conus bhéadh an sgéal anois aici, agus agá clainn, dá mbéidís ann!”

“Agus nach shiné díreach a bhí uaim!” arsa ’n Fear Dubh. “Bhís i ngrádh léi chómh mór agus a bhí aon fhear riamh i ngrádh le mnaoi. Ní fheaca riamh aon bheirt chómh dlúithte i n-a chéile, chómh mór cion ar a chéile, chómh mór uraim d’á chéile. Cé mheasfadh go bhféadfá í chur ó d’ chroídhe! Cé mheasfadh go bhféadfadh sise bheith sgartha leat-sa agus bheith beó! Admhuighim gur bhuaidh an méid sin orm.”

“Chuireas ó m’ chroídhe í ar son an tSlánuightheóra,” arsa Séadna. “Ní fhéadfainn a leithéid d’ éagcóir a dhéanamh ar a leithéid de mhnaoi. Siné an sgeul go léir agat. Má ’s tú chuir am’ threó í is tú féin a mhill thú féin. Dúbhraís gur theip ort filleadh ná feacadh bhaint aisti riamh. Níor mhaith an chiall duit tabhairt fúithi sa ghnó so. Ba chóir go raibh sean aithne agat uirthi. Cheapais greim fhághail ar bheirt againn agus is amhlaidh atá greim daingean ort féin anois.”

[283]“Tá an éagcóir agat,” arsa ’n Fear Dubh. “Ní h-í fé ndear an cluiche ghabháil am’ choinnibh ach tusa. Phósfadh sí thú láithreach dá n-iarthá uirthi thú phósadh. Cad é sin agam dh’á rádh! Ní raibh ort é iaraidh uirthi. Bhí sí féin chómh mór san as a meabhair le grádh dhuit gur dhéin sí rud nár mheasas fhéadfadh sí a dhéanamh pé cor a bhéarfadh í. D’iar sí ort í phósadh – agus d’ eitís í! Greadadh chúgat, cad é mar shaghas fir tú! Do ghníomh-sa isé mhill mé. Uaisleacht an ghnímh sin isé mhill mé. An bhean san do chur ó d’ chroídhe, mar a dhéinis, níos túisge ’ná a dhéanfá an éagcóir. Ní fheadar an bhfuil fear eile beó d’ fhéadfadh a leithéid do dhéanamh. Siné mhill mé. Siné chuir tusa ansan agus mise anso.”

“Do thárla maith go leór,” arsa Séadna, “tusa ansan agus mise anso. Ní’l aon locht agam-sa ar an ordughadh san, pé duine fé ndear é.”

“Ní mar sin dómh-sa san,” arsa ’n Fear Dubh.

“‘Moladh gach aoinne an t-ádh mar a gheabhaidh,’” arsa Séadna.

“Seo! seo! leig uait mé!” arsa ’n Fear Dubh. “Tá an mí-fhortiún ar an áit seo le nímhneacht. Ní bhfuaras a leithéid de bheiriughadh le fada. Sgeimhle ort! leig uait mé! Cad dob’ áil leat anso dhíom!”

“Go réidh! go réidh!” arsa Séadna. “B’ fhéidir gur fada go mbéidhmís ar aghaidh a chéile mar seo airís agus tá rud beag eile ag déanamh mearbhaill dom. Táim ag éisteacht le d’ chaint ansan le tamall maith. Is cruinn an tuairisg atá fághalta agam uait ar a bhfuil de cheilg agus de chalaois agus de chleasaibh agus de chamastuíol imeartha agat orm féin le trí bliaghna déag. Ní raibh sa chleasaidheacht san go léir, ámhthach, ach an rud ba cheart d’ aoinne a cheapadh bhéadh aige le [284]fághail uaitse. Ach an bheart a dhéinis ar an óig-mhnaoi sin thiar, gan chúis gan adhbhar, gan ghádh gan riachtanas, gan í ’ghá thuilleamh uait ar aon tsaghas cuma d’ár dhealbhuigh Dia (moladh go deo leis!) is dóich liom gur b’ í sin beart is gráinneamhla d’á bhfeacaidh aoinne riamh déanta ag duine ná ag diabhal! Ní féidir an bheart san do shárughadh i bhfeall ná i spriúnlaitheacht ná i n-olcas. Is í beart is caillte í, agus is mailísíghe, is dóich liom, d’ár déineadh riamh. Faire fút! Ó, faire fút, a rud ghránda! Agus tú féin, ní h-amháin ag admháil an ghnímh, ach ag maoidheamh as! Níor mheasas go raibh do leithéid thíos i n-iachtar ifrinn féin. Gráin ort! Ó, gráin mo sgart ort! Agus feuch. Deirtear go rabhais-se lá ar an aingeal dob’ áilne agus ba ghile agus dob’ uaisle agus dob’ aoirde cáil d’á raibh i n-uachtar na bhFlathas thuas! ‘Moladh le Rígh na naomh! is mór ’dir indé agus indiu’ agat. Dob’ fhada síos an tuitim agat é. Ní foláir nó is beag d’á choinne a bhí agat tamall go mbéarfadh sé ad’ bheathaigh ort tú bheith ceangailte sa chathaoir shúgáin sin agam-sa!”

“Ní h-é sin atá ag déanamh mearbhaill duit,” arsa ’n Fear Dubh.

“Táim ag teacht chuige,” arsa Séadna. “Is mór de dhuagh an oilc atá agat d’á fhághail. Is dóich liom gur mó a gheibhean tú de dhuagh an oilc ’ná mar a fuair aoinne riamh de dhuagh maitheasa. Agus gan agat de bhárr do shaothair ach an t-olc. Is mór é t’ eólus. Is mór í do chiall. Is ciall cheannaigh agat í, nó an chuid is mó dhi. Tá inntleacht ghéar agat. Tá an aigne go h-aibigh agat. Ní’l d’úsáid agat d’á dhéanamh des na tréithibh maithe san ach bheith ag saothrughadh an oilc leó. Ní’l de thoradh ar do shaothar ach an t-olc. Is bocht an [285]sgéal agat é. Ná béadh sé chómh saoráideach agat an saothar san go léir, agus an t-eólus, agus an inntleacht, agus an ghéar-chúis, agus an chiall, má ’s ciall cheannaigh féin í, do chur chun tairbhe éigin do shaothrughadh? B’ fhéidir, luath nó mall, go mbéadh rud éigin i n-éaghmuis an oilc de bhárr do shaothair agat.”

D’fheuch an Fear Dubh ins na súilibh ar Shéadna agus mheas Séadna ná feacaidh sé riamh feuchaint chómh diablaídhe.

“Feuch, a Shéadna,” ar seisean, “níor labhair aoinne riamh fós ar an gcuma san liom. B’ fhéidir dá labhradh na béadh an sgéal indiu agam mar atá. Ní cuid ba lúgha ’ná a fhonn a bhéadh orm do chómhairle ghlacadh agus rud a dhéanamh ort feasda. B’ fhéidir gur bh’ fhearr déanaighe ’ná ró dhéanaighe. Ach cad dob’ áil leat anso dhíom anois? An airighean tú leat mé? Leig uait mé agus bíodh trí bliaghna déag eile agat!”

“Seadh go díreach!” arsa Séadna. “Agus ansan má théidhim ar aonach nó ar margadh ag ceannach bó nó capaill tiocfair-se ad’ fhear méaracán agus tabharfair ‘gréasaidhe beag buídhe na mealbhóige’ orm os comhair na ndaoine, agus béidh tú ag faire orm, a gan fhios dom, do ló agus d’ oídhche, feuchaint cathain a dhéanfainn dearmhad. Ní beag liom de’n tsórd san margaidh.”

“Cuirimís sa mhargadh gan mé theacht ad’ ghoire i n-aon chor i gcaitheamh na h-aimsire,” arsa ’n Fear Dubh.

“Ná aoinne uait,” arsa Séadna.

“Ná aoinne uaim,” arsa ’n Fear Dubh.

“Agus neart a bheith dhom ar aon úsáid is maith liom a dhéanamh de’n airgead,” arsa Séadna.

“Déin do rogha úsáid de,” arsa ’n Fear Dubh. [286]“Ceannaigh a bhfuil de bhuaibh agus de chapaillibh ar aontaíbh na h-Éirean leis má ’s maith leat é.”

“Agus mise do chur brígh na mionn ort-sa fé mar a chuiris- se orm-sa,” arsa Séadna.

“Táim sásta,” arsa ’n Fear Dubh.

“Abair ‘Bíodh ’na mhargadh!’” arsa Séadna.

“Bíodh ’na mhargadh!” arsa ’n Fear Dubh.

“Fe bhrígh na mionn!” arsa Séadna.

“Fé bhrígh na mionn!” arsa ’n Fear Dubh.

A dhaoine mh’ áran agus mh’ anama! Ní túisge bhí an focal san as a bheul ag an bhFear nDubh ’ná bhí sé ’na shuídhe as an gcathaoir agus a dhá láimh sínte amach aige chun beirthe ar Shéadna!

“A phreabaire,” ar seisean, “dúbhart ná tiocfainn ach ní dúbhart go n-imtheóchainn!”

Ba mhaith an mhaise ag Séadna é, do tharaing sé an lámh dheas amach as a bhrollach agus an tseóid aige inti, agus d’árduigh sé an lámh i gcoinnibh a namhad.

“Fíoghar na Croise Céasda idir mé agus tú!” ar seisean agus dhéin sé Fíoghar na Croise leis an láimh agus an tseoid inti.

Nuair a chonaic an Fear Dubh an lámh do tharaing sé siar beagán. Nuair a dúbhairt Séadna na focail bheannuighthe, le linn Fíoghair na Croise a dhéanamh dó, las an solus sa liarthóid chómh láidir sin go raibh sé ag taitneamh tríd an láimh amach, i dtreó go raibh radharc ar na cnámhaibh agus ar na féitheachaibh. Le linn na bhfocal a chríochnughadh do Shéadna do dhéin liarthóid teine de’n Fhear Dhubh os cionn na cathaoireach. Ansan do tháinig mar bhéadh soc caol thíos ar an liarthóid teine agus do ghluais sí síos tríd an gcathaoir, ’na slabhra teine, agus síos tríd an dtalamh, sa n-áit díreach ’na raibh an sgilling.

[287]An fhaid a bhí an slabhra teine ag sleamhnughadh síos tríd an dtalamh do mhothuigh Séadna mar a bhéadh fionachrith ’na chroicean agus mar a bhéadh luasgadh fola ’na bhallaibh beatha agus ’na cholainn agus suas ’na cheann.

“Moladh le Rígh na naomh!” ar seisean.

Bhí a cheann i rachtaibh sgolta le teinneas. Do bhailigh sé leis, chómh maith agus d’ fhéad sé é, go dtí an áit ’na raibh a leabaidh, agus shín sé inti. Bhí sé gan aithne gan úrlabhra láithreach.