Séadna/31

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
Séadna by Peadar Ua Laoghaire
Caibidiol 31
[ 260 ]
CAIBIDIOL A H-AON A’S TRÍOCHAD.

D’fheuch an bheirt ar a chéile. Níor ró chneasda an fheuchaint í ag aon taobh acu. Mhothuigh Séadna an sgannradh ag teacht air féin, díreach mar a tháinig sé air an chéad lá. Do rug sé greim daingean ar an seóid a bhí istigh ’na bhrollach aige. D’imthigh an sgannradh dhe. D’fheuch sé go cruinn ar a namhaid. Chonaic sé na h-adharca agus an t-éadan droch aigeanta, agus na súile millteacha, fíochmhara, agus an meigiol, agus an t-eirball, agus an chrúb. Ach do chonaic sé rud ná feacaidh sé an chéad lá. Chonaic sé ar mhéireanaibh na lámh ingne móra fada cama, mar a bhéadh ar chrobh fiolair. Agus bhí bior ar gach iongain díobh chómh caol chómh géar agus bhí ar an meanuith a bhí ’na láimh aige. Ba dhóbair airís cailleamhaint ar a mhisneach nuair a thuig sé i n’ aigne cad é an cor a bhéadh air dá dtéidheadh na h-ingne sin ’na chroicean! D’fháisg sé a lámh airís ar an seóid a bhí ’na bhrollach aige agus d’imthigh an sgannradh san leis. Thug an Fear Dubh fé ndeara conus mar a imthigheadh an sgannradh de Shéadna ach níor thuig sé é. Bhí iongnadh air cad a bhaineadh an t-anaithe de Shéadna, nó cad a thugadh an misneach dó, nó cad é an chúis ná féadadh sé féin greim a bhreith láithreach air.

“Cad ’na thaobh ná fuilir ag gluaiseacht liom?” ar seisean, fé dheire. “Nach cuimhin leat an margadh?”

“Is cuimhin liom an margadh go dian mhaith,” arsa Séadna, “ach ní dóich liom gur cuimhin leatsa é.” Agus is amhlaidh a cheap sé, fé mar a cheap sé ar an [ 261 ]gcnuc agus é ag caint leis an mnaoi, nár bh’ é a ghlór féin a bhí ag teacht as a chliabh.

“Nár bh’ é an margadh,” arsa ’n Fear Dubh, “mise do thabhairt oiread airgid duit-se agus a cheannóch’ leathar duit ar feadh trí mbliaghan ndéag, agus tusa do theacht liom nuair a bhéadh an méid sin aimsire caithte?”

“B’shiné an margadh,” arsa Séadna.

“Cad ’na thaobh ná gluaisean tú ort má ’seadh?” ar seisean.

“Mar ní’l an aimsir caithte,” arsa Séadna.

“Ní’l an aimsir caithte, an eadh!” arsa ’n Fear Dubh. “Tá trí bliaghna déag anois díreach ó chuireas mo sparán ad’ láimh isteach chúgat.”

“B’ fhéidir go bhfuil,” arsa Séadna, “ach ní’l an sparán trí bliaghna déag am’ sheilbh-se fós.”

“Conus san?” arsa ’n Fear Dubh.

“Mar do tógadh uaim ar feadh tamaill é,” arsa Séadna.

“Do tógadh uait é!” arsa ’n Fear Dubh. “Ní chreidfinn focal uait!”

“Ní chreidfeá! Má ’seadh cad ’na thaobh ná féadan tú baint liom?” arsa Séadna.

“Cé thóg uait é?” arsa ’n Fear Dubh.

“Tú féin, is dócha,” arsa Séadna.

“Ní mé!” arsa ’n Fear Dubh.

“Is dócha,” arsa Séadna, ag cur smuta gáire as, “gur dóigh leat gur ceart go gcreidfinn-se thusa.”

“Cathain a tógadh uait é?” arsa ’n Fear Dubh.

“Is dócha gur agat-sa is fearr atá a fhios san,” arsa Séadna. “Is ort a bhí gan a leigint d’aoinne é thógaint uaim.”

“Agus cheapas nár leigeas,” arsa ’n Fear Dubh. “Is mór an iongnadh liom a rádh gur fhéad aoinne é [ 262 ]bhreith uait a gan fhios dom. Cathain a bhéidh an aimsir caithte?”

“Nuair a bhéidh na trí bliaghna déag caithte,” arsa Séadna, ag cur smuta eile gáire as.

“Is deisbhéalach atáir!” arsa ’n Fear Dubh, ag baint fásgadh as na h-ingnibh. “Ach fan leat go fóil. Bainfear cuid de’n deisbhéalaíghe dhíot ar ball, geallaim dhuit é.”

Bhí lámh Shéadna go daingean ar an seóid a bhí istigh ’na bhrollach aige. Do stad an bheirt ag feuchaint ar a chéile. Séadna ’na shuidhe ’na shuidhchán oibre. An bhróg ’na láimh chlé aige, anuas ar a leath-ghlúin. An lámh dheas istigh ’na bhrollach aige. An Fear Dubh ’na sheasamh ar a aghaidh amach. Iongnadh agus fearg agus miosgais agus mailís agus droch aigne ag brúth ar a chéile ’na bhéal agus ’na shúilibh agus thuas sa n-éadan mharbhthach aige.

“Dá gcaithinn fanmhaint anso go maidin,” ar seisean, “ní sgarfad anois leat!”

“Ach, ní gádh an fhearg,” arsa Séadna. “Glac réidh an sgéal. Is ró mhaith atá a fhios agat, nuair a thiocfaidh an t-am ná fuil aon dul uait agam. Dhéinis do mhargadh daingean a dhóithin, ‘fé bhrígh na mionn’! Thoiligheas-sa chuige gan aon ochó do chur ann. Tá a thoradh san agam anois. Ba mhaith é an t-airgead an uair sin, dar liom. Is beag an mhaith anois é. Ba bhreagh agus dob’ fhada an tréimhse aimsire trí bliaghna déag an uair sin, nuair a bhíodar rómham amach. Cad é an mhaith iad anois! Ach pé olc maith iad ní foláir iad do chríochnughadh go macánta dleaghthach. Ní raibh aon cheart agat teacht go dtí go mbéidís críochnuighthe. Ní ’lid siad críochnuighthe fós agus ní mór dómh-sa dícheal a dhéanamh ar an mbróig seo do chríochnughadh má fhéadaim [ 263 ]é. Imthigh uaim suas agus suigh sa chathaoir sin thuas agus leig dom mo ghnó a dhéanamh.”

“Is tú an fear is éagsamhlaíghe d’ár bhuail riamh fós umam!” arsa ’n Fear Dubh. “Ní’l de sgáth ’ná d’eagla agat rómham ach oiread agus bhéadh agat roimhe choileán gadhair!”

“Go deimhin is greannmhar san dé,” arsa Séadna, ag cur sgearta gáire as. “Is dóich leat ó ’tá adharca agus ingne ort gur ceart dúinn dul i bpoll tráthair uait. Má ’sé do mhargadh atá uait cómhlíon do thaobh féin de, a dhuine! Is liom-sa an aimsir fós. Oirean dom an bhróg so do chríochnughadh. Taoí-se a’m chosg air. Tá an margadh agat d’á bhriseadh anois féin. Do chaillis an méid aimsire a bhí an sparán as mo sheilbh. An uile neómat atá agat d’á chaitheamh ansan, ag tabhairt gach re seadh dhom, tá sé ag dul síos ad’ choinnibh sa chómhaireamh. Bhrisis an margadh nuair a tháinís anso a’m éileamh agus gan aon cheart agat chúgam go dtí go mbéadh an t-am ann. Dhéinis dearmhad sa méid sin. Ní’l aon dearmhad anois ort. Tá a fhios agat go maith ná fuil an t-am ann fós agus go bhfuil an margadh agat d’á bhriseadh. Imthigh ansan suas agus suigh sa chathaoir sin thuas agus ná labhair liom airís go dtigidh an t-am ceart, nó béidh an margadh sgurtha agat féin agus mise réidh leat, agus geallaim dhuit nach orm-sa bhéidh puínn d’á chathughadh. Feuch! Siné an sparán. Siní an bhróg. Siné an leathar. Is liom-sa an aimsir fós. Cad dob’ áil leat ad’ sheasamh ansan a’m chosg ar mo ghnó! Imthigh suas agus suigh, nó tá an margadh sgaoilte agus mé sgartha leat.”

Do thosnuigh bárr an eirbaill ar shnap-chasadh, díreach mar dhéanfadh eirball an chait nuair ba dhóich leis go mbéadh an franncach chuige amach as an bpoll. [ 264 ]“An imtheóchair!” arsa Séadna, agus faobhar ar a ghlór, agus do bhog sé chun eirighthe, mar ’dh eadh.

Níor dhéin an Fear Dubh ach iompáil agus imtheacht suas agus suidhe sa chathaoir, fé mar a dúbhradh leis. Chrom Séadna ar obair. Bhí an Fear Dubh ’na shuidhe sa chathaoir agus a dhrom le Séadna. Bhí an t-eirball siar tríd an gcathaoir agus anuas ar an dtalamh, agus bhí radharc ag Séadna ar an iongain. I gceann tamaill, strac-fheuchaint d’á dtug Séadna thairis, thug sé fé ndeara an ionga agus í ag síneadh agus ag crapadh agus ag preabarnaigh, mar bhéadh eascú a bhéadh ar lic theith. Chomáin Séadna leis ag obair chómh maith agus dá mba ná béadh sa tigh ach é féin. Níor bh’fhada gur airigh sé únfairt éigin ar siúbhal sa chathaoir. Thóg sé a cheann agus d’fheuch sé suas. Bhí an Fear Dubh thuas agus é ’ghá únfairt féin agus ’ghá chasadh féin, fé mar a bhéadh sé a d’ iaraidh éirighthe agus ná féadfadh sé é. Phreab Séadna ’na shuidhe agus siúd suas é. Sheasaimh sé ar aghaidh an Fhir Dhuibh amach ag feuchaint air. Bhí an Fear Dubh i gcruadh-chás. Bhí a bheul ar leathadh agus mar bhéadh runaí leis. Bhí an corán agus an meigiol ar crith agus ar luasgadh. Bhí an dá adhairc ar bogadh agus iad ag tuitim anonn ’s anall ar a cheann. Bhí an dá láimh go daingean aige i nglúinibh na cathaoireach, agus na h-ingne ag dul isteach tríd an adhmad, agus é ag únfairt agus ag cneadaigh. Bhí an t-eirball siar síos uaidh, sínte amach agus anuas ar an dtalamh, agus an ionga ag déanamh díoscáin ar an úrlár.

“Seadh, a phreabaire!” arsa Séadna. “Ní deirim ná go bhfuil greim agam ort!”

“Ó! a Shéadna, tá go daingean!” ar seisean. “Ó!” ar seisean, “bog díom go dtí go mbéidh an t-am ceart ann!” [ 265 ]“Foidhne, foidhne!” arsa Séadna. “Ní’l aon nídh is fearr ’ná an fhoidhne. ‘Buadhan an fhoidhne ar an gcinneamhaint.’”

“Ó!” arsa ’n Fear Dubh, agus é ag únfairt agus ag cneadaigh, “buadhan an chinneamhaint seo ar ar deineadh d’fhoidhne riamh. Sáruighean an chinneamhaint seo an sean-fhocal. Leig uait mé, a Shéadna, agus ní thiocfad go dtí go mbéidh an t-am ann.”

“Seadh, agus tiocfair ansan!” arsa Séadna. “Ní’l aon dithneas mar sin orm-sa. Ní beag liom a luathacht d’imtheóchair. An aimsir a chaithfir-se ansan sa chathaoir dheas shúgáin sin, ní’l sí le dul sa chómhaireamh eadrainn. Pé easnamh atá ar na trí bliaghna deug ní raghaidh an t-easnamh i luíghead go dtí go bhfágfair-se an áit sin. Dá mba mhaith liom-sa thú a choimeád ansan choídhche ní thiocfadh deire na h-aimsire choídhche.”

“Is beag d’á mhearbhall ort,” arsa’n Fear Dubh, “dá dtoilightheá chuige sin go mbéadh an margadh briste agat láithreach agus an greim céadna agam-sa ort-sa atá agat-sa orm-sa anois.”

“Ní gádh dhom toiliughadh chuige, agus mar sin féin ní gádh dhom iomad dithnis a bheith orm ad’ leigint chun siúbhail. Dá mba agat-sa bhéadh an lámh uachtair agus neart agat ar na h-ingnibh sin d’ imirt orm bhogfá dhíom! Bhogfá go díreach!” arsa Séadna, agus do tharaing sé chuige cathaoir agus shuigh sé inti, ar aghaidh an Fhir Dhuibh amach.

“An fada a choimeádfair anso mé?” arsa ’n Fear Dubh, agus é, ba dhóich leat, i ndeire an anama.

“Freagair-se cúpla ceist dómh-sa ar dtúis,” arsa Séadna, go breagh réidh.

“Cuir chúgam iad! Cuir chúgam iad!” arsa ’n Fear Dubh. [ 266 ]“Cad d’imthigh ar fhear na méaracán?” arsa Séadna.

“Tá sé anso ceangailte agat go daingean.”

“Tusa!” arsa Séadna.

“Mise go díreach, thar a bhfeacaís riamh,” arsa ’n Fear Dubh.

“Agus cad a bhí agat d’á dhéanamh ar an aonach?” arsa Séadna.

“Bhí a lán agam ’á dhéanamh ann. Aon nídh amháin, bhíos ag faire ort-sa feuchaint an gceannóchá an capall úd. Dá gceannuightheá bhí an margadh briste agat agus greim agam ort.”

“Agus bhogfá dhíom!” arsa Séadna.

“Am briathar ná bogfainn!” arsa ’n Fear Dubh.

“Ní lúgha ’ná a bhogfadsa dhíot-sa —— go ceann tamaill. I gcás go bhfuil sé chómh maith agat do shuaimhneas a cheapadh agus foidhne bheith agat. Tá an lámh uachtair agam ort agus cuirfead mo thoil i bhfeidhm ort an fhaid atá an chaoi agam air. An rud a dhéanfá-sa orm-sa dá mbéadh an chaoi agat air. B’fhéidir go mbéadh truagh agam duit dá mbéadh aon mhaith dhom ann, ach ní bhéadh. Dá dtugainn-se bogadh ar do phian-sa anois dhíolfá-sa an cómhar liom ar ball le géire do chur ar mo phian-sa chómh fada agus d’fhéadfadh do dhícheal é. Tá sé chómh maith againn bheith macánta díreach i n-ár ndeighleáil le n-a chéile. Déanfad-sa mo dhícheal d’olc ort-sa anois agus déin-se do dhícheal d’olc orm-sa ar ball, nó chómh luath agus bhéidh an chaoi agat air. Is aon nídh amháin dom olc nó maith do dhéanamh ort anois, i dtaobh a mbéadh d’á bhárr agam ar ball. Pé maith a déanfaí dhuit ní bhfaghfaí uait d’á bhárr ach an t-olc. Dhéin do chuid airgid maitheas mór dómh-sa le trí bliaghna déag. Is dóich liom gur thugas raint de d’ dhlígh féin duit sa deighleáil. Ní deirim ’ná gur dhéineas mórán uilc ort [ 267 ]seadna 267 le trí bliaġna déag, mar dioluiġeaċt as tairbe do cod' airgid. Conus a taičin leat ar déineas de mait- eas le d'ċuid airgid? Tugas gaot do'n sparán, nár tugas? ar táinig leat-sa puínn deʼn tairbe do lot ? Is eól duit Cé ar a son gur tugas uaim do ćuid air- gid. Cad é do meas ar an sgéal ? ” Do sgeart an Fear Dub ar ġáirí, d’á méid teinneas a bí air. Airiú, Greadad cúgat, a amadáin," ar seisean, do čaičin do gnó go h-áluinn liom. Mise 'gá lot! Dar fiad níor jád dom aon pioc d'a duaġ fáġail. Ní féadfainn, agus mo míle díčeal a déanami, lot a déanaṁ ar do ĉuid maiteasa níos fearr ’ná an lot a déinis féin air, a duine gan ciall! Do loitis féin é agus is tú b’ fearr cuige. ‘Tairbe,' a tugan tú ar do saočar! Airiú, a brealláin, ní tairbe a bí agat d'á déanain formór na h-aimsire, ač togad díobála. Isé mo gnó-sa féin a bí agat d’á déanam agus ba ró mait čuige tú, agus, go deimin agus go dearbta, is mise bi go buideac diot ! Is fearr go mór a déinis mo gnó-sa ná mar féadfainn-re féin é déanam. Dém é níos deise agus níos slačtmaire agus níor críoćnuigte 'ná mar féadfað mo díceal-sa é déanam. Ní féadfainn-se, agus mo díčeal a déanam, oiread tairbe do lot agus 'tá loitite agat-sa, na oiread díobála déanam agus tá déanta agat le m' cuid sirgid. Is minic a čuireas raint airgid go mait, agus is 'mó toirmeasg agus aimleas agus aċran agus mios- gais agus fuil a táinig as, ać ní deirim ná go bfuil an méid airgid a čugas duit-se ar an airgead is fearr a ćuirear riam.” Do stad Séadna, agus ní misde duit a rád go raib iongnad air. [ 268 ]a tours lest month the screwed up hus sowith in derision") in wank of it 268 seadna "" Conus pan anois ? ar seiscan, nó an amtard a measfá a čur 'na luiġe orm gur droć nið déirc ? "Ni droč nid déirc,” arsa 'n Fear Dub, Ní ać níor déirc duit-se airgead nár leat do tabairt do daoiniB ná raiß puínn gáð acu leis——’gá gcur a’d molad os čómair na dúite——' Ó, aililliú! Iać mait an fear Séadna! Nač reóig a üfuil de tairbe aige d'á déanam ! ' "⁹ Agus čuir sé meidl air féin čun magaid, d'á méid trioblóid agus teinneas a bí air. "Ni čuige sin a tugas uaim an t-airgead, Seadna. 66 "" arra "Cá b' Fior dóm-sa san?" apsa 'n Fear Dub. fios Fuarais do molad go n-árd pé i n-Éirinn é. Agus Bi tot eite sa sgéal. Is mó go mór an díobáil 'ná an tairbe déin an t-airgead do cuid acu, dá mba 'na ġátar go cruaid féin dỏib é. Tá cuid acu lastios anois agam go daingean agus ní h-ann a béidís mura mbéad tusa čabairt mo čod' airgid dóib. Då leig- teá dõib bás d'fágail do 'n gorta is tuas a béidis anois. Tugais déirc dóib, dar leat, mar ole orm-sa. Fan go dtéidmíd síos agus go bfeicir iad. Ansan iseað tuigfir tairbe do faočair agus cé air gur déinis an t-olc. Ansan isead cídfir cad é an buidčas atá acu opt. Moladar tú nuair a tugais an t-airgead dóib. Geabairt a malairt sin de molad uata nuair a ražair síos ar ball i n-aonfeačt liom-sa.” 66 mearam," apsa Séadna, gur mait é do cong- nam-pa čun a čúr fiačaib orta a n-aimleas do baint as an airgead. Ní déanfad an t-airgead díobáil dóiB mura mibéad tusa beič ag séidead fúta." "Da garrid le dul mo díčeal orta mura mbéad tura do tabairt an airgid dóib,” arpa 'n Fear Dud. Do stad Séadna tamall ag feučaint air. [ 269 ]SEADNA 269 “Fiafruighim an méid seo dhíot,” ar seisean. “Cad é an bac a bhí ort féin an t-airgead do thabhairt dóibh? Cad ba ghádh dhuit bheith ag feitheamh liom-sa chun é a thabhairt dóibh? Nó an ar mhaithe leó nár thugais dóibh é? Choimeádais uatha é, is dócha, le h-eagla go ndéanfadh sé díobháil anama dhóibh! Ní h-í sin tásg atá amuich ort. B’fhéidir go bhfuil éagcóir d’á dhéanamh ort.”

“Cuir uait an magadh!” arsa an Fear Dubh. “Ní h-ar mhaithe leó nár thugas féin dóibh é. Ní’l aon tásg amuich orm ach an fhírinne. Níor thugas féin dóibh é mar ní ghlacfaidís uaim é, d’á mhéid dúil a bhí acu ann agus d’á mhéid gádh a bhí acu leis. Ní h-é gach aoinne dhéanfadh an margadh liom a dhéinis-se liom.”

“Is dócha nach é gach aoinne a thiocfadh as mar atá tagaithe as agam-sa,” arsa Séadna.

“Seachain!” arsa’n Fear Dubh. “Ní’l tagaithe as agat fós.”

“Fágaimís sin mar atá sé go fóil,” arsa Séadna. “Glacaimís an gnó i ndiaigh chéile. Socaruighmís gach ní fé leith. Dar leat-sa, is mó an díobháil ’ná an tairbhe a dhéineas nuair a thugas uaim an t-airgead ’na dhéirc. Is dócha gur cuimhin leat an chéad dhéirc a thugas uaim as an sparán. Is cuimhin leat an bhaintreach gur thugas an cíos di i dtreó ná curfaí a’ seilbh an tíghe bhig í. Ba mhaith liom go ’neosfá dhom cad é an díobháil áirighthe a dhéineas do’n bhaintrigh nuair a thugas an cíos san di.”

“Is dóich leat,” arsa ’n Fear Dubh, “gur dheinis ana ghníomh an lá san. B’ fhéidir go gcuirfead iongnadh ort nuair a déarfad leat gur choisgis gníomh an lá san dob’ fhearr go mór agus dob’ uaisle ’ná an gníomh a dhéinis.”

“Cad é an gníomh uasal a choisgeas an lá san? [ 270 ]270 sé adna Cuir a ainım airi. Ní déanfaid caint fánaċ deʼn tsórd ran an gnó. Då leiginn leat-sa caint fánač a déanam ar an gcuma san ní fios cá stadfaimís, agus čurfá an dud 'na ġeal orm agus an geal 'na duð. Sini do ćeard. Cait uait an ceard san anoir agus labair cpuinn. Cuir a ainim agus a floinne ar an ngniom uasal a ĉoisgeas an lá tugas an cíos do'n baintrig amać as do sparán." DA “Labarfad cruinn, ná bíod eagal ort,” arsa ʼn Fear Dub. “Dá gcurtí an baintreač amač an lá úd ċuirfead sí a toil le toil Dé, mar a déinean sí i gcóm- nuide, an snamaire! B' uaisle an gníom é sin ’ná an gníom a déinis-se nuair a tugais an cíos di, rud nár luíġeaduiġ tú féin blúire ar doman. An dtuigean tú an méid sin ? nó an gad dom labairt nios "" cruinne ? (6 "" arsa. Tá go breaġ!' Séadna. Ta go n- Aluinn !” ar reisean, go n-áluinn ar fad! 1r doča,” ar seisean, gup o' uaisle 'nå aon taob acu an gníom a béad déanta ag an mbáille dá gcuiread sé amač i.” Conus san?" arsa 'n Fear Dub, agus čuir sé bior ar a dá súil. Seadna. De 'dó feuč anoir nač dall ataoi!” arra Čuirfeað sí a toil le toil Vé. Ač nac é an báille a čuirfead fiačaid uirči san do déanam ? Nuair a curtar baintreać amać agus nuair a curtar í féin agus a páistí bočta le fuaċt agus le fán, má cuirean sí a toil le toil Dé is gníom uasal é. ni h-uipti féin, ámtač, is ceart a Buidčas do Beit ac ar an mbáille do čuip amač í. Mura mbéad an báitle ní déanfaí an gníom uapal. Ná tuigean tú ? " [ 271 ]seadna 271 O, so deimin is géar-ċúiseac an duine tú ! 'n Fear Dub. “Dá mbéad oiread agat d'á fulang agus atá agam-sa d’á fulang anso b’ féidir go mbain- fead sé cuid de'n géar-cúis díot!” TA leigear na baintrige agat 271 air,” ais," arsa Séadna. "" Cad é an leigeas é sin ? arsa 'n Fear Duð. "Do toil do čur le toil Dé, molad go deó leis !" arsa Séadna. "Ni čuirfinn dá dtugtí réim na BFlačas dom air ! arsa 'n Fear Dub. "O, an ead! roġa agat féin. gabáil d'á tóm ‘sa teine.' assa Séadna. Beata duine a sa loc,' nó Ambasa biod do toil, dá mba ag measar a ráð, Ač inis an méid seo dom. An amtaid a measfá a ráð, suas le m' beul, nár déineas olc ort le n-ar tugas de d' cuid airgid do Bočtaib De ? " Ní mór a déinis,” arsa 'n Fear Duð, agus ní fiú é tráċt air seaċas an t-olc a déinis orm le gniom uait féin nár bain leis an airgead 1 n-aon cor. ni cumin liom aon gníom a déineas dob' fears 'ná ar déineas de déirc leis an airgead," arsa Séadna. Cuireas-sa namaid ad' treó agus níor géillis di," arsa 'n Fear Dub. 99 namaid ! arsa Séadna. “Ní raid aon namard riam agam ač tú féin. Ní dóća go measfá go ngéill- finn duit-se an faid féadfainn an láṁ uačtair fágail. ort." 66 "Da suapaċ le råd mise mas namaid seačas í siúd,” arsa ʼn Fear Dub. [ 272 ]272 seadna Seacas i siúd!" arsa Séadna. ti cumın Liom a Leiteid. Cé r' d' í fém ? Cuir a h-ainim virti dom. Cruinnig do caint. Cuir uait an fánaideact.” "An Bean a déin cloc de d' croide agus ceó de d' ceann agus tulać ceardċan de t'aigne! An Bfuit san cruinn a dóitin duit ? ” apsa ʼn Fear Duð.

Caibidiol 31